An intleacht shaorga
Bí ar an eolas faoin tslí a bhfuil an tAontas ag cinntiú go bhfuil córais IS sábháilte agus go n-urramaíonn siad cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais.
Tá ár ndomhan á athmhúnlú ag an intleacht shaorga tríd an nuálaíocht a spreagadh, tríd an éifeachtúlacht a threisiú agus tríd an saol laethúil a fheabhsú.
Bhí an tAontas agus na Ballstáit ceannródaíoch sa mhéid a rinne siad i dtaobh bhunú an chéad dlí ar domhan chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an intleacht shaorga; chinntigh siad freisin úsáid na hintleachta saorga a chur chun cinn ag an am céanna.
An Gníomh um an Intleacht Shaorga: an chéad dlí dá leithéid
Tugtar aghaidh leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí sonracha IS, trína n-aicmiú i gceithre leibhéal riosca agus trí rialacha éagsúla a bhunú dá réir:
- físchluichí, scagairí turscair: ní rialaítear iad
- botaí comhrá: oibleagáidí trédhearcachta
- úsáid san iompar, san earcaíocht, i ndeonú iasachtaí: ceanglais dhiana
- scóráil i dtaobh saoránach, aghaidh-aithint: tá cosc orthu
An intleacht shaorga a thuiscint
Leis an intleacht shaorga, tá athrú ó bhonn ag teacht ar an tsochaí agus an geilleagar. Tá sé d’aidhm ag an Aontas a chinntiú go mbeidh an intleacht shaorga duinelárnach agus iontaofa.
Tá rioscaí ag baint le roinnt córas intleachta saorga. Cinntítear leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga go n-úsáidtear an intleacht shaorga go sábháilte agus i gcomhréir le luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais.
Beartais eile de chuid an Aontais maidir le forbairt agus úsáid na hintleachta saorga
Tá rochtain anois ag cuideachtaí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta ar shár-ríomhairí Eorpacha chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a fhorbairt agus a thástáil.
Baineann ardáin saothair dhigitigh úsáid as algartaim chun an lucht saothair a bhainistiú. Ceanglaítear le rialacha nua go gcaithfear fógra a thabhairt d’oibrithe faoi fhaireachán agus faoi chinnteoireacht uathoibrithe.
An Gníomh um an Intleacht Shaorga: a bhfuil i ndán dúinn
Tá an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach chun feabhas a chur ar an timpeallacht dhigiteach ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad. Ní mór don saol digiteach a bheith sábháilte agus gan dua agus ní mór dó na saoirsí bunúsacha a urramú.
Léigh ár scéal gné chun a fháil amach faoin gcaoi a bhfuil ríomh-shainaitheantas coiteann á chruthú ag an Aontas, faoi na rialacha atá uaidh chun IS atá sábháilte agus iontaofa a chinntiú agus faoin gcaoi a n-éascaíonn sé comhroinnt sonraí sláinte sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte.
An scéala is déanaí
An intleacht shaorga san oideachas: Cur chuige duinelárnach iarrtha ag an gComhairle Intleacht Shaorga: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le rialacha a shimpliú agus a chuíchóiriú A seasamh comhaontaithe ag an gComhairle i ndáil leis na rialacha maidir leis an Intleacht Shaorga a chuíchóiriú
Na blaisíní breise is déanaí
An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun borradh a chur faoina iomaíochas
Rún an Aontais borradh a chur faoin intleacht shaorga le sár-ríomhairí
An t-aistriú digiteach: todhchaí dhigiteach an Aontais a mhúnlú
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026