Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021-2027)
The EU aims to offer increased support for European artists and creators, and so contribute to the further development of European culture and identity.
Tá sé mar aidhm ag an Aontas tacaíocht níos mó a thabhairt d'ealaíontóirí agus do chruthaitheoirí Eorpacha, agus ar an gcaoi sin, cuidiú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcultúr agus ar an bhféiniúlacht Eorpach.
Tá ról tábhachtach ag Eoraip na Cruthaitheachta i gcur chun cinn na healaíne Eorpaí, an chultúir Eorpaigh, agus na meán Eorpach.
I measc chuspóirí sonracha Eoraip na Cruthaitheachta tá:
- feabhas a chur ar an gcomhar ealaíona agus cultúrtha, lena n-áirítear soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe, ar leibhéal an Aontais
- an comhar, an t-iomaíochas agus an acmhainneacht nuálaíochta a chur chun cinn i leith thionscal closamhairc na hEorpa
- tacú le cruthú, cúrsaíocht agus cothú na saothar Eorpach
- timpeallacht éagsúil iolrach a chur chun cinn sna meáin
- litearthacht sna meáin a chur chun cinn
Áirítear sa chlár:
- tacaíocht chun gur féidir saothair litríochta a aistriú agus a chur chun cinn ar fud an Aontais
- forbairt ar shaothair chlosamhairc agus ar fhíschluichí
- léiriú a dhéanamh ar ábhar nuálach teilifíse, comhléirithe Eorpacha agus idirnáisiúnta
- mar aon le díol agus dáileadh a dhéanamh ar shaothair chlosamhairc san Eoraip agus in áiteanna is faide i gcéin
Ina theannta sin, tacaítear sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta leis an méid seo:
- tionscadail cosanta ailtireachta agus oidhreachta
- féilte scannánaíochta Eorpaí agus earnáil an cheoil
- Cuireann Príomhchathair Chultúir na hEorpa béim ar shaibhreas agus ar éagsúlacht cultúr san Eoraip
- Aithníonn Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh na húdair is fearr atá ag teacht chun cinn san Eoraip
- An Lipéad Oidhreachta Eorpach a bhronntar ar láithreáin a rannchuidíonn le dul chun cinn stair agus aontacht an Aontais
Cén fáth a bhfuil sé ag teastáil?
Tá ról dearfach ag an gcultúr i dtreisiú athléimneacht shochaí agus gheilleagar na hEorpa. Rannchuidíonn na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha go hiomlán le forbairt eacnamaíoch an Aontais, le poist agus fás a ghiniúint.
Tá breis tacaíochta de dhíth ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa mar gheall ar dhigitiú agus an iomaíocht dhomhanda. Tá éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa ina cuid dá saibhreas agus ní mór réitigh agus straitéisí oiriúnacha a chur i bhfeidhm ionas gur féidir saothair Eorpacha a chur i gcúrsaíocht thar theorainneacha. Chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a choinneáil ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun:
- cruthú agus cúrsaíocht na saothar Eorpach a spreagadh ar bhonn trasnáisiúnta
- dáileadh saothair Eorpacha níos forleithne a chinntiú
- soghluaisteacht gairmithe i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta a thacú
Trí chultúr agus cruthaitheacht an Aontais a threisiú, is fearr is féidir linn tacaíocht a thabhairt do shaoirse agus d’iolrachas na meán. Molann an Coimisiún an clár nua don Eoraip Chruthaitheach, mar chuid den ‘Infheistíocht a dhéanamh i nDaoine’ i dtogra maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais.
Airteagal (3) de Chonradh ar an Aontas Eorpach
Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.
Urramóidh sé an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus déanfaidh sé deimhin de go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.
Mionsonraí
Díríonn togra an Choimisiúin maidir le hearnálacha an Aontais Eorpaigh i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta a threisiú ar thrí réimse ar leith:
Cultúr
Cumhdaítear leis an tsraith chultúir na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, agus áirítear leis na gnéithe sin na heilimintí seo a leanas chun:
- cruthú agus cúrsaíocht na saothar a neartú ar bhonn trasnáisiúnta
- soghluaisteacht gairmithe a threisiú trí ghréasáin, ardáin agus thionscadail chomhair
- tacú le hearnálacha sonracha ceoil, leabhair agus ailtireachta a threisiú
- ábhar cultúrtha Eorpach a chur chun cinn níos fearr thar theorainneacha san Eoraip agus níos faide i gcéin
Na Meáin
Baineann sraith na meán le hearnáil an chlosamhairc, agus áirítear inti na príomheilimintí seo a leanas:
- tuilleadh tacaíochta d'fhorbairt, do tháirgeadh, do chur chun cinn agus do scaipeadh saothair Eorpacha laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin
- lucht féachana a fheabhsú, lena n-áirítear trí shamhlacha nua gnó agus nua theicneolaíochtaí
- ábhar nuálach, físchluichí agus sraitheanna scéalaíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn
- líonra Eorpach d’oibreoirí VOD (físeáin ar éileamh) a chur ar bun
- líonra Eorpach féilte a bhunú
- eolaire ar líne de scannáin Eorpacha a chruthú
- infheistíocht threisithe i gcúrsaí oiliúna closamhairc do ghairmithe a dhéanamh ionas go mbeidh siad 'oiriúnaithe go digiteach'
Thar earnálacha cultúrtha agus meán
Cumhdaítear le sraith thrasearnálach gníomhaíochtaí thar na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha go léir agus áirítear inti na heilimintí seo a leanas:
- tacú le líonrú trasnáisiúnta, malartú taithí agus fios gnó d’oibreoirí cultúir
- cineálacha nua cruthaitheachta a chothú, trí chuir chuige thurgnamhacha agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha
- timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt don iriseoireacht cháilíochtúil agus do litearthacht sna meáin
Sa Chomhairle
Ó 2014 go 2020 a mhairfidh an clár reatha d'Eoraip na Cruthaitheachta. I mBealtaine na bliana 2018 a thíolaic an Coimisiún an togra don tréimhse nua. Tá scrúdú déanta ag an gCoiste um Ghnóthaí Cultúrtha agus ag an Meitheal um an Earnáil Closamhairc ar an togra.
Is díol sásaimh do na Ballstáit cur chuige an Choimisiúin i leith struchtúr ginearálta an chláir reatha a choinneáil agus léirigh siad a dtacaíocht don bhuiséad uaillmhianach.
Sa phlé a rinneadh, díríodh ar na pointí seo a leanas:
- na sainmhínithe, go háirithe an 'séala barr feabhais’
- struchtúr agus cuspóirí an chláir
- dáileadh an bhuiséid, comhaontú chun é a chur isteach i gcéatadáin
- tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár, coinníollacha soiléire maidir le comhar á n-iarraidh
- cur chun feidhme, ag leagan béim ar ról dheasca na gclár náisiúnta
- comhionannas inscne maidir le critéir agus táscairí an chláir
- eintitis incháilithe amhail Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh agus Acadamh na Scannán Eorpach
- faireachán, measúnú agus rialú
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta páirteach) i dtaca leis an Rialachán lena mbunaítear an clár darb ainm Eoraip na Cruthaitheachta don tréimhse 2021-2027.
Is ionann seasamh na Comhairle agus an sainordú a bheidh aici ach a dté sí i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa an bhliain seo chugainn. Beidh an cinneadh maidir leis na leithdháiltí airgeadais d'Eoraip na Cruthaitheachta don tréimhse 2021-2027 ag brath ar an gcomhaontú i ndáil leis an gcéad CAI eile.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025