Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 20/11/2015, 20 Samhain 2015

Na Príomhthorthaí

Tháinig na hAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile le chéile sa Bhruiséil tar éis na n-ionsaithe tubaisteacha sceimhlitheoireachta a rinneadh i bPáras, lena chinntiú go leanfar leis na bearta atá ann cheana agus le plé a dhéanamh faoin mbealach ina bhféadfaí freagairt an Aontais a neartú trí roinnt conclúidí a ghlacadh. 

Mheabhraigh an Chomhairle a phráinní agus a thábhachtaí agus atá an Treoir maidir le Taifead Eorpach ar Ainmneacha Paisinéirí. Tá sé d’aidhm i gcónaí ag an Uachtaránacht an sainchomhad seo a thabhairt chun críche roimh dheireadh na bliana seo.” a dúirt Etienne Schneider, Leas-Phríomh-Aire Lucsamburg, an tAire Slándála Inmheánaí agus Uachtarán na Comhairle 

Leag na hAirí béim ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur le cur chun feidhme na mbeart ar fad a leagadh amach sa ráiteas faoin bhfrithsceimhlitheoireacht a d'eisigh Comhaltaí na Comhairle Eorpaí, an 12 Feabhra 2015, agus go háirithe na bearta a leanas: Treoir maidir le Taifead AE ar Ainmneacha Paisinéirí (PNR), airm thine, rialuithe ar theorainneacha seachtracha, roinnt faisnéise, maoiniú sceimhlitheoireachta, freagairt an cheartais choiriúil ar an sceimhlitheoireacht agus ar an antoisceachas foréigneach.

Rinneadh obair mhór ar an talamh. Is próiseas fada atá i gceist leis an obair ar imeascadh, ar dhíradacú, ar athshlánú agus ar athimeascadh. Caithfear ár dtacaíocht iomlán a thabhairt do gach duine atá ag obair sa réimse sin. a dúirt Félix Braz, Aire Dlí agus Cirt Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle 

Dúirt Etienne Schneider, Leas-Phríomh-Aire Lucsamburg, an tAire Slándála Inmheánaí agus Uachtarán na Comhairle an méid a leanas: "Mheabhraigh an Chomhairle a phráinní agus a thábhachtaí agus atá an Treoir maidir le Taifead Eorpach ar Ainmneacha Paisinéirí. Tá sé d’aidhm i gcónaí ag an Uachtaránacht an sainchomhad seo a thabhairt chun críche roimh dheireadh na bliana seo. Caithfimid dul i mbun caibidlíochta faoi threoir éifeachtach, oibríochtúil, lena gcuimseofar eitiltí inmheánacha agus tréimhse réasúnta maidir le coimeád sonraí, agus níor cheart go mbeadh an treoir sin teoranta do choireanna trasnáisiúnta. Is é sin an sainordú caibidlíochta a dheimhnigh an Chomhairle inniu."

Ghlac na hAirí roinnt conclúidí, gan aon phlé, maidir le feabhas a chur ar fhreagairt an cheartais choiriúil ar an radacú a bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air.

Dúirt Félix Braz, Aire Dlí agus Cirt Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle an méid a leanas: "Rinneadh obair mhór ar an talamh. Is próiseas fada atá i gceist leis an obair ar imeascadh, ar dhíradacú, ar athshlánú agus ar athimeascadh. Caithfear ár dtacaíocht iomlán a thabhairt do gach duine atá ag obair sa réimse sin."

 

Beoshruth, físeáin agus grianghraif

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025