- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín, an Bhruiséil, 29/06/2015, 29 Meitheamh 2015
Tionóladh an 17ú cruinniú mullaigh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an tSín ar an Luan an 29 Meitheamh sa Bhruiséil, inar comóradh 40 bliain de chaidreamh taidhleoireachta idir an tAontas Eorpach agus an tSín.
Rinne Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht ar an Aontas Eorpach.
Bhí an Príomh-Aire Li Keqiang i láthair thar ceann na Síne.
An caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch idir an tAontas agus an tSín
Chomhaontaigh na ceannairí clár oibre straitéiseach 2020 idir an Aontas Eorpach agus an tSín a athneartú ag an gcruinniú mullaigh a bhí i mBéising in 2013 inar díríodh ar an méid a leanas:
- síocháin agus slándáil
- rathúnas
- forbairt inbhuanaithe
- idirphlé idirphearsanta
Bhí saincheisteanna a bhaineann leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht ar chlár oibre an chruinnithe mullaigh chomh maith, agus pléadh comhaontú maidir le tarscaoileadh víosa frithpháirteach a bhunú le haghaidh sealbhóirí pas taidhleoireachta.
Chomhaontaigh an tAontas agus an tSín comhaontú chun an comhar eatarthu maidir le cosaint agus le slándáil a fhorbairt tuilleadh. Leag siad béim freisin ar a dtiomantas i ndáil le hidirphlé faoi chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn.
Chuir an tUachtarán Tusk in iúl freisin go raibh an tAontas imníoch faoi shaoirse cainte agus faoi chomhlachas leis an tSín, lena n-áirítear cás na ndaoine ar de ghrúpaí mionlacha iad, amhail Tibéadaigh agus Uigiúraigh.
Dúshláin dhomhanda
Phléigh na ceannairí comhar iltaobhach maidir le saincheisteanna a bhaineann le trádáil, leis an aeráid agus le forbairt freisin. Tionóladh cruinniú mullaigh gnó idir an tAontas agus an tSín agus an cruinniú mullaigh ar siúl.
Caibidlíocht maidir leis an athrú aeráide
Phléigh an tAontas agus an tSín cur chun cinn an ísealcharbóin agus infheistíochtaí déthaobhacha agus idirnáisúnta a bheadh fabhrach don aeráid. Chomhaontaigh siad a ndícheall a dhéanamh margadh cothrom agus uaillmhianach a bhaint amach ag an gcomhdháil idirnáisiúnta faoin aeráid a bheidh ar siúl i bPáras i mí na Nollag 2015.
Saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus réigiúnach
Bhí an dul chun cinn a rinneadh le déanaí i gcomharsanacht an Aontais agus na Síne faoi seach ar an gclár oibre le linn an dinnéir, go háirithe cás na hÚcráine agus an cás san Áise Thoir Theas.
Ábhair eile a bhaineann leis an mbeartas eachtrach ar tugadh aghaidh orthu: An Libia, an tSiria, Éimin, an Iaráic agus an Iaráin.
Cúlra faisnéise
Féach freisin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025