- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú idir ceannairí an Aontais agus na Tuirce, 9 Márta 2020
Ar an 9 Márta, bhí cruinniú ag an Uachtarán Charles Michel agus ag an Uachtarán Ursula von der Leyen le hUachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan sa Bhruiséil. Phléigh na ceannairí an caidreamh déthaobhach, cur chun feidhme an ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc maidir leis an imirce, cúrsaí slándála agus cobhsaíochta sa réigiún, agus an ghéarchéim sa tSiria.
Céim thábhachtach ar an gconair cheart é cruinniú an lae inniu leis an Uachtarán Erdoğan. Ní mór don Tuirc agus don Aontas Eorpach araon dul i mbun oibre chun an ráiteas comhpháirteach ón Aontas agus ón Tuirc a chur chun feidhme chun gur féidir an teannas a bhaint as an staid reatha. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Maidir leis an ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, leag na ceannairí de chúram ar an Ardionadaí Josep Borrell agus ar a chomhpháirtí sa Tuirc, an tAire Gnóthaí Eachtracha, oibriú i dteannta a chéile as seo go ceann cúpla lá chun soiléiriú a thabhairt ar chur chun feidhme an chomhaontaithe idir an Tuirc agus an tAontas Eorpach. Cinnteoidh an méid sin go mbeidh an dá thaobh ar aon bhuille maidir leis an gciall atá le baint as an ráiteas. Ina theannta sin, beidh sé ina chuidiú chun an t-idirphlé polaitiúil leis an Tuirc a choinneáil ar bun sna laethanta beaga seo romhainn.
Thugamar soiléiriú dá chéile maidir le roinnt de na seasaimh, na sainmhínithe, agus den chaint a bhaineann le cur chun feidhme an ráitis; bhí an deis againn, go háirithe, a léiriú cé mar atá a chuid gealltanas airgid curtha chun feidhme ag an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an gealltanas go ndéanfaimis 6 mhilliún euro a chur á shlógadh chun tacú leis na dídeanaigh sin atá sa Tuirc. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ina theannta sin, phléigh na ceannairí saincheisteanna slándála sa réigiún, go háirithe sa tSiria. Chuir an tUachtarán Michel in iúl go láidir go dtacódh an tAontas le haon réiteach polaitiúil ba shiocair le cobhsaíocht ní b'fhearr a bhaint amach. Thug sé le fios freisin go raibh sé ina imní faoin staid dhaonnúil in Idlib agus ar an teorainn idir an Tuirc agus an tSiria, agus dhearbhaigh sé go raibh an tAontas sásta tacaíocht a chur ar fáil sa réigiún sin.
Ag eascairt as an gcuairt a thug an tUachtarán Michel ar Ankara ar an 4 Márta 2020 a eagraíodh an cruinniú seo.
Cúlra
Ar an 18 Márta 2016 a tháinig ceannairí an Aontais agus a gcontrapháirtí Turcach, Príomh-Aire na Tuirce, ar chomhaontú maidir leis an ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc. Ba é ab aidhm don chomhaontú sin stop a chur leis an sreabhadh neamhrialta imirceach a bhí ag teacht chun na hEorpa tríd an Tuirc, samhail ghnó na smuigléirí a chur ó mhaith, agus an dara rogha a thabhairt d'imircigh seachas a mbeatha a chur i nguais.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025