• Comhairle AE

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 26-27 Samhain 2018

Na príomhphointí ó chruinniú na Comhairle Cultúir agus Spóirt, an 27 Samhain 2018

Na príomhthorthaí, 26 Samhain 2018

An óige

Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach (seasamh na Comhairle) i dtaca le togra le haghaidh Rialachán maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027 . Ní áirítear saincheisteanna /figiúirí buiséadacha atá á bplé faoi láthair faoi chuimsiú na caibidlíochta maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Ghlac an Chomhairle Rún maidir le Straitéis nua an Aontais i leith na hÓige 2019-2027 agus bhí díospóireacht acu maidir lena cur chun feidhme. Meastar go bhforbrófar cur chuige trasearnála na straitéise trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine óga i réimsí beartais eile an Aontais.

Ghlac na hairí conclúidí maidir le ról na hoibre don óige i ndáil leis an imirce agus cúrsaí dídeanaithe. Ar bhonn fianaise ó Thuarascáil an Aontais um an Óige 2015 agus forbairtí polaitiúla á gcur san áireamh, tá rialtais náisiúnta, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, ag oibriú ar thús áite a thabhairt do lánpháirtiú daoine óga ó chúlra imirceach, lena n-áirítear imircigh agus dídeanaithe atá díreach tagtha.

Oideachas

Tháinig na hairí ar chur chuige ginearálta páirteach i ndáil le togra le haghaidh rialachán maidir le clár Erasmus+. Ní áirítear sa chur chuige ginearálta páirteach saincheisteanna /figiúirí buiséadacha atá á bplé faoi láthair faoi chuimsiú na caibidlíochta maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Is é is aidhm don togra faoin gclár go mbeadh sé níos cuimsithí ach rochtain níos fearr a bheith air, e.g. d'eagraíochtaí beaga nó d'eagraíochtaí pobail nó do dhaoine óga nach bhfuil an oiread céanna deiseanna acu, agus trína raon feidhme a leathnú ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna.

Ghlac an Chomhairle chomh maith le moladh maidir le haitheantasfrithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinndo cháilíochtaí oideachais ó institiúid ardoideachais nó meánoideachais shinsearaigh agus do thorthaí a tháinig ó thréimhsí foghlama a caitheadh thar lear. Aon chúrsa oideachais ó institiúid ardoideachais nó meánoideachais shinsearaigh, aon torthaí a tháinig ó thréimhsí foghlama a caitheadh thar lear ar bhronn institiúid creidiúnaithe laistigh den Aontas dioplóma ina leith, tá sé i gceist go dtabharfaí aitheantas dóibh go huathoibríoch lena áirithiú go mbeidh tuilleadh foghlama ar siúl i gach ceann de na Ballstáit faoi 2025.

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le Limistéar Eorpach an Oideachais a bhunú faoi 2025, bunaithe ar iontaobhas, aitheantas frithpháirteach, comhar agus malartú dea-chleachtas, soghluaisteacht agus fás. Bhí an díospóireacht bunaithe ar phlépháipéar ón Uachtaránacht.

Na príomhphointí ó chruinniú na Comhairle Cultúir agus Spóirt, an 27 Samhain 2018

Na príomhthorthaí, 27 Samhain 2018

Cultúr

Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn togra le haghaidh clár nua Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027. Is iad cuspóirí ginearálta an chláir an comhar Eorpach a chur chun cinn maidir leis an oidhreacht agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus an t-iomaíochas sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a mhéadú, go háirithe san earnáil chlosamhairc.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr (2019-2022). Meastar go bhfuil an plean ina ionstraim straitéiseach ina leagtar síos na tosaíochtaí agus ina sainítear gníomhaíochtaí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú digiteach, ar an domhandú agus ar an éagsúlacht shochaíoch atá ag méadú i réimse an bheartais cultúir.

Ghlac an Chomhairle conclúidí chomh maith maidir le hábhar Eorpach sa gheilleagar digiteach a neartú. Dírítear sna conclúidí ar thosaíochtaí an Aontais amhail an éagsúlacht, an infheictheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn, cothroime iomaíochta a chur ar bun agus feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí.

Bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí maidir le dul i ngleic le leathadh na bréagaisnéise ar líne, ag díriú ar “bhréagnuacht”, ar na meáin agus an ról atá acu chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis.

Bhí sé ina thosaíocht againn dul i ngleic le saincheist na bréagaisnéise agus táimid sásta gur cuireadh an t-ábhar sin isteach i gconclúidí chruinniú Chomhairle an lae inniu. Gné thábhachtach is ea cuntasacht na bhfathach-teice ar líne chun inbhuanaitheacht na hiriseoireachta clasaicí a ráthú ar bhealach freagrach ó thaobh an gheilleagair de.

Gernot Blümel, Aire Cónaidhme na hOstaire don AE, do na hEalaíona, do Chultúr agus do na Meáin

Bhí an díospóireacht bunaithe ar phlépháipéar ón Uachtaránacht . Iarradh ar na hairí freagairt do na tionscnaimh a seoladh le déanaí agus a cuireadh chun feidhme ar leibhéal an Aontais d'fhonn dul i ngleic le bréagaisnéis ar líne.

Spórt

Bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí maidir le mórimeachtaí spóirt a úsáid chun an nuálaíocht a chur chun cinn, i dteannta an Uas. Martin Kallen, POF Imeachtaí UEFA (EURO 2020). Bhí an díospóireacht bunaithe ar phlépháipéar ón Uachtaránacht ina leagtar béim ar na naisc idir mórimeachtaí spóirt agus an nuálaíocht, lena n-áirítear iarratais ar phaitinní agus teicneolaíochtaí nua a chuirtear i bhfeidhm maidir le himeachtaí spóirt.

Ghlac na hairí conclúidí chomh maith maidir le gnéithe eacnamaíocha an spóirt agus na sochair shocheacnamaíocha a ghabhann leo. Is é is aidhm dó an spórt a aithint mar spreagadh don fhás agus do phoist agus mar shlí chun feabhas a chur ar shláinte agus ar dhálaí sóisialta na saoránach.