- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 12 Deireadh Fómhair 2015 10:50
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Libia
Is díol sásaimh don Aontas Eorpach Comhaontú Polaitiúil na Libia agus tacaíonn sé go hiomlán leis, ar comhaontú é a thíolaic Bernadino Leon, Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, do thoscairí na Libia i Skhirat an 8 Deireadh Fómhair. Cuireann sé in iúl go bhfuiltear fíorbhuíoch díobh siúd uile a bhí rannpháirteach san idirbheartaíocht le míonna fada anuas, agus a léirigh freagracht agus ceannaireacht. Is díol sásaimh freisin dó gur ainmníodh pearsana sinsearacha don Rialtas nua Comhaontaithe Náisiúnta, a bhfuil freagracht anois orthu comh-aireacht a chur le chéile agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.
Iarrann an tAontas ar pháirtithe uile na Libia an comhaontú sin a fhormheas go pras agus tacú leis ionas go mbeidh an Libia in ann bóthar na síochána agus an rathúnais a ghabháil. Is é seo an t-aon bhealach amháin chun freastal ar thoilmhianta mhuintir na Libia. Aithníonn an tAontas gurb í seo an chéad chéim thábhachtach chun an Libia a chur ar bhóthar an aistrithe síochánta, ach gur céim í a chaithfear a ghlacadh anois. Na daoine sin a dteastaíonn uathu bac a chur ar an gcomhaontú seo, measfar iad a bheith freagrach as a ndéanfaidh siad.
Tá an tAontas sásta oibriú i ndlúthchomhar leis an Rialtas nua Comhaontaithe Náisiúnta, a luaithe agus a bhunófar é, agus tacaíocht láithreach, shuntasach a thabhairt i roinnt limistéar éagsúil a shaineofar i gcomhar le húdaráis na Libia.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024