Amlíne - An Clár Eoraip na Cruthaitheachta
The Creative Europe programme plays an important role in promoting European art, culture and media.
-
2022
4 AibreánSoghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha - conclúidí ón gComhairle
Is mian leis an Aontas a chinntiú go mbeidh rochtain níos leithne ag ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha ar dheontais soghluaisteachta an Aontais faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta, agus cur chuige straitéiseach uile-Aontais a chur chun cinn maidir leis an ilteangachas sa timpeallacht dhigiteach.
D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le malartuithe idirchultúrtha a threisiú tríd an méid seo a leanas:
- soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha
- ilteangachas sa ré dhigiteach
-
2022
4 AibreánÉiceachóras thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta - conclúidí ón gComhairle
Tá an cultúr agus an tsaoirse cruthaithe ríthábhachtach don Aontas Eorpach agus dá shaoránaigh mar bhealach chun daonlathais agus luachanna a neartú. Tá ról barrthábhachtach ag earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta in éagsúlacht chultúrtha na hEorpa.
box-sizing: border-box; D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le straitéis Eorpach a fhorbairt d’éiceachóras thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta.
-
2019
23 BealtaineSaothair scannánaíochta Eorpacha a chur chun cinn — conclúidí
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cur chun cinn na scannán Eorpach le cúrsaíocht trasteorann ar shaothair agus ar chomhléiriúcháin chlosamhairc a fheabhsú.
-
2019
23 BealtaineGlúine óga cruthaitheacha a chothú - conclúidí
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le glúine óga cruthaitheacha a chothú. Cuireann na conclúidí sin chun suntais a thábhachtaí atá sé aird a dhíriú ar rochtain na hóige ar an gcultúr, d'fhonn a gcuid scileanna cruthaitheacha, idirchultúrtha agus cumarsáide a fhorbairt.
-
2018
20 NollaigClár Eoraip na Cruthaitheachta, (2021-2027): A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta páirteach) i dtaca leis an Rialachán lena mbunaítear an clár darb ainm Eoraip na Cruthaitheachta don tréimhse 2021-2027. Is é is aidhm don chlár:
- éagsúlacht na hEorpa, idir chultúrtha agus theangeolaíoch, agus oidhreacht na hEorpa a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn
- iomaíochas na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc
-
2018
27 SamhainClár Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027: tuarascáil ar dhul chun cinn
Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn togra le haghaidh chlár nua Eoraip na Cruthaitheachta, 2021-2027. Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an chláir:
- comhar Eorpach maidir le hilghnéitheacht agus oidhreacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn
- iomaíochas na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc
-
2018
30 BealtaineClár Eoraip na Cruthaitheachta (2021-2027): togra
Thíolaic an Coimisiún a thogra maidir le clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027.
-
2017
14 NollaigConclúidí ón gComhairle Eorpach
Ina theannta sin, chomhaontaigh siad níos mó a dhéanamh i réimse an oideachais agus cultúir, na tosaíochtaí seo a leanas ina measc:
- clár Erasmus+ a dhéanamh níos leithne agus níos cuimsithí
- a chur ar chumas na mac léinn céim a bhaint amach trí dhul i mbun staidéir i gcúpla ceann de thíortha an Aontais
- a áirithiú go mbeidh dhá theanga iasachta Eorpacha, ar a laghad, ag níos mó daoine óga
- an comhar maidir le haitheantas frithpháirteach do dhioplómaí ardoideachais agus fágála scoile a chur chun cinn ar leibhéal an mheánoideachais
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025