- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 20 Samhain 2015 16:30
Conclúidí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó na Ballstáit, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le feabhas a chur ar fhreagairt an cheartais choiriúil ar an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air
AG TABHAIRT DÁ nAIRE go dtugtar dúshláin shuntasacha, athraitheacha leis an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, nach mór do na Ballstáit, go príomha, aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal breithiúnach, agus, i gcás inarb iomchuí, a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu freisin trí thacaíocht chomhordaithe ar an leibhéal Eorpach i gcomhréir leis na Conarthaí;
AG MEABHRÚ DÓIBH, gur ghlac an Chomhairle, faoi chuimsiú Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh [1], leagan athbhreithnithe de "Straitéis an Aontais chun an Radacú agus an Earcaíocht don Sceimhlitheoireacht a Chomhrac", i mí an Mheithimh 2014 [2] agus i mí na Nollag 2014 [3] agus gur thagair sí i mí an Mheithimh 2015 [4] dá thábhachtaí atá sé an feiniméan sin a chosc agus dul i ngleic leis mar thosaíocht do ghníomhaíocht sa todhchaí;
AG MEABHRÚ DÓIBH gur leag an Chomhairle Eorpach béim, sa ráiteas uaithi an 12 Feabhra 2015 [5], ar an ngá atá ann tionscnaimh a chur ar bun maidir le hathshlánú sa chomhthéacs breithiúnach d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na tosca a chuireann leis an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, sna príosúin freisin;
BUNAITHE ar an bplé a rinne na hAirí Dlí agus Cirt maidir le freagairt éifeachtach bhreithiúnach ar an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, a tugadh chun críche le Ráiteas Comhpháirteach Ríge an 29-30 Eanáir 2015, chomh maith leis na díospóireachtaí a bhí ar siúl ag an lón a bhí ag na hAirí an 13 Márta 2015, agus níos déanaí na torthaí a bhí ar Chomhdháil Aireachta an 19 Deireadh Fómhair 2015, a bhí dírithe ar an ábhar sin;
AGUS AIRD Á TABHAIRT ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le "Cosc a chur ar radacú i dtreo na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh: Freagairt an Aontais Eorpaigh a neartú"[6], ar an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, mí Aibreáin 2015 [7], chomh maith leis na Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Athnuaite Slándála Inmheánaí, mí an Mheithimh 2015 [8], measann siad gur tosaíochtaí iad saincheisteanna sonracha an díscoir, an athshlánaithe agus an dí-/fhrithradacaithe le haghaidh gníomhaíocht do na blianta atá le teacht;
Comhairle an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle,
MEASANN SÍ go gcaithfear cur chuige trasearnála, ildisciplíneach a ghlacadh chun dul i ngleic ar bhealach éifeachtach leis an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, agus na gnéithe éagsúla uile á gcur san áireamh: cosc, imscrúdú, ionchúiseamh, ciontú, athshlánú agus athimeascadh.
