Skip to content

An chibearshlándáil: innealtóireacht shóisialta

Níl san innealtóireacht shóisialta ach ceann de na bagairtí a bhfuil an tAontas ag obair orthu chun an chibear-athléimneacht a chur chun cinn agus an chibearchoireacht a throid.

Innealtóireacht shóisialta

Is straitéis í an innealtóireacht shóisialta a úsáideann daoine aonair nó grúpaí chun daoine a ionramháil agus an dallamullóg a chuir orthu chun eolas íogair a nochtadh nó chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a chuireann a slándáil i mbaol. Braitheann sé ar shíceolaíocht agus iompraíocht an duine, seachas ar shaineolas teicniúil.

Maidir le hionsaithe innealtóireachta sóisialta, is minic go ligeann an t-ionsaitheoir orthu féin gur duine nó foinse iontaofa iad chun go mbeidh muinín ag an íospartach astu. Úsáideann an t-ionsaitheoir taicticí cosúil le pearsanú, áitiú nó cleasaíocht chun eolas luachmhar a bhailiú, mar shampla:

  • pasfhocail
  • sonraí airgeadais
  • rochtain ar chórais agus líonraí

Féadtar ionsaithe innealtóireachta sóisialta a dhéanamh i bhfoirmeacha difriúla. An straitéis atá i gceist ná sochar a bhaint as leochaileachtaí an duine chun cuspóirí an ionsaitheora a bhaint amach, pé acu rochtain neamhúdaraithe a fháil nó sonraí nó airgead a ghoid.

Na teicnicí difriúla a úsáidtear in innealtóireacht shóisialta

An fhioscaireacht

Deilbhín den fhioscaireacht.

Seolann ionsaitheoirí ríomhphoist, teachtaireachtaí nó naisc mhealltacha chuig suíomhanna gréasáin a bhfuil an chuma orthu a bheith dlisteanach, agus é mar aidhm acu cleas a imirt ar an bhfaighteoir iad a chliceáil agus eolas íogair ar nós pasfhocal, uimhreacha cárta creidmheasa, nó sonraí pearsanta a nochtadh.

An fhioscaireacht spriocdhírithe

Deilbhín den fhioscaireacht spriocdhírithe.

Cosúil le fioscaireacht ach tá sí an-dírithe. Chun cuma níos áitithí fós a bheith orthu, déanann na hionsaitheoirí na teachtaireachtaí a shaincheapadh bunaithe ar eolas ar leith faoin sprioc.

An bhaoiteáil

Deilbhín den bhaoiteáil.

Cuireann ionsaitheoirí rud éigin tarraingteach ar fáil, mar shampla íoslódálacha bogearraí saor in aisce, mar mhalairt ar shonraí phearsanta nó rochtain ar an gcóras. D’fhéadfadh comhaid nó naisc ionfhabhtaithe a bheith i gceist leis sin.

An cúinse

Deilbhín den chúinse.

Cumann an t-ionsaitheoir cás nó cúinse chun an t-eolas a fháil. Is minic go mbíonn pearsanú ar dhuine iontaofa i gceist leis sin, mar shampla comhghleacaí nó ionadaí bainc.

An ghlaoscaireacht

Deilbhín den ghlaoscaireacht.

Cineál fioscaireachta a tharlaíonn thar chumarsáid gutha, glaonna teileafóin de ghnáth. Déanann ionsaitheoirí pearsanú ar eintitis iontaofa agus cuireann siad ina luí ar íospartaigh eolas íogair a nochtadh.

An pearsanú

Deilbhín den phearsanú.

Ligeann ionsaitheoirí orthu féin gur duine eile iad, bídís ar líne nó i bpearsa, chun go mbeidh muinín ag an íospartach astu agus go mbeifear in ann iad a ionramháil maidir le heolas rúnda a nochtadh nó gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh.

An fhioscaireacht láimhíneach

Deilbhín de mheabhlaireacht shaindeartha.

Díríonn ionsaitheoirí den chuid is mó ar úsáideoirí na meán sóisialta agus is minic a bhaineann siad leas as topaicí atá coitianta nó atá i mbéal an phobail chun teachtaireachtaí meabhlacha a chruthú, rud a fhágann cuma ábhartha agus iontaofa orthu.

Bogearraí éirice agus sracadh

Deilbhín de bhogearraí éirice.

Bagraíonn ionsaitheoirí go ndéanfaidh siad eolas íogair a nochtadh nó cur isteach ar chórais mura n-íoctar airgead fuascailte. Cuireann siad buairt ar a n-íospartaigh chun iallach a chur orthu.

Cosaint in aghaidh cibirionsaithe den sórt sin

Is é d’fheasacht do sciath

Deilbhín de sciath.

Bí cúramach agus aithin na comharthaí. Má bhraitheann rud as an ngnáth nó rómhaith le bheith fíor, d’fhéadfadh sé gur calaois atá ann.

Smaoinigh sula gcliceálann tú

Deilbhín maidir le smaoinigh sula gcliceálann tú.

Déan cliceáil ar na naisc nó ríomhphoist ó fhoinsí anaithnide a sheachaint.

Déan do shonraí pearsanta a chosaint

Deilbhín de do shonraí pearsanta a chosaint.

Ná roinn sonraí íogaire ar nós pasfhocal, uimhreacha cártaí creidmheasa, ná sonraí pearsanta i dteachtaireachtaí ná i ríomhphoist, is cuma cé a iarrann.

Socraigh pasfhocail níos láidre

Deilbhín de phasfhocail níos láidre á socrú.

Úsáid pasfhocail uathúla, láidre le haghaidh cuntais dhifriúla.

Úsáid fíordheimhniú ilfhachtóra

Deilbhín d’fhíordheimhniú ilfhachtóra.

Nuair is féidir, déan an fíordheimhniú ilfhachtóra a chumasú, cuireann sé sraith bhreise slándála le do chuntais ar líne

Fíoraigh céannacht an ghlaoiteora

Deilbhín de chéannacht an ghlaoiteora.

Má dhéanann duine teagmháil leat a mhaíonn go bhfuil sé/sí cleamhnaithe le cuideachta nó le heagraíocht, iarr cruthúnas aitheantais nó déan teagmháil leis an eagraíocht go díreach chun an t-eolas a fhíorú.

Bí ar an eolas

Deilbhín maidir le bheith ar an eolas.

Coinnigh ag foghlaim faoi chalaoisí agus teicnící nua.

Coinnigh le foinsí iontaofa

Deilbhín d’fhoinsí iontaofa.

Bain úsáid as foinsí iontaofa chun comhaid a íoslódáil chun bogearraí mailíseacha a sheachaint.

Má dhéantar íospartach díot

Deilbhín de sheicliosta an íospartaigh.
  • cuir d’údaráis áitiúla inniúla ar an eolas
  • athraigh do phasfhocail
  • cumasaigh fíordheimhniú ilfhachtóra
  • scan do ghléasanna le haghaidh bogearraí mailíseacha
  • Cuir do chairde agus do chomhghleacaithe ar an eolas gur sáraíodh do chuntais

Féach freisin

An chibearshlándáil

An chibearshlándáil

An chaoi a dtéann an tAontas i ngleic leis an gcibearchoireacht

An chaoi a dtéann an tAontas i ngleic leis an gcibearchoireacht

Cad iad na cibearbhagairtí is mó san Aontas?

Cad iad na cibearbhagairtí is mó san Aontas?

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025