An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí
Le rialachán ginearálta an Aontais maidir le cosaint sonraí (RGCS) rialaítear conas is féidir sonraí pearsanta daoine aonair san Aontas a phróiseáil agus a aistriú.
RGCS - cad é féin?
Is é rialachán ginearálta an Aontais maidir le cosaint sonraí (RGCS) an dlí is déine ar domhan maidir le príobháideachas agus slándáil.
Leis an rialachán seo, rinneadh prionsabail Threoir 1995 um Chosaint Sonraí a nuashonrú agus a nuachóiriú. Glacadh é in 2016 agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.
Le RGCS sainmhínítear an méid a leanas:
- cearta bunúsacha daoine aonair sa ré dhigiteach
- na hoibleagáidí atá ar na daoine sin a phróiseálann sonraí
- modhanna chun comhlíonadh a chinntiú
- smachtbhannaí dóibh siúd a sháraíonn na rialacha
Cearta daoine aonair
I RGCS liostaítear cearta an ábhair sonraí, is é sin cearta na ndaoine a bhfuil próiseáil á déanamh ar a sonraí pearsanta. Leis na cearta treisithe sin, is mó an smacht a bheidh anois ag daoine aonair ar a gcuid sonraí pearsanta, lena n-áirítear trí na nithe seo a leanas:
- an gá atá le toiliú soiléir a fháil ón duine aonair chun a c(h)uid sonraí pearsanta a phróiseáil
- rochtain níos éasca ag an ábhar sonraí ar a chuid sonraí pearsanta
- an ceart chun na sonraí a cheartú, a scriosadh agus ‘a ligean i ndearmad’
- an ceart chun agóid a dhéanamh, lena n-áirítear i gcoinne úsáid sonraí pearsanta le haghaidh 'próifíliú'
- an ceart maidir le hinaistritheacht sonraí ó sholáthraí seirbhíse amháin go soláthraí eile
Leagtar amach sa Rialachán maidir le Cosaint Sonraí na cearta atá ag daoine aonair agus bunaítear leis na hoibleagáidí atá orthu siúd a phróiseálann na sonraí agus orthu siúd atá freagrach as an bpróiseáil.
Oibleagáidí ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí
Bunaítear le RGCS na hoibleagáidí ginearálta a leagtar ar rialaitheoirí sonraí agus orthu sin a phróiseálann na sonraí pearsanta thar a gceann (próiseálaithe).
Áirítear orthu sin an oibleagáid maidir le bearta iomchuí slándála a chur chun feidhme i gcomhréir leis an riosca a ghabhann leis na hoibríochtaí próiseála sonraí a dhéanann siad.
I gcásanna áirithe, ceanglaítear ar rialaitheoirí freisin fógra a thabhairt faoi sháruithe ar shonraí pearsanta. Ní mór do na húdaráis phoiblí go léir agus na cuideachtaí go léir a dhéanann próiseáil ar shonraí lena mbaineann riosca ar leith oifigeach cosanta sonraí a cheapadh.
Rialacha cosanta sonraí a chur i bhfeidhm
Dearbhaítear leis an rialachán an oibleagáid atá ar na Ballstáit cheana údarás maoirseachta neamhspleách a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus bunaítear leis sásra chun comhsheasmhacht a chinntiú i gcur i bhfeidhm an dlí maidir le cosaint sonraí ar fud an Aontais.
Bunaítear le RGCS go ndéantar cinneadh maoirseachta aonair i gcásanna trasteorann ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta náisiúnta i gceist. Leis an bprionsabal sin, dá ngairtear prionsabal an ‘ionad ilfhreastail’, ní gá do chuideachta ag a bhfuil fochuideachtaí i mBallstáit éagsúla déileáil ach leis an údarás cosanta sonraí sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht lonnaithe.
Cinntíonn an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go gcuirtear RGCS i bhfeidhm go hiomlán agus go comhsheasmhach. Tá an bord sin comhdhéanta d’ionadaithe ó gach ceann de na 27 n-údarás maoirseachta neamhspleácha.
An 17 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle dlí de chuid an Aontais, ar cheart dó teacht i bhfeidhm in 2026.Leis an dlí, déantar an comhar idir údaráis náisiúnta cosanta sonraí níos tapúla agus níos éifeachtúla agus gearáin trasteorann RGCS a bhaineann le roinnt tíortha den Aontas á láimhseáil. Simplíonn na rialacha nósanna imeachta riaracháin agus is é is aidhm dóibh an méid seo a leanas a chinntiú:
- Láimhseáil mhear na ngearán trasteorann agus comhar feabhsaithe
- imscrúdú ar chearta gearánach agus páirtithe
Déantar foráil do smachtbhannaí diana in aghaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe a sháraíonn na rialacha maidir le cosaint sonraí. D'fhéadfaí fíneáil suas le €20 milliún nó 4% dá láimhdeachas bliantúil domhanda a ghearradh ar rialaitheoirí sonraí.
Is féidir le daoine aonair gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta agus tá sé de cheart acu leigheas breithiúnach agus cúiteamh a fháil. Tá sé de cheart acu cinneadh óna n-údarás cosanta sonraí a chur faoi bhráid na cúirte náisiúnta lena mbaineann lena athbhreithniú, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an rialaitheoir sonraí lena mbaineann bunaithe.
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
- Dlí nua de chuid an Aontais chun dlús a chur le láimhseáil a dhéanamh ar ghearáin trasteorann maidir le cosaint sonraí glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 17 Samhain 2025)
- Cosaint sonraí: A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle maidir le rialacha forfheidhmithe RGCS (preaseisiúint, an 13 Meitheamh 2024)
Aistrithe chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad
Cumhdaítear le RGCS, ina theannta sin, aistriú sonraí pearsanta chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá an Coimisiún Eorpach i gceannas ar mheasúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta a thugann críoch nó earnáil próiseála i dtríú tír.
I gcás nach mbeidh cinneadh leordhóthanachta déanta ag an gCoimisiún maidir le críoch nó earnáil, féadfar sonraí pearsanta a aistriú fós i gcásanna áirithe nó i gcás ina bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm.
Féach freisin
Cosaint sonraí san Aontas
Cosaint sonraí ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí
- An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS): Eolas do dhaoine aonair (an Coimisiún Eorpach)
- Rialachán maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht na sonraí sin (Iris oifigiúil an Aontais)
- Forbhreathnú ar RGCS
- An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Bealtaine 2026