"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

Amlíne — Clár Erasmus+

The mobility of learners and staff is core to the Erasmus+ programme.

  • 2021

    13 Aibreán

    Erasmus+ 2021-2027: glactha

    Ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint an Rialachán maidir le Erasmus.

  • 2020

    11 Nollaig

    Erasmus+ 2021-2027: comhaontú sealadach

    Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle agus foireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an gclár Erasmus+.

  • 2018

    26 Samhain

    Erasmus+ 2021-2027

    Inniu, ghlac an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta páirteach) maidir le clár Erasmus+ do 2021-2027. Leis an togra atá beartaithe leathnófar an tairiscint ar dheiseanna foghlama san Eoraip agus níos faide i gcéin do níos mó daoine le hais na tréimhse reatha. Cuirfear léi freisin sa dóigh go n-áiritheofar gach leibhéal oideachais agus oiliúna.

  • 2018

    30 Bealtaine

    Togra Erasmus+

    Thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh chlár nua Erasmus+ do 2021-2027.

  • 2018

    15 Feabhra

    Clár Erasmus+

    Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí oideachais faoin meastóireacht mheántéarma ar chlár Erasmus+ agus treoshuíomh amach anseo i ndiaidh 2020. Ar na bearta a dhírigh siad orthu bhí na bearta seo a leanas:

    • rannpháirtíocht níos leithne a spreagadh, mar shampla ó réigiúin fhorimeallacha agus réigiúin atá tite chun deireadh ó thaobh na socheacnamaíochta de, chomh maith le raidhse níos leithne rannpháirtithe
    • cabhrú le cumas nuálaíochta na hEorpa a neartú trí dhaoine a bhfuil cumas agus cruthaitheacht iontu a mhealladh
  • 2017

    14-15 Nollaig

    Oideachas agus cultúr

    Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i mí na Nollag seo caite, d'iarr ceannairí Eorpacha ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún "borradh a chur faoin tsoghluaisteacht agus faoi mhalartuithe le clár cuimsitheach leathnaithe Erasmus+ a bheidh treisithe go mór".

  • 2017

    17 Samhain

    Oideachas agus cultúr

    Ar an 17 Samhain, in Göteborg na Sualainne, rinne Donald Tusk cathaoirleacht ar an gcéad díospóireacht faoi chlár oibre na gceannairí. Feabhas a chur ar iarrachtaí an Aontais i réimse an oideachais agus cultúir ba chuspóir leis. I ndiaidh na díospóireachta sin, ghlac Comhairle Eorpach mhí na Nollag conclúidí maidir le cúrsaí oideachais agus cultúir, trí thosaíochtaí a leagan amach amhail cláir Erasmus agus staidéar teanga a neartú.

  • 1987

    15 Meitheamh

    Soghluaisteacht mac léinn ollscoile

    Ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le soghluaisteacht mac léinn agus comhar níos fearr idir ollscoileanna a chur chun cinn.

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025