Skip to content

An Gníomh um an Intleacht Shaorga

Is é Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga an chéad dlí ar domhan maidir leis an intleacht shaorga. Is é is aidhm dó a chinntiú go bhfuil córais IS sábháilte, eiticiúil agus iontaofa.

A bhfuil i gceist leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga

Is é is aidhm don Ghníomh um an Intleacht Shaorga a chinntiú go ndéanfar córais intleachta saorga (IS) a fhorbairt agus a úsáid go freagrach. Leis na rialacha, forchuirtear oibleagáidí ar sholáthraithe agus úsáideoirí teicneolaíochtaí IS agus rialaítear údarú na gcóras intleachta saorga i margadh aonair an Aontais.

Tugtar aghaidh leis an dlí ar rioscaí a bhaineann le IS, cuir i gcás claontacht, idirdhealú agus bearnaí cuntasachta, cuirtear an nuálaíocht chun cinn agus spreagtar glacadh IS.

Ós rud é gurb é an chéad dlí ar domhan é lena rialaítear IS, d’fhéadfadh rialacha an Aontais caighdeán domhanda a leagan síos i dtaobh rialú IS, faoi mar a rinne an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i dtaobh príobháideachas sonraí, trí intleacht shaorga eiticiúil, shábháilte agus iontaofa a chur chun cinn ar fud an domhain.

Eolaithe i gcótaí saotharlainne i mbun plé, agus ríomhchláraitheoir ar ríomhaire glúine ag idirghníomhú le deilbhíní a léiríonn intleacht shaorga, inchinn agus aistriúchán teanga.

Riosca níos airde, rialacha níos déine

Tugtar aghaidh leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí sonracha IS, trína n-aicmiú i gceithre leibhéal riosca agus trí rialacha éagsúla a bhunú dá réir.

Cliceáil nó tapáil ar na samplaí sa phirimid thíos chun an leibhéal riosca a bhaineann leo agus na rialacha a chuirtear i bhfeidhm ina leith a fheiceáil.

Leagan téacs

Léaráid idirghníomhach ina dtaispeántar pirimid aisiompaithe ina bhfuil ceithre chineál córais IS a fhreagraíonn do leibhéil dhifriúla riosca.

Is iad seo a leanas na ceithre leibhéal riosca a luaitear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga agus a rialacha comhfhreagracha:

Rioscaí íosta nó gan riosca ar bith

Níl rioscaí ag baint le formhór na gcóras IS. Níl srian ar úsáid cluichí nó scagairí turscair a chumhachtaítear le IS. Ní rialaítear iad leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga ná níl feidhm aige maidir leo.

Rioscaí teoranta

Na córais IS sin nach mbaineann ach rioscaí teoranta leo, cuir i gcás botaí comhrá nó córais ginte ábhair, tá siad faoi réir oibleagáidí trédhearcachta, mar shampla a nochtadh gurb é IS a ghin an t-ábhar iontu, ionas gur féidir le húsáideoirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir húsáid bhreise a bhaint astu.

Ardrioscaí

Maidir le córais IS ardriosca, mar shampla na córais sin a úsáidtear i gcás diagnóisiú galair, tiomáint uathrialaitheach agus sainaithint bhithmhéadrach daoine aonair a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí nó imscrúduithe coiriúla, ní mór dóibh ceanglais agus oibleagáidí dochta a chomhlíonadh sula dtabharfar rochtain dóibh ar mhargadh an Aontais. Áirítear orthu sin diantástáil, trédhearcacht agus maoirseacht dhaonna.

Rioscaí do-ghlactha

Córais IS atá ina mbagairt ar shábháilteacht, ar chearta nó ar shlite beatha daoine, tá cosc ar a n-úsáid san Aontas. Ina measc sin tá ionramháil chognaíoch iompraíochta, póilíneacht thuarthach, aithint mothúcháin san ionad oibre agus in institiúidí oideachais, agus scóráil shóisialta. Tá toirmeasc freisin ar chianchórais sainaitheanta bithmhéadraí, mar shampla córais aghaidh-aitheanta a d’fhéadfadh údaráis forfheidhmithe dlí a úsáid i spásanna poiblí, cé is moite de roinnt eisceachtaí teoranta.

IS ilchuspóireach

Is iad samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is bonn le córais intleachta saorga atá in ann raon leathan cúraimí a dhéanamh, mar shampla téacs a ghiniúint agus íomhánna a aithint, ar fud feidhmchláir éagsúla.

Na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha sin nach mbaineann rioscaí sistéamacha leo, tá siad faoi réir ceanglais theoranta, mar shampla oibleagáidí trédhearcachta, agus ní mór do na samhlacha sin a mbaineann rioscaí sistéamacha leo rialacha níos déine a chomhlíonadh.

Ollstruchtúr rialachais

Chun forfheidhmiú cuí a chinntiú, bunaíonn an Gníomh um an Intleacht Shaorga roinnt comhlachtaí rialaithe:

  • oifig um an Intleacht Shaorga sa Choimisiún Eorpach chun na rialacha comhchoiteanna a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais
  • painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha chun tacú leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin
  • bord um an Intleacht Shaorga ar a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit chun comhairle a chur ar an gCoimisiún agus cúnamh a thabhairt dó maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach éifeachtach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga
  • fóram comhairleach do na páirtithe leasmhara chun saineolas teicniúil a chur ar fáil don bhord um an Intleacht Shaorga agus don Choimisiún

Pionóis

Leagtar síos sa dlí fíneálacha i leith sáruithe ar na rialacha.

