Skip to content

An geilleagar digiteach

Faigh amach faoin gcaoi a gcuireann an tAontas borradh faoi na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhíonn ar siúl ar líne, agus faoin gcaoi a gcinntíonn sé margadh cothrom iomaíoch.

Tá an geilleagar digiteach á fheabhsú ag an Aontas trí straitéisí cuimsitheacha atá ceaptha chun iomaíocht a chur chun cinn, cánachas cothrom a chinntiú, tomhaltóirí a chosaint agus cothrom iomaíochta a chruthú idir gnólachtaí digiteacha agus gnólachtaí traidisiúnta.

Léaráid stílithe ina dtaispeántar lámh ina bhfuil fón cliste le cairteacha airgeadais, tralaí siopadóireachta, saighead mhór cúrsóra, agus bonn digiteach.

Iomaíocht níos cothroime idir cuideachtaí digiteacha

Tá sé d’aidhm ag an Aontas earnáil dhigiteach a chruthú lena gcuirfear iomaíocht chóir idir cuideachtaí digiteacha chun cinn, lena spreagfar nuálaíocht agus lena gcuirfear tairbhí ar fáil do thomhaltóirí.

Leagtar amach i nGníomh um Margaí Digiteacha an Aontais rialacha d’ardáin mhóra ar líne chun cosc a chur orthu mí-úsáid a bhaint as an staid cheannasach atá acu. Go praiticiúil, áirítear leis sin iompraíocht ar nós tús áite a thabhairt dá dtáirgí féin nó cosc a chur ar úsáideoirí aipeanna seachtracha a shuiteáil.

An chaoi a mbaineann cuideachtaí agus úsáideoirí tairbhe as an nGníomh um Margaí Digiteacha

Tugann an Gníomh um Margaí Digiteacha buntáistí do ghnólachtaí agus d’úsáideoirí araon trí thimpeallacht níos cothroime a chur chun cinn sa gheilleagar digiteach.

Iomaíocht níos córa idir ardáin ar líne, gan beann ar a méid.

Níos mó nuálaíochta i ngeilleagar an idirlín.

Rogha níos fearr agus praghsanna níos fearr do thomhaltóirí.

Cánachas cothrom sa gheilleagar digiteach

Is minic nach ngearrtar cáin ar bhrabúis ó ghníomhaíochtaí digiteacha sa tír ina bhfuil a n-úsáideoirí agus a dtomhaltóirí lonnaithe.

Mar fhreagairt ar an gclaochlú digiteach leanúnach, tá an tAontas ag obair chun rialacha traidisiúnta na gcóras náisiúnta cánachais a thabhairt cothrom le dáta chun a chinntiú go n-íocfaidh gach earnáil dár ngeilleagair, gnólachtaí digiteacha san áireamh, a gcion cothrom de chánacha agus go gcuirfidh siad le feidhmiú ár sochaithe.

Bailiú CBL ó ardáin ar líne

I gcás roinnt mhaith soláthraithe seirbhíse ar líne i réimse an iompair paisinéirí agus na cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos, ní íoctar CBL.

Chun aghaidh a thabhairt air sin, cuireann rialacha an Aontais de cheangal ar ardáin ar líne, a éascaíonn díol seirbhísí iompair paisinéirí agus cóiríochta gearrthéarmaí ar cíos, CBL a bhailiú agus a íoc thar ceann soláthraithe seirbhíse aonair.

Cinntítear leis sin go rannchuidíonn na soláthraithe seirbhíse sin a gcion cothrom CBL, rud a chuireann cothrom iomaíochta níos fearr agus timpeallacht mhargaidh níos iomaíche chun cinn.

Borradh a chur faoi earnáil an airgeadais dhigitigh

Tá seirbhísí airgeadais á n-athrú ó bhonn ag teicneolaíochtaí baincéireachta digití agus ag teicneolaíochtaí íocaíochta. Le rialacháin an Aontais, cinntítear cobhsaíocht airgeadais agus cosaint tomhaltóirí agus feabhsaítear éifeachtúlacht an chórais airgeadais.

Tá an tAontas ag obair chun euro digiteach, foirm dhigiteach airgid thirim, a thabhairt isteach chun freagairt ar roghanna íocaíochta tomhaltóirí atá ag athrú agus chun uathriail straitéiseach oscailte na hEorpa a neartú.

Tá ceanglais leagtha síos ag an Aontas d’eisitheoirí agus do sholáthraithe cripteashócmhainní chun cosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí, chun riosca na coireachta airgeadais a laghdú agus chun borradh a chur faoin nuálaíocht.

Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí san earnáil airgeadais a eascraíonn as spleáchas digiteach, tá caighdeáin slándála aonfhoirmeacha leagtha amach ag an Aontas do ghnólachtaí airgeadais agus dá soláthraithe seirbhíse chun a chinntiú gur féidir leo suaitheadh digiteach a láimhseáil agus téarnamh uaidh.

An chaoi a gcinntíonn an tAontas níos mó roghanna agus iomaíocht níos córa ar líne

Tá feabhas á chur go gníomhach ag an Aontas Eorpach ar an tírdhreach digiteach do mhuintir uile na hEorpa.

Caith súil ar ár scéal gné le go bhfeicfidh tú samplaí ón bhfíorshaol den chaoi a bhféachann an tAontas chuige go mbeidh iomaíocht níos córa i measc gnólachtaí digiteacha.

Lámh duine ag leagann méire ar chnaipe digiteach agus íomhá de dhuine ag obair ar ríomhaire glúine

Na blaisíní breise is déanaí

Taispeántar beirt a úsáideann fóin phóca ar an taobh eile de léarscáil den Aontas Eorpach, le línte cuartha a nascann iad chun glaonna, téacsanna agus úsáid idirlín trasteorann a mholadh ar fud thíortha an Aontais.
Cosaint tomhaltóirí: glaoch a chur, téacs a sheoladh nó scimeáil ar an ngréasán

Cosaint tomhaltóirí: glaoch a chur, téacs a sheoladh nó scimeáil ar an ngréasán

Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas

Cáin bhreisluacha (CBL) san Aontas

Cánachas digiteach

Cánachas digiteach

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Iúil 2026