MEASANN SIAD go gcaithfear, chun na críche sin, an comhordú agus na sineirgí iomchuí a chinntiú idir na geallsealbhóirí ábhartha poiblí agus príobháideacha, go háirithe ionchúisitheoirí agus breithiúna, agus leas á bhaint as na hionstraimí dlíthiúla agus as na beartais atá ann cheana agus an smacht reachta agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á gcomhlíonadh ina n-iomláine,
AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ar an mbaol atá ann don tslándáil phoiblí
TUIGEANN SIAD an gá atá ann idirdhealú a dhéanamh, ag brath ar riachtanais iarbhír agus ar na rioscaí sonracha a bhaineann le gach cás áitiúil, agus ar na córais náisiúnta dlí agus ar an eagraíocht bhreithiúnach, chomh maith leis na páirtithe agus na geallsealbhóirí atá i gceist, agus mar sin, tuigeann siad an gá atá le cur chuige cás ar chás
MEASANN SIAD mar sin go gcabhróidh na gníomhaíochtaí a leanas le freagairt an cheartais choiriúil ar an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, agus ÁITÍONN SIAD ar na geallsealbhóirí ábhartha uile na gníomhaíochtaí iomchuí uile a chur chun feidhme nuair is féidir agus i gcás inar féidir ar chor ar bith é, agus LEAGANN SIAD BÉIM ar an ról riachtanach atá ag gníomhaithe áitiúla
1. Struchtúr agus eagrú na gcóras coinneála
- Na Ballstáit le beartas measta saincheaptha a cur chun feidhme chun an radacú as a n-eascraíonn an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach i bpríosún a chosc, a bheidh oiriúnaithe do chúinsí náisiúnta agus do riachtanais na ndaoine aonair lena mbaineann, lena bhféadfadh go n-áireofaí gnéithe amhail an méid a leanas
- forbairt a dhéanamh ar uirlisí measúnaithe riosca agus uirlisí chun comharthaí an radacaithe a bhrath go luath, agus faisnéis a roinnt idir na gníomhaithe éagsúla i gcóras an cheartais choiriúil
- líon leordhóthanach ionadaithe ard-oilte creidimh a chur ar fáil sna príosúin agus tacaíocht a thabhairt d'oibrithe sóisialta agus do chomhairleoirí
- deiseanna foghlama agus deiseanna chun smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt a thairiscint do phríosúnaigh
- timpeallacht shlán a chumasú sa phríosún chun go mbeifear in ann cláir athshlánaithe agus athimeasctha a chur i bhfeidhm go héifeachtach le haird ar an leibhéal measa agus ar na hidirghníomhaíochtaí atá idir foireann an phríosúin agus na daoine atá á gcoinneáil
- sa chomhthéacs seo, leanúint d'fheabhas a chur ar na coinníollacha coinneála i gcomhréir leis na rialacha atá forbartha agus leis an obair atá ar siúl faoi láthair sa réimse sin i gComhairle na hEorpa
- sa chomhthéacs seo, foghlaimeoidh na Ballstáit ó na ceachtanna, ón dea-chleachtais agus ó na moltaí ón Líonra don Fheasacht ar an Radacú (LFR), agus go háirithe na moltaí ó mheitheal "Phríosún agus Phromhadh LFP", ina pháipéar breithnithe is déanaí ó mhí Dheireadh Fómhair 2015 "Ag déileáil leis an radacú i gcomhthéacs an phríosúin agus an phromhaidh"
- Tá Meitheal LFP le leanúint d'ardán a sholáthar chun dea-chleachtais ar an ábhar sin a roinnt, agus cuidiú leis an athbhreithniú a dhéanamh ar Lámhleabhar 2008 a dhréachtaigh an Ostair, an Fhrainc agus an Ghearmáin maidir leis an mbealach chun déileáil leis an radacú a bhfuil a sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, go háirithe sna príosúin
- Na Ballstáit le cláir maidir le dí-radacú/díscor/athshlánú sna príosúin a fhorbairt, mar is iomchuí, mar ullmhúchán don scaoileadh, agus cláir iar-scaoilte a fhorbairt chun athimeascadh a chur chun cinn
- Na Ballstáit le húsáid a bhaint as Ionad Barr Feabhais RAN agus tairiscint an Ionaid sin tacú leosan na cláir sin a bhunú arna iarraidh sin.
