Sábháilteacht ar líne
An chaoi a bhféachann an tAontas chuige go mbeidh an t-idirlíon níos sábháilte agus níos sláine do chách.
Tá rún daingean ag an Aontas agus ag a chuid Ballstáit féachaint chuige gur timpeallacht shlán shábháilte a bheadh san idirlíon.
Le rialacha an Aontais, déantar ábhar neamhdhleathach a chomhrac, cearta digiteacha a chosaint le haghaidh na n-úsáideoirí uile, an chibearshlándáil a fheabhsú agus mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc.
Idirlíon níos sábháilte, níos trédhearcaí
Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, cuirtear de cheangal ar ardáin ar líne, mar shampla, na meáin shóisialta, suíomhanna ríomhthráchtála agus innill chuardaigh, ábhar díobhálach a bhaint anuas, lena n-áirítear an bhréagnuacht agus táirgí neamhdhleathacha. Is é an chéad dlí riamh é lena ndéantar cuideachtaí digiteacha a thabhairt chun cuntais maidir leis an ábhar s’acu agus é mar aidhm leis spás ar líne níos sábháilte, níos trédhearcaí agus níos iomaíche a chothú d’úsáideoirí agus do ghnólachtaí.
Cosaint sonraí sa ré dhigiteach
Is ag an Aontas Eorpach atá na rialacha is déine ar domhan maidir le cosaint sonraí agus meastar dó gur ceart bunúsach é go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint.
Faoi RGCS, is mó an smacht atá ag daoine ar a gcuid sonraí pearsanta agus téann an cothrom iomaíochta chun tairbhe do ghnólachtaí.
Tugann an tAontas cosaint do shonraí pearsanta a úsáideann comhlachtaí forfheidhmithe dlí i ndáil le cásanna coiriúla.
Ní ceadmhach d’ardáin saothair digiteacha sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil, ina measc staid mhothúchánach, comhráite príobháideacha agus sonraí bithmhéadracha.
Freagairt an Aontais ar chibearbhagairtí
Tá an tAontas ag obair ar go leor bealaí chun an chibear-athléimneacht a chur chun cinn, chun an chibearchoireacht a chomhrac, agus chun dlús a chur faoin gcibearthaidhleoireacht agus faoin gcibearchosaint.
Is cibearbhagairtí móra iad Ransomware, a chuireann an glas ar ríomhaire nó ar chomhaid ar an ríomhaire agus a éilíonn airgead chun an glas a bhaint, agus ionsaithe diúltaithe seirbhísí dáilte, a threascraíonn suíomhanna gréasáin le trácht bréige.
Mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc
Oibríonn an tAontas agus a Bhallstáit le chéile chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint trí straitéisí coimirce spriocdhírithe.
Do shaolsa ar líne: mar a bhféachann an tAontas chuige gur éasca agus gur sábháilte é
Tá feabhas á chur go gníomhach ag an Aontas Eorpach ar an tírdhreach digiteach do mhuintir uile na hEorpa.
Caith súil ar an ngnéscéal le go bhfeicfidh tú samplaí ón bhfíorshaol den chaoi a bhféachann an tAontas chuige go mbeidh an t-idirlíon níos sábháilte do chách.
An scéala is déanaí
Cánachas gnó: Tina Humar tofa ina cathaoirleach ar meitheal an Aontais um an gcód iompair Custaim an Aontais: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le hathchóiriú suntasach An straitéis infheistíochta miondíol: An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le pacáiste chun tomhaltóirí a chumhachtú agus borradh a chur faoi na margaí ag an am céanna
Na blaisíní breise is déanaí
Cosaint sonraí san Aontas
An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí
Ríomhthráchtáil san Aontas
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026