- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo, an Bhruiséil, 12/06/2015, 12 Meitheamh 2015
Thionóil an tAontas agus Meicsiceo an 7ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo sa Bhruiséil an 12 Meitheamh 2015. Ba é seo an chéad chruinniú mullaigh déthaobhach a tionóladh ó 2012 i leith, agus ba é an chéad cheann a bhí faoi chathaoirleacht Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí.
Is é an tUachtarán Peña Nieto, atá i gceannas ó mhí na Nollag 2012 i leith, a rinne ionadaíocht thar ceann Mheicsiceo.
Shocraigh ceannairí an Aontais Eorpaigh agus Mheicsiceo comhpháirtíocht straitéiseach níos dlúithe agus níos láidre a chothú tríd an méid a leanas a dhéanamh:
- tús a chur leis an bpróiseas don chaibidlíocht leis an gcomhaontú domhanda idir an tAontas agus Meicsiceo a thabhairt chun dáta agus leis an gcomhpháirtíocht straitéiseach a neartú
- an t-idirphlé polaitiúil maidir le ceisteanna domhanda agus réigiúnacha a neartú, ar ceisteanna iad lena mbaineann leas comhchoiteann, amhail an t-athrú aeráide agus an comhshaol, clár oibre iar-2015 maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, oibríochtaí slándála agus síochánaíochta, fadhb na ndrugaí ar fud na cruinne agus an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe trasnáisiúnta, chomh maith leis an imirce
- Ráiteas comhpháirteach, 7ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus Meicsiceo, an 12 Meitheamh 2015
- Barúlacha ón Uachtarán Tusk ag an bpreasócáid don chruinniú mullaigh idir an tAontas agus -Meicsiceo, an 12 Meitheamh 2015
Ár gcomhpháirtíocht straitéiseach a neartú
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht ag an gcruinniú mullaigh le nuachóiriú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil déthaobhach idir an tAontas agus Meicsiceo agus le hathbhreithniú agus leathnú a dhéanamh ar na sásraí déthaobhacha nó ar an idirphlé déthaobhach atá ann cheana.
Phléigh na ceannairí an méid seo a leanas:
- Creat oiriúnaithe maidir le trádáil agus infheistíocht dhéthaobhach
- comhar déthaobhach sa réimse taighde agus san earnáil fuinnimh
- Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a bhunú chun go bhféadfaí dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht eagraithe ar bhealach níos fearr
- an fás eacnamaíoch, an fhostaíocht agus an óige
Saincheisteanna maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála
Roinn na ceannairí tuairimí faoin gcás sna tíortha comharsanachta faoi seach (an Úcráin, an tSiria; Cúba, Veiniséala, agus Meiriceá Láir), agus faoi rannpháirtíocht Mheicsiceo i bhfeachtais síochánaíochta na Náisiún Aontaithe.
Thapaigh siad an deis le plé a dhéanamh ar an imirce agus go háirithe ar oibríocht chabhlaigh de chuid an Aontais a bhunú chun cur isteach ar shamhail ghnó na smuigléirí ar dhaoine i réigiún na Meánmhara.
Phléigh siad freisin na dúshláin a bhaineann le cúrsaí slándála agus leis an smacht reachta i Meicsiceo, chomh maith leis an tsaincheist maidir le cearta an duine. Tacóidh an tAontas leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag rialtas Mheicsiceo le go n-áiritheofar slándáil a saoránach agus urraim do chearta an duine.
Ábhair dhomhanda
Cuireadh deis thráthúil ar fáil leis an gcruinniú mullaigh le plé a dhéanamh ar an athrú aeráide agus ar chlár oibre iar-2015 don fhorbairt. Tionólfar an cruinniú mullaigh sula mbeidh roinnt cruinnithe tábhachtacha idirnáisiúnta ar siúl, go háirithe cruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le forbairt inbhuanaithe i mí Mheán Fómhair agus comhdháil na Náisiún Aontaithe faoin aeráid a bheidh ar siúl i bPáras ag deireadh na bliana, a bhfuil a spriocanna uaillmhianacha tíolactha ag Meicsiceo agus ag an Aontas ina leith cheana.
Ó thaobh an chomhshaoil, is díol sásaimh don Aontas an Choinbhinsiún maidir leis an mbithéagsúlacht a bheidh ar siúl i mí na Nollaig 2016 agus atá á eagrú ag Meicsiceo.
Aithníodh freisin ag an gcruinniú a thábhachtaí agus atá beartais frithdhrugaí. D'athdhearbhaigh an tAontas agus Meicsiceo arís a thiomanta agus atá siad do chomhar agus do chomhordú láidir i bhfianaise comhdháil 2016 na Náisiún Aontaithe maidir le Fadhb Dhomhanda na nDrugaí.
Cúlra
Tá Meicsiceo ar cheann de chomhpháirtithe straitéiseacha an Aontais Eorpaigh ó 2008 i leith. Leis an gcomhpháirtíocht sin agus leis an bplean feidhmiúcháin comhpháirteach comhlachais, cuirtear ar chumas Mheicsiceo agus an tAontas a n-idirphlé a leathnú agus an comhar maidir le ceisteanna iltaobhacha agus domhanda a dhoimhniú.
Cuireadh tús leis an obair ar thuarascáil físe chomhpháirteach maidir le nuachóiriú a dhéanamh ar an gcomhaontú domhanda atá idir an tAontas agus Meicsiceo ag an gcruinniú mullaigh a tionóladh idir an tAontas Eorpach agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) i mí Eanáir 2013.
Féach freisin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025