Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 29 Deireadh Fómhair 2015 14:15

An Bhealarúis: Déanann an tAontas Eorpach bearta sriantacha i gcoinne an chuid is mó de na daoine agus i gcoinne na n-eintiteas uile, a ndírítear orthu faoi láthair, a chur ar fionraí

Tá an Chomhairle tar éis an calcadh sócmhainní agus an toirmeasc taistil a bhfuil feidhm acu maidir le 170 duine aonair agus an calcadh sócmhainní a bhfuil feidhm aige maidir le trí eintiteas sa Bhealarúis, a chur ar fionraí. Glacadh an cinneadh sin mar fhreagairt ar scaoileadh saor phríosúnaigh pholaitiúla uile na Bealarúise an 22 Lúnasa agus i gcomhthéacs feabhas a chur ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis.

Is fada ó thosaigh an tAontas Eorpach ag iarraidh go nglacfaí an chéim seo .i. na príosúnaigh pholaitiúla uile a scaoileadh saor. Mar thoradh ar an dul chun cinn sin, chuir an tAontas an chuid is mó de na bearta sriantacha ar fionraí, agus tuilleadh forbairtí dearfacha á spreagadh aige lena gcuirfí feabhas ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis. Leanfaidh an tAontas de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chúrsaí daonlathais agus cearta an duine sa Bhealarúis. 

Bhí na bearta sriantacha i gcoinne daoine agus eintiteas le dul in éag an 31 Deireadh Fómhair. Chuir an Chomhairle síneadh leis na bearta sin go ceann ceithre mhí, go dtí an 29 Feabhra 2016, agus ag an am céanna chuir sé ar fionraí iad i ndáil le 170 duine agus le trí eintiteas. Tá ceathrar, a raibh baint acu le cásanna nár réitíodh de dhaoine a bheith ar iarraidh sa Bhealarúis, fós faoi réir bearta sriantacha. Tá an lánchosc ar onnmhairiú arm i bhfeidhm i gcónaí freisin. 

Thug an Chomhairle an liosta de dhaoine agus d'eintitis cothrom le dáta freisin chun an cásdlí is déanaí a chur san áireamh.

Glacadh an cinneadh trí nós imeachta i scríbhinn. Tá gníomhartha dlíthiúla, lena n-áirítear sonraí maidir leis na daoine agus leis na heintitis lena mbaineann, foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais an 30 Deireadh Fómhair agus tiocfaidh siad i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024