2. Bearta mar mhalairt nó mar bhreis ar ionchúiseamh agus/nó ar an gcoinneáil
- Na Ballstáit le haghaidh a thabhairt ar an gcaoi a dtéann siad i ngleic le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta ar bhealach ildisciplíneach iomlánaíoch, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis ábhartha a roinnt idir fórsaí fhorfheidhmithe an dlí, na seirbhísí slándála agus na seirbhísí ionchúisimh agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a roinnt le húdaráis áitiúla agus le hoibrithe sóisialta; d'fhéadfaí sin a dhéanamh trí chomhlachtaí ildisciplíneacha nó modhanna ildisciplíneacha oibre a bhunú nó trína áirithiú ar bhealaí eile go ndéanfaí an obair leantach ar bhealach comhtháite
- Na Ballstáit chun leas iomlán a bhaint as ECRIS (an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla) agus an Coimisiún le togra a thíolacadh chun ECRIS a leathnú chun náisiúnaigh tríú tír a chumhdach
- Na Ballstáit le cur chuige saincheaptha, cás ar chás, a mheas, laistigh de chreat a n-eagraíochtaí breithiúnacha náisiúnta agus leas á bhaint as solúbthacht na gcóras ceartais choiriúil (d'ógánaigh) atá acu, ar cur chuige é a bheadh bunaithe ar mheasúnú cuí riosca lena gcuirfí san áireamh mar is ceart na hábhair imní i ndáil le cúrsaí slándála agus sábháilteacht an phobail, agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta malartacha nó bearta breise ar choinneáil agus/nó ar ionchúiseamh ag gach céim den nós imeachta, an t-athshlánú ina measc, lena n-áirítear mar choinníoll don phromhadh nó chun téarmaí príosúnachta a chur ar fionraí
- Na Ballstáit le breathnú ar uirlis measúnaithe riosca a úsáid agus a fhorbairt tuilleadh chun go n-úsáidfidh na breithiúna í nuair a bheidh an beart malartach thuasluaite á mheas nó na bearta breise á meas, bunaithe ar chur chuige aonair, lena n-áirítear an fhéidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar an riosca go tráthrialta, mar gur próiseas dinimiciúil é an radacú; leas a bhaint, sa chomhthéacs sin, as an obair atá déanta ag Comhairle na hEorpa agus ag an Ionad Idirnáisiúnta Frithsceimhlitheoireachta (ICCT).
3. Comhtháthú, athshlánú agus athimeascadh
- Stiúrfaidh na Ballstáit iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna bunúsacha atá leis an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, trí bhearta spriocdhírithe, coisctheacha, trí ghníomhaíochtaí agus cláir spreagtha comhtháthaithe, lena n-áirítear i réimse an oideachais, lena gcuirtear Cearta Bunúsacha, an Smacht Reachta agus an daonlathas chun cinn agus lena spreagtar sochaithe a bheidh cuimsitheach, fulangach agus iolraíoch
- modhanna agus uirlisí le forbairt ag údaráis áitiúla, náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta, i dteannta na sochaí sibhialta, maidir leis an gcaoi ar féidir fáil réidh le steiréitíopaí agus ar féidir an insint mhalartach a fhorbairt chun freastal ar spriocghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear trí líonraí agus spásanna poiblí a chruthú don idirphlé
- sa chomhthéacs sin, na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí lena mbaineann ón Aontas, le díriú ar úsáid an Idirlín don radacú sceimhlitheoireachta agus chun críocha na hearcaíochta agus d'fhuathchaint ar líne a chuireann faitíos ar dhaoine, a scaipeann míthuiscintí agus steiréitíopaí faoi phobail agus faoi ghrúpaí ar leith, agus a ghríosaíonn an foréigean agus an fuath, go sonrach trí chomhar maidir leis an gcumarsáid straitéiseach a fhorbairt, lena n-áirítear le Soláthraithe Seirbhíse Idirlín, agus, i gcás inarb iomchuí, trí aonaid atreorúcháin ar líne, cuir i gcás, leanúint de thacaíocht a thabhairt d'Aonad Atreorúcháin ar Líne Europol agus don Fhoireann Chomhairleach don Chumarsáid Straitéiseach maidir leis an tSiria
- Na Ballstáit le bearta a chur chun feidhme lena gceadófar don athshlánú, don díradacú agus don díscor laistigh agus lasmuigh de na príosúin agus do na trodaithe eachtracha fillte agus do na daoine siúd nach gceadaítear dóibh taisteal a athimeascadh sa tsochaí, ar bearta iad a bheidh saincheaptha do na dálaí áitiúla agus do gach cás ar leith
- Na Ballstáit le rannpháirtíocht íospartach agus iar-throdaithe sceimhlitheoireachta eachtracha athshlánaithe a áirithiú mar aon le hoibrithe sóisialta, pobail agus teaghlaigh
- Na Ballstáit le taithí agus dea-chleachtas san athshlánú, sa díradacú agus sa díscor laistigh nó lasmuigh de na príosúin, a mhalartú lena chéile
- Na Ballstáit le húsáid a bhaint as saineolas Ionad Barr Feabhais an Líonra don Fheasacht ar an Radacú (RAN) agus as tairiscint an Ionaid sin tacú leosan na cláir sin a bhunú arna iarraidh sin.
