Skip to content
  • Nuacht
  • 25 Iúil 2023 11:47

Tuilleadh dlíthe maidir le hOiriúnach do 55 chun geilleagar an Aontais Eorpach a dhícharbónú glactha ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle rialacha nua a chuideoidh le sprioc an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Baineann na rialacha leis na nithe seo a leanas:

  • eifeachtúlacht fuinnimh
  • bonneagar breoslaí malartacha
  • dícharbónú na hearnála muirí

Éifeachtúlacht fuinnimh

Is é is aidhm do na rialacha nua tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú trí spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh níos uaillmhianaí a leagan síos. Leis na rialacha seo, i dteannta a chéile laghdóidh na Ballstáit tomhaltas deiridh fuinnimh faoi 11.7% ar a laghad in 2030, i gcomparáid leis na réamhaisnéisí tomhaltais fuinnimh in 2030 a rinneadh in 2020.

Foirgneamh, crainn, gluaisteán leictreach, muileann gaoithe.

Bonneagar breoslaí malartacha

Leis an rialachán maidir le bonneagar breoslaí malartacha (AFIR), cinnteofar go n-imscarfar tuilleadh stáisiún athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha ar fud na hEorpa sna blianta amach romhainn. Cuirfidh sé sin ar chumas na hearnála iompair a lorg carbóin a laghdú go suntasach.

An tionscnamh ‘FuelEU maritime’

Is é príomhchuspóir an tionscnaimh ‘FuelEU Maritime’ an t-éileamh ar bhreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus a n-úsáid chomhsheasmhach a mhéadú agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na loingseoireachta a laghdú, agus, ag an am céanna, oibriú rianúil an tráchta mhuirí a chinntiú agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Eanáir 2024