Cad iad na cibearbhagairtí is mó san Aontas?
Tá méadú ag teacht ar líon agus ar chastacht na gcibearbhagairtí. Tá an chibearshlándáil á neartú ag tíortha an Aontais chun go gcosnófar an bonneagar criticiúil, an chobhsaíocht eacnamaíoch agus an príobháideachas digiteach.
A thábhachtaí atá sé an chibearshlándáil a neartú
Is éard is cibearbhagairt ann aon ghníomhaíocht mhailíseach arb é is aidhm di sláine, rúndacht nó infhaighteacht córas digiteach, líonraí digiteacha nó sonraí digiteacha a chur i mbaol.
Tá méadú ag teacht i gcónaí ar chibearbhagairtí ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Rinne an chibearchoireacht dhá oiread damáiste ó thaobh costais eacnamaíocha domhanda in 2020 ná mar a rinne in 2015.
Ní hamháin go bhfuil líon na gcibirionsaithe ag dul i méid ach tá siad ag éirí níos casta freisin, ós rud é go n-úsáideann coirpigh teicnící ardfhorbartha anois, an intleacht shaorga ghiniúnach san áireamh, chun go mbeadh sé níos deacra na hionsaithe a bhrath agus a chomhrac.
An chaoi a dtéann an tAontas i ngleic leis an gcibearchoireacht
Cibearbhagairtí móra a mbíonn tionchar acu ar an Aontas
Tá na hionsaithe ag éirí níos sofaisticiúla agus níos éagsúla, agus iad dírithe ar raon leathan earnálacha. De réir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), is iad seo na bagairtí cibearshlándála is mó atá ag cur isteach ar an Aontas faoi láthair:
bagairtí ar infhaighteacht
ionsaithe lena ndírítear ar infhaighteacht córais nó seirbhíse trí acmhainní a ídiú nó trí bhonneagar líonra a ró-ualú
bogearraí éirice
urghabhann ionsaitheoirí smacht ar shócmhainní, éilíonn siad airgead fuascailte le haghaidh rochtain athchóirithe nó chun nochtadh sonraí a chosc
bagairtí ar shonraí
rochtain neamhúdaraithe ar shonraí íogaire, rúnda nó cosanta, d’fhonn faisnéis a ionramháil, a nochtadh nó a scriosadh
innealtóireacht shóisialta
teaicticí cúblála lena gcuirtear dallamullóg ar íospartaigh botúin chriticiúla a dhéanamh nó faisnéis íogair a thabhairt uathu
bogearraí mailíseacha
bogearraí mailíseacha atá deartha chun córais a insíothlú, damáiste a dhéanamh, cur isteach ar sheirbhísí agus sonraí a ghoid
ionsaí sa slabhra soláthair
ionsaithe atá dírithe ar eagraíocht trí leochaileachtaí ina slabhra soláthair aithint, a bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith acu
Bagairtí ar infhaighteacht atá in 46 % de na cibearbhagairtí
Is iad na bagairtí ar infhaighteacht, bogearraí éirice agus bagairtí ar shonraí na cibearbhagairtí is suntasaí san Aontas.
Bagairtí ar infhaighteacht – 46%
Bogearraí éirice – 27%
Bagairtí ar shonraí – 16%
Eile – 11%
Na príomhghníomhaithe atá taobh thiar de na cibirionsaithe
Is iomaí cineál gníomhaí cibearbhagartha atá ann, idir grúpaí atá bainteach leis an stát, go príomha, agus coirpigh a bhfuil cúiseanna airgid mar bhunús leis an gcoir, eintitis phríobháideacha agus haiceálaithe cúise. Tá a modhanna agus a spriocanna sainiúla féin ag gach grúpa:
- gníomhaithe atá bainteach leis an stát
grúpaí atá bainteach leis an rialtas agus a théann i mbun ionsaithe ar mhaithe le spriocanna polaitiúla nó straitéiseacha, mar shampla an spiaireacht - gníomhaithe cibearchoireachta
bíonn siad ag iarraidh airgead a dhéanamh trí ionsaithe faille, mar shampla innealtóireacht shóisialta - gníomhaithe ionsaitheacha na hearnála príobháidí
eintitis a fhorbraíonn agus a dhíolann cibear-airm, go minic le rialtais agus le daoine aonair príobháideacha - haiceálaithe cúise
féachann siad le cur isteach agus le haiceáil ar mhaithe le hathrú polaitiúil nó sóisialta, uaireanta le tacaíocht ó ghníomhaí atá bainteach leis an stát
Na hearnálacha is mó ar a mbíonn na cibearbhagairtí dírithe
Is ar eagraíochtaí sa riarachán poiblí a bhíonn beagnach 20% de na cibirionsaithe dírithe, earnáil atá riachtanach do sheirbhísí poiblí agus don tslándáil. Ina dhiaidh sin, tá: iompar (11%), airgeadas (9%), bonneagar digiteach (9%), seirbhísí ghnó (8%), poiblí i gcoitinne (8%) agus déantúsaíocht (6%).
Riarachán poiblí – 19%
Iompar – 11%
Airgeadas – 9%
Bonneagar digiteach – 9%
Féach freisin
Cibearshlándáil an Aontais: an straitéis agus na príomhbheartais
An chibearshlándáil: innealtóireacht shóisialta
Sábháilteacht ar líne
An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025