An chibearshlándáil
Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag obair chun earnálacha agus saoránaigh ríthábhachtacha a chosaint ar chibirionsaithe agus ar chibearchoireacht.
Is cleachtas é an chibearshlándáil lena chosnaítear ríomhairí, freastalaithe, líonraí, sonraí agus córais ar ionsaithe mailíseacha, ar rochtain neamhúdaraithe agus ar dhamáiste.
Chun timpeallacht dhigiteach athléimneach a thógáil, tá an tAontas ag obair chun cur le cumas na hEorpa cibirionsaithe a chosc, a chomhrac agus teacht slán uathu.
A bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun an chibearshlándáil a neartú
Bíonn earnálacha ríthábhachtacha mar shampla earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh, earnáil na sláinte agus earnáil an airgeadais ag brath ar theicneolaíochtaí digiteacha.
Cé go gcuireann an digitiú deiseanna ollmhóra ar fáil, nochtann sé na hearnálacha sin do chibearbhagairtí éagsúla freisin, lena n-áirítear cibirionsaithe agus cibearchoireacht.
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas chun dul i ngleic leis na bagairtí sin agus chun a shaoránaigh agus a ghnólachtaí a chosaint.
Le gníomh an Aontais um chibearshlándáil, cuirtear creat ar bun chun slándáil táirgí, seirbhísí agus próiseas digiteach a dheimhniú agus feabhsaítear ról ghníomhaireacht chibearshlándála an Aontais, ENISA.
Leis an ngníomh um chibear-athléimneacht, bunaítear ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí atá nasctha leis an idirlíon, chun a slándáil a chinntiú ar feadh a saolré.
Is é is aidhm don ghníomh um chibear-dhlúthpháirtíocht comhar a chothú i measc na mBallstát, feabhas a chur ar bhrath bagairtí agus ar an bhfreagairt ar chibeartheagmhais ar fud na hEorpa.
Na cibearbhagairtí is coitianta san Aontas
Is éard is cibearbhagairt ann aon ghníomhaíocht mhailíseach arb é is aidhm di sláine, rúndacht nó infhaighteacht córas digiteach, líonraí digiteacha nó sonraí digiteacha a chur i mbaol.
I saol an lae inniu ina bhfuil an digiteáil ag dul i dtreis i gcónaí, tá méadú ag teacht ar chibearbhagairtí. San Aontas Eorpach, is iad seo a leanas na trí chibearbhagairt is mó:
- bagairtí ar infhaighteacht
, ionsaithe lena ndírítear ar infhaighteacht córais nó seirbhíse trí acmhainní a ídiú nó trí bhonneagar líonra a ró-ualú. - bogearraí éirice
, bogearraí mailíseacha a bhíonn in úsáid ag ionsaitheoirí chun smacht ar shócmhainní a urghabháil agus airgead fuascailte a éileamh chun rochtain a athbhunú nó chun nochtadh sonraí a chosc. - bagairtí ar shonraí
, rochtain neamhúdaraithe ar shonraí íogaire, rúnda nó cosanta, d’fhonn faisnéis a ionramháil, a nochtadh nó a scriosadh.
Cad iad na cibearbhagairtí is mó san Aontas?
A bhfuil ar bun ag an Aontas chun do shaol á dhéanamh níos sábháilte ar líne
Tá feabhas á chur go gníomhach ag an Aontas Eorpach ar an tírdhreach digiteach do mhuintir uile na hEorpa.
Caith súil ar an ngnéscéal le go bhfeicfidh tú samplaí ón bhfíorshaol den chaoi a bhféachann an tAontas chuige go mbeidh an t-idirlíon níos sábháilte do chách.
An scéala is déanaí
Tiachóga le haghaidh ghnó na hEorpa: seasamh caibidlíochta glactha ag an gComhairle Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit Cibirionsaithe: Síneadh curtha ag an gComhairle lena liostú go dtí mí na Bealtaine 2027
Na blaisíní breise is déanaí
Cad iad na cibearbhagairtí is mó san Aontas?
Smachtbhannaí i gcoinne cibirionsaithe
Bagairtí hibrideacha
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026