"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 25), 02/12/2019, 2 Nollaig 2019
Ba é Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais ag comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe (COP25). Ina theannta bhí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.
D'athdhearbhaigh an tUachtarán Michel a uaillmhian go mbeadh an Eoraip ar cheann an róid agus í ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach faoin mbliain 2050. Mhol sé freisin go ndéanfaí Comhaontú Pháras a chur chun feidhme.
D'iarr an tUachtarán Michel go mbeadh réabhlóid ghlas ann chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus tacú, ag an am céanna, le cruthú post, nuálaíocht agus ardchaighdeán saoil:
agairt déanta ag Charles Michel ar son cur chuige réabhlóideach nua chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide
"Táimid ag diúltú aeráid shláintiúil a chur ar thaobh amháin agus forbairt shláintiúil ar thaobh eile". Tig linn an dá rud a bhaint amach. Go deimhin, tá ceann amháin ag brath ar an gceann eile. Tá sé léirithe ag an Eoraip gur féidir geilleagar atá ag dul i méid a bheith ann, agus astaíochtaí a laghdú ag an am céanna. Ní hionann a bheith "glas" agus a bheith gan "sciúrtóg"."
An tUachtarán Charles Michel ag comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe COP25
Anuas air sin, leag sé béim ar an ngá atá le bheith cóir agus cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de, agus é á chur san áireamh nach ionann túsphointe gach aon tír.
"Is iomaí ceannaire Eorpach a bhfuil sé iarrtha aige nó aici ar an gCoimisiún Comhaontú Glas nua don Eoraip a mholadh a mbeadh bearta nithiúla ag gabháil leis. "Sos cogaidh" leis an nádúr a bheidh anseo agus go deimhin “conradh síochána” ag gabháil leis. Ina theannta sin,tá Ciste um aistriú cóir uaillmhianach de dhíth orainn agus ní mór cuid shuntasach den chéad bhuiséad Eorpach eile a bheith bainteach leis an aeráid. Tabharfaidh mise tús áite do na hábhair sin ar chlár oibre na Comhairle Eorpaí, mar nach mór don Eoraip infheistíocht ollmhór a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua, sa taighde agus sa nuálaíocht".
An tUachtarán Charles Michel ag comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe COP25
An aeráid ar chlár oibre cheannairí an Aontais
Pléifidh cinn Stáit nó Rialtais an Aontais an t-athrú aeráide ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 12-13 Nollaig 2019. Díreoidh ceannairí an Aontais ar cé mar is féidir sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050.
Cuirfidh siad bailchríoch ar an treoir maidir le straitéis fhadtéarmach an Aontais i ndáil leis an athrú aeráide atá le cur faoi bhráid rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) go luath in 2020.
I mí na Samhna, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide roimh chruinniú COP25.
Is iad an tAontas agus na Ballstáit i gcónaí a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide. B'fhiú €21.7 billiún a ranníocaíochtaí iomlána in 2018, méadú ar an €20.4 billiún in 2017.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.