4. Oiliúint
- Na Ballstáit leis na hacmhainní a chur ar fáil chun oiliúint leordhóthanach a chur ar na gníomhaithe uile (lucht foirne sna príosúin, oifigigh phromhaidh, na breithiúna etc.) a bhíonn ag déileáil le hantoiscigh radacaithe, foréigneacha nó leo siúd atá i mbaol a radacaithe, ar bhealach marthanach agus ildisciplíneach agus an tacaíocht atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta á húsáid
- an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOP), CEPOL, agus leas á bhaint as saineolas Eurojust agus as saineolas Ionad Barr Feabhais RAN, agus, i gcás inarb iomchuí, as saineolas Chónaidhm an Phromhaidh Eorpaigh (CPE) agus Europris, le tacú leis na Ballstáit trí chineálacha éagsúla oiliúna (cúrsaí traidisiúnta, seimineáir ghréasáin, malartú foirne, ...) do shlabhra iomlán ghníomhaithe an cheartais choiriúil a bhíonn ag déileáil leis an sceimhlitheoireacht; sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an modheolaíocht maidir le measúnú riosca agus ar chlár athshlánúcháin a fhorbairt, ar úsáid a bhaint as malairtí ar choinneáil, chomh maith le deiseanna oiliúna comhchosúla do ghníomhaithe neamhbhreithiúnacha a bhíonn ag déileáil le daoine radacaithe.
5. Foghlaim ón bhfaireachán agus ó chleachtais a mhalartú
- Eurojust le leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar threochtaí agus ar fhorbairtí trí úsáid a bhaint as a Chóras um Fhaireachán ar Chiontuithe Sceimhlitheoireachta (CFCS), as an gcreat reachtaíochta agus as an gcásdlí ábhartha is infheidhme sna Ballstáit maidir leis an sceimhlitheoireacht agus leis an radacú foréigneach, lena n-áirítear úsáid a bhaint as malairtí ar ionchúiseamh agus ar choinneáil, agus ar an gcaoi sin cur le forbairt an bheartais choiriúil i dtaobh trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta
- Eurojust, RAN (trína chuid meithleacha agus trína Ionad Barr Feabhais freisin), GEOP, agus, nuair is iomchuí, Europol, chomh maith le CPE agus Europris, le cothú a dhéanamh ar mhalartú na gcleachtas náisiúnta sin atá ann cheana agus na gceachtanna a foghlaimíodh astu, agus úsáid á baint freisin as an obair a rinneadh i gcomhlachtaí ábhartha eile (go háirithe UNICRI [9] agus GCTF[10]) maidir le freagairt an cheartais choiriúil ar an radacú sin a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air, go háirithe na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu faoi phointe 1 go pointe 4:
- struchtúr agus eagrú saoráidí coinneála
- na huirlisí le haghaidh measúnú riosca a bheidh le húsáid ag breithiúna agus ag ionchúisitheoirí agus ag lucht foirne sna príosúin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na bagartha ó throdaithe eachtracha sceimhlitheoireachta agus ó throdaithe eachtracha fillte
- na córais "triáiseála", arb é is aidhm dóibh measúnú a dhéanamh ar an "tsraith" is iomchuí do gach cás ar leith
- bearta malartacha nó bearta breise ar ionchúiseamh agus/nó ar choimeád, agus go háirithe cláir athshlánúcháin sna príosúin agus lasmuigh díobh
