Rún an Aontais borradh a chur faoin intleacht shaorga le sár-ríomhairí
Le rialacha nua an Aontais, tugtar rochtain ar shár-ríomhairí do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna chun an intleacht shaorga a thástáil agus a fhorbairt.
Cad is sár-ríomhairí ann?
Is éard is sár-ríomhaire ann córas ríomhaireachta sárfhorbartha atá deartha chun tacair sonraí an-mhór a láimhseáil agus ríomhanna casta a dhéanamh ar luasanna an-ard atá i bhfad thar chumas ríomhairí caighdeánacha.
Tá na meaisíní cumhachtacha seo comhdhéanta de na mílte próiseálaithe idirnasctha a oibríonn go comhuaineach le chéile. Cuireann sé sin ar chumas taighdeoirí agus forbróirí ardteicneolaíochtaí intleachta saorga (IS) a cheapadh níos tapúla, borradh a chur faoin nuálaíocht agus deiseanna nua a chruthú chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, cuir i gcás an t-athrú aeráide, forbairt cógas, an chibearshlándáil, agus iompar níos glaise agus níos sábháilte.
Conas is féidir le sár-ríomhairí cuidiú le IS a fhorbairt?
Braitheann córais intleachta saorga ar thacair fhairsinge sonraí chun foghlaim agus feabhsú. Teastaíonn acmhainní ríomhaireachta cumhachtacha uathu freisin chun algartaim chasta a phróiseáil agus ríomhanna ardluais a dhéanamh.
Tá rochtain ar na méideanna ollmhóra sonraí agus cumhachta ríomhaireachta sin de dhíth ar thaighdeoirí chun samhlacha sofaisticiúla intleachta saorga a fhorbairt, a oiliúint agus a mhionchoigeartú.
Le rialachán nua an Aontais, tugtar rochtain dóibh ar mhonarchana IS, is iad sin saoráidí speisialaithe ina bhfuil sár-ríomhairí úrscothacha.
Rialacha an Aontais maidir le húsáid na sár-ríomhaireachta i bhforbairt IS
I mí an Mheithimh 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua lena dtugtar rochtain d’úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ina measc, ar mhonarchana intleachta saorga, is iad sin eintitis a thairgeann seirbhísí sár-ríomhaireachta chun samhlacha IS a fhorbairt agus a thástáil.
Is é is aidhm don rialachán forbairt agus nuálaíocht IS a spreagadh, tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, agus cuidiú leis an Eoraip a bheith iomaíoch i gcónaí ar an leibhéal domhanda i dtaobh na hintleachta saorga freagraí inbhuanaithe.
Monarchana IS
Bíonn an méid a leanas ag monarchana IS:
- sár-ríomhaire IS
- lárionad mór sonraí a dhéanann uasghrádú rialta ar chumais IS an tsár-ríomhaire
- réimse seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS
Faoi na rialacha nua, féadfaidh eintitis a dhéanann monarchana IS a óstáil tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas lena gcumhdaítear suas le 50 % de na costais éadála agus oibriúcháin a bhaineann le sár-ríomhairí.
EuroHPC
Cuimsítear cruthú agus oibriú monarchana intleachta saorga anois sa Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (EuroHPC), tionscnamh darb aidhm ceannródaí a dhéanamh den Eoraip ó thaobh na sár-ríomhaireachta de.
Díríonn EuroHPC ar bhonneagar sár-ríomhaireachta a fhorbairt, a úsáid a chur chun cinn, agus tacú le forbairt teicneolaíochta agus scileanna.
I mí Eanáir 2026, ghlac an Chomhairle leasú ar rialachán EuroHPC, arb é is aidhm dó an méid seo a leanas a dhéanamh:
- gigeamhonarchana IS a bhunú san Eoraip
- colún candamach tiomnaithe a chruthú
Is saoráidí mórscála iad gigeamhonarchana IS ina mbíonn meascán de ríomhaireacht ardfheidhmíochta, lárionaid sonraí atá tíosach ar fhuinneamh, agus uathoibriú faoi thiomáint IS. Cuirfidh na lárionaid sin bonneagar ríomhaireachta IS den chéad scoth ar fáil chun tacú le taighdeoirí, fiontraithe agus tionscail Eorpacha, agus ar an gcaoi sin:
- treiseoidh siad neart tionsclaíoch na hEorpa
- cothóidh siad réitigh nua intleachta saorga
- feabhsóidh siad neamhspleáchas teicneolaíoch an Aontais
Féach freisin
An Gníomh um an Intleacht Shaorga
Míniú ar an intleacht shaorga (IS): úsáidí agus tionchar
Na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2026