Tá na pionóis bunaithe ar chéatadán de láimhdeachas iomlán na cuideachta ón mbliain roimhe sin nó ar mhéid socraithe, cibé acu is airde. Gearrfar fíneálacha comhréireacha ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta.

Tacaíocht le haghaidh na nuálaíochta

Féachtar, leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, chun forfheidhmiú éifeachtach an dlí atá ann cheana maidir le cearta bunúsacha agus sábháilteacht a fheabhsú, ach ní hé sin an t-aon chuspóir atá aige. Is é is aidhm dó freisin infheistíocht agus nuálaíocht in IS a chur chun cinn san Aontas, agus forbairt margaidh aonair d’fheidhmchláir IS a éascú.

Dá réir sin, cuimsíonn na rialacha forálacha breise chun tacú le nuálaíocht IS san Aontas. Tá an méid sin fite fuaite le tionscnaimh eile freisin, cuir i gcás plean comhordaithe an Aontais um an intleacht shaorga, arb é is aidhm dó dlús a chur leis an infheistíocht in IS san Eoraip.

Obair na Comhairle maidir le IS

I mí Dheireadh Fómhair 2020, phléigh an Chomhairle Eorpach an t-aistriú digiteach.

Maidir le IS, d’iarr ceannairí an Aontais ar an gCoimisiún an méid a leanas a dhéanamh:

  • bealaí a mholadh chun infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha Eorpacha agus náisiúnta i dtaighde, nuálaíocht agus imscaradh na hintleachta saorga a mhéadú
  • comhordú níos fearr agus tuilleadh líonraí agus sineirgí a chinntiú idir ionaid taighde Eorpacha bunaithe ar bharr feabhais
  • sainmhíniú soiléir, oibiachtúil a thabhairt ar chórais intleachta saorga ardriosca

I mí Aibreáin 2021, d’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh rialachán darb aidhm na rialacha maidir leis an intleacht shaorga a chomhoiriúnú (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus plean comhordaithe ina raibh sraith gníomhaíochtaí comhpháirteacha don Choimisiún agus do na Ballstáit. Is é is aidhm don phacáiste rialacha sin cur leis an muinín as an intleacht shaorga agus forbairt agus nuashonrú theicneolaíocht IS a chothú.

Phléigh an Chomhairle an gníomh a bhí beartaithe i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus leag sí béim, ar thaobh amháin, ar na tairbhí suntasacha sochaíocha agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le IS i réimse leathan earnálacha agus, ar an taobh eile, ar a thábhachtaí atá sé príobháideachas a chosaint agus sábháilteacht agus slándáil a chinntiú.

Ghlac an Chomhairle a seasamh i ndáil leis na rialacha nua maidir le IS an 6 Nollaig 2022. Is mian leis an gComhairle go mbeadh IS sábháilte, dleathach agus iontaofa ann lena n-urramófaí cearta bunúsacha.

An 9 Nollaig 2023, tar éis 3 lá de mhórphlé, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga.

Ghlac an Chomhairle an gníomh go foirmiúil an 21 Bealtaine 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2024.

An 29 Meitheamh 2026, thug an Chomhairle cead deiridh do rialachán nua lena ndéantar na rialacha maidir leis an intleacht shaorga a chuíchóiriú agus a shimpliú. Tá an dlí nua mar chuid den phacáiste reachtach ‘Omnibus VII’ i gclár oibre an Aontais maidir le simpliú. Le príomhfhoráil den dlí nua, cuirtear toirmeasc ar chleachtais intleachta saorga a bhaineann le hábhar gnéasach agus dlúthphearsanta neamhthoiliúilábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a ghiniúint.

Do shaol ar líne: cén chaoi a ndéanann an tAontas é níos fusa agus níos sábháilte duit?

Tá an tAontas Eorpach ag obair go gníomhach chun feabhas a chur ar an timpeallacht dhigiteach ar mhaithe le muintir na hEorpa ar fad. Ní mór don saol digiteach a bheith sábháilte agus gan dua agus ní mór dó na saoirsí bunúsacha a urramú.

Léigh ár scéal gné chun a fháil amach faoin gcaoi a bhfuil ríomh-shainaitheantas coiteann á chruthú ag an Aontas, faoi na rialacha atá uaidh chun IS atá sábháilte agus iontaofa a chinntiú agus faoin gcaoi a n-éascaíonn sé comhroinnt sonraí sláinte sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte.

Bean agus cupán ina lámh aici ina seasamh os comhair ríomhaire glúine, í dírithe ar an scáileán, cúlra neodrach taobh thiar di.

Féach freisin

Tá gloine formhéadúcháin ar a bhfuil deilbhín de chiorcad intleachta saorga ina lámh ag duine. Tá scrúdú á dhéanamh ar ríomhaire glúine sreangshamhla a bhfuil solas ag teacht uaidh.
Míniú ar an intleacht shaorga (IS): úsáidí agus tionchar

Míniú ar an intleacht shaorga (IS): úsáidí agus tionchar

Tá dhá dheilbhín chorcra, ceann acu ina tic agus an ceann eile ina comhartha uaillbhreasa, ar mhaide corrach, rud a léiríonn go bhfuil tairbhí agus rioscaí á meas.
Na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga

Na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga

Bean ghnó ag siúl feadh saighead lonrach atá déanta as línte atá cosúil le ciorcad, siombail den dul chun cinn agus den chlaochlú digiteach.
An t-aistriú digiteach: todhchaí dhigiteach an Aontais a mhúnlú

An t-aistriú digiteach: todhchaí dhigiteach an Aontais a mhúnlú

An t-athbhreithniú deireanach: an 29 Aibreán 2025