Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt maidir leis an oideachas, 15/02/2018, 15 Feabhra 2018

Na príomhthorthaí

Clár Erasmus+

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin meastóireacht mheántéarma ar chlár Erasmus+ agus treoshuíomh amach anseo i ndiaidh 2020. Dhírigh na hairí ar bhearta chun breis rannpháirtíochta sa chlár a spreagadh, go háirithe daoine as réigiúin fhorimeallacha agus as réigiúin atá chun deiridh ó thaobh na socheacnamaíocha de a spreagadh, mar aon le réimse níos leithne rannpháirtithe a bheith ann. Phléigh siad freisin an chaoi lena bhféadfaidh an clár rannchuidiú níos éifeachtaí le hacmhainn na hEorpa chun an nuálaíocht a neartú trí dhaoine a bhfuil cumas agus cruthaitheacht iontu a mhealladh.

Tá Erasmus+ ar cheann de na cláir is iomráití, is cáiliúla agus is rathúla de chuid an Aontais le 30 bliain anuas, clár is ea é a bhíonn ag tacú le níos mó ná 9 milliún Eorpach chun a gcuid inniúlachtaí gairmiúla agus pearsanta a fhorbairt, agus a dhéanann féiniúlacht agus luachanna na hEorpa a neartú. Tugann an díospóireacht a bhí ag na hairí misneach dom; go leanfaidh an clár i ndiaidh 2020 de dheiseanna a chur ar fáil do mhuintir na hEorpa dul i mbun staidéir, oiliúna agus cur lena cuid taithí agus eolas ar an saol agus iad ar an gcoigríoch. Krasimir Valchev, Uachtarán na Comhairle, Aire Oideachais agus Eolaíochta na Bulgáire

Oideachas

Phléigh na hairí cé mar is féidir leanúint leis na gnéithe oideachais sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag. Rinne an Chomhairle a marana ar an mbealach a ndéanfaí obair a fhorbairt chun tionscadail a chur i gcrích amhail "Ollscoileanna Eorpacha", foghlaim na dteangacha, aitheantas frithpháirteach do dhioplómaí agus "cárta mic léinn Eorpach". Ina theannta sin, roinn siad tuairimí freisin maidir leis na bearta sin ina gcuirtear béim ar an digitiú agus ar an ngá atá le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le hoideachas agus oiliúint nuálach.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025