Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Aibreán 2016 20:35

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Libia

  1. Is mór ag an Aontas gur tháinig an Chomhairle Uachtaránachta i láthair i dTripilí ar an 30 Márta agus molann sé misneach agus diongbháilteacht an Phríomh-Aire Serraj, comhaltaí eile na Comhairle Uachtaránachta agus iad siúd ar gníomhaithe tacaíochta ar an talamh iad. Cabhraítear an bealach a réiteach leis sin chun