Cosaint sonraí ó thaobh fhorfheidhmiú an dlí
Cosnaíonn an tAontas sonraí pearsanta daoine aonair a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.
Sonraí a chosaint i ndáil le comhar breithiúnach agus póilíneachta
Mar gheall ar chineál sonrach ghníomhaíochtaí na bpóilíní agus na ngníomhaíochtaí breithiúnacha in ábhair choiriúla, tá gá le rialacha difriúla maidir le sonraí pearsanta a chosaint i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí sin chun saorshreabhadh sonraí a éascú agus comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn sna réimsí sin.
In 2016, glacadh an treoir maidir le cosaint sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus tháinig sí i bhfeidhm in 2018.
Is é is aidhm don treoir seo cosaint a thabhairt don cheart atá ag daoine aonair a sonraí pearsanta a chosaint agus ardleibhéal slándála poiblí a chinntiú ag an am céanna.
Tá feidhm ag an treoir seo maidir leis an bpróiseáil trasteorann agus leis an bpróiseáil náisiúnta a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát ar shonraí chun:
- cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh
- bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc agus cosaint a thabhairt ina gcoinne
Ní chumhdaítear leis gníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ná na gníomhaíochtaí sin atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais.
Cearta daoine aonair
Leagtar amach sa treoir sraith prionsabal, lena gcuimsítear an gá lena chinntiú, i dtaca le haon sonraí pearsanta a bhailítear:
- go bpróiseáiltear go dleathach iad
- go mbailítear chun críoch sonrach sainráite dlisteanach iad
- nach bhfuil siad iomarcach i ndáil leis an gcuspóir dá ndéantar iad a phróiseáil
Áirítear ar na rialacha sin an oibleagáid atá ar na Ballstáit eolas intuigthe a chur ar fáil agus cearta an ábhair sonraí ar rochtain, ar cheartú, ar scriosadh agus ar phróiseáil a shrianadh a chinntiú. Mar sin féin, socraítear leis na rialacha freisin teorainneacha leis na cearta sin, lena gceadaítear do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena gcuirtear srian orthu.
N rialacha maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm
Sa treoir maidir le cosaint sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críoch fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, déantar cur síos ar na freagrachtaí atá ar rialaitheoirí sonraí (iad siúd atá freagrach as sonraí a phróiseáil). Orthu sin, tá:
oifigeach cosanta sonraí a ainmniú chun cabhrú leis na húdaráis inniúla a chinntiú go gcomhlíonfar na rialacha cosanta sonraí
an ceanglas measúnú tionchair a dhéanamh i gcás inar dócha go mbeadh ardriosca ag baint le cineál áirithe próiseála do chearta ábhair sonraí
Féadfaidh sé gurb ionann na húdaráis mhaoirseachta agus iad siúd a bhunaítear faoin rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí. Sainítear sa treoir rialacha maidir le cúnamh éigeantach frithpháirteach agus oibleagáid ghinearálta comhar a dhéanamh.
Déanann an Bord Eorpach Comhairleach um Chosaint Sonraí deimhin de go gcuirtear an treoir i bhfeidhm ina hiomláine. Tá ionadaithe ó gach ceann de na 27 n‑údarás maoirseachta neamhspleácha ar an mbord seo a dhéanann faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí freisin.
Leis an Treoir nua, tá an ceart ag daoine aonair cúiteamh a fháil i gcás inar baineadh díobháil dóibh mar thoradh ar phróiseáil nár urramaíodh na rialacha léi.
Aistrithe chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad
Ní fhéadfar aistrithe sonraí pearsanta chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a dhéanamh ach amháin má cheanglaítear sin chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus más rud é gur ghlac an Coimisiún Eorpach cinneadh leordhóthanachta maidir leis an leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil sa tír atá i gceist.
I gcás nach bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta ann, féadfar aistrithe a dhéanamh má tá cosaintí iomchuí ann.
Féach freisin
Cosaint sonraí san Aontas
An rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí
An t-athbhreithniú deireanach: an 20 Meitheamh 2024