Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 12/10/2015, 12 Deireadh Fómhair 2015

Na príomhthorthaí

Bhain an plé a rinneamar leis an imirce, leis an Libia agus leis an tSiria - ar ceisteanna lárnacha idirnasctha iad a bhfuil baint shuntasach ag an Aontas leo. Is cúis áthais dom an aontacht atá á taispeáint ag an Aontas i ndáil leis na ceisteanna sin, rud a léirítear sna Conclúidí uainn. Tá an tAontas réidh lena chuid a dhéanamh, chun tacú leis na próisis pholaitiúla faoi stiúir na Náisiún Aontaithe maidir leis an Libia agus leis an tSiria. Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

An Libia

Bhí deis ag na hAirí le linn chruinniú na Comhairle a léiriú gur díol sásaimh dóibh comhaontú polaitiúil na Libia a thíolaic Bernardino Leon, Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, i Skhirat an 8 Deireadh Fómhair agus gur thacaigh siad leis an gcomhaontú sin. Ghlac an Chomhairle Conclúidí chun na críche sin, go suntasach, conclúidí ina n-iarrtar ar pháirtithe uile na Libia an comhaontú sin a fhormheas go pras agus tacú leis an gcomhréiteach seo ionas go mbeidh an Libia in ann aghaidh a thabhairt ar an tsíocháin agus ar an rathúnas.

An tSiria

Bhí díospóireacht chuimsitheach ag na hAirí maidir leis an tSiria, agus an méid a tharla sa tír le déanaí á chur san áireamh. Ghlac an Chomhairle conclúidí.

An Imirce

Phléigh na hAirí na gnéithe seachtracha a bhaineann leis an imirce. Ghlac an Chomhairle Conclúidí lena gcuirfear leis an bplé a dhéanfar ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an 15-16 Deireadh Fómhair.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025