- comhar idir na gníomhaithe ábhartha lena mbaineann, sa chomhthéacs breithiúnach agus lasmuigh de, lena n-áirítear oiliúint
- an beartas coiriúil maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta
- an t-idirlíon agus ardáin shóisialta a úsáid
6. Cistiú
- an Coimisiún leis an mbealach a réiteach leis an méid thuasluaite a dhéanamh trí chistiú an Aontais do chláir oiliúna do na geallsealbhóirí éagsúla lena mbaineann agus trí chistiú an Aontais do thionscadail ar leith, i gcomhréir le rialacha na gclár ábhartha cistiúcháin,
- an Coimisiún le cistiú a chur ar fáil do na Ballstáit chun cláir díradacaithe/cláir athshlánúcháin a fhorbairt sna príosúin agus lena n-úsáid in imeachtaí coiriúla, go háirithe trí aithris a dhéanamh, mar thosaíocht, ar shamplaí áisiúla de dhea-chleachtais ó na Ballstáit, agus freisin le tacaíocht a thabhairt d'Ionad Barr Feabhais an Líonra don Fheasacht ar an Radacú (RAN) leis na cláir sin a bhunú
- na Ballstáit le tabhairt faoi thionscadail ar leith lena ndíreofaí ar reachtaíocht a bhaineann leis an gciníochas agus leis an tseineafóibe a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí oiliúint a chur ar bhreithiúna, ar ionchúisitheoirí agus ar phóilíní; déanfaidh an Coimisiún cistiú spriocdhírithe a chur ar fáil chun na críche sin
- na Ballstáit le tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta leis an gcaoinfhulaingt a chur chun cinn agus dul i ngleic leis an bhfuathchoireacht agus leis an bhfuathchaint, lena n-áirítear trí fhrith-léirithe a fhorbairt ar líne, agus cuidiú á fháil ón gCoimisiún chuige sin
- an Coimisiún le roghnú beartais don chomhtháthú sóisialta a chothú trí Chiste Sóisialta na hEorpa
- na Ballstáit leis na geallsealbhóirí éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear gníomhaithe an cheartais choiriúil, údaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta, a spreagadh leis an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú atá ar fáil
- ba cheart na gníomhaíochtaí thuasluaite a dhéanamh laistigh de na hacmhainní airgeadais a leagtar amach sa Chreat Ilbhliantúil Airgeadais, agus déanfar na saincheisteanna sin a chomhtháthú san athbhreithniú meántéarmach a dhéanfar ar an gCreat sin.
7. An ghné sheachtrach
- an tAontas Eorpach le freagairt an cheartais choiriúil ar an radacú sin a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air a chur chun cinn, go hidirnáisiúnta agus le cabhrú le tríú comhpháirtithe i ndáil leis sin, agus an aird chuí á tabhairt ar chúinsí áitiúla agus ar ábhair imní maidir leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht phoiblí
IARRANN SIAD ar an Uachtaránacht, ar an gCoimisiún agus ar Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle, de réir mar is iomchuí agus i gcás inarb iomchuí, faoin dul chun cinn maidir leis na Conclúidí seo a chur chun feidhme.
[1]14469/4/05
[2] 9956/14
[3] 16526/14
[4] 9951/15
[5]SN 10/15
[6]5451/14
[7] 8293/15
[8]9798/15
[9] Institiúid Idir-réigiúnach na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an gCoirpeacht agus ar an gCeartas
[10] Fóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024