An Comhbheartas Talmhaíochta: Comheagrú na margaí talmhaíochta ó 2013 ar aghaidh
Cad iad na hathruithe a rinneadh ar chomheagrú na margaí talmhaíochta?
As seo amach, beidh an tAontas in ann freagairt ar bhealach níos fearr do mhíchothromaíochtaí sa mhargadh agus do ghéarchéimeanna. I gcás an-suaitheadh a bheith sa mhargadh nó praghsanna thar a bheith luaineach, ba cheart go mbeadh an bosca uirlisí athbhreithnithe ina chabhair mhór ag feirmeoirí. I gcás géarchéime, amhail ráig E.coli, féadfaidh an Coimisiún bearta nua éigeandála a chur i bhfeidhm.
Leanfar le scéim na dtorthaí scoile agus le scéim an bhainne scoile agus méadófar an buiséad do scéim na dtorthaí scoile.
Gheofar réidh lecuótaí siúcra faoin mbliain 2017. Cuirfear feabhas, leis sin, ar chumas iomaíochta tháirgeoirí siúcra na hEorpa ar an margadh domhanda agus beidh deiseanna breise ag lucht táirgthe siúcra sna tíortha i mbéal forbartha rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.
Leis an athchóiriú, neartaítear freisin seasamh caibidlíochta na bhfeirmeoirí ó thaobh idirbheartaíocht a dhéanamh leis an tionscal próiseála bia agus le slabhraí ollmhargaí, go háirithe ós rud é go mbeidh siad in ann teacht le chéile ar bhealach níos éifeachtaí in eagraíochtaí na dtáirgeoirí agus in eagraíochtaí idirbhrainseacha. Ba cheart go mbeidís in ann corrlach inbhuanaithe brabúis a choinneáil san fhadtéarma a bhuí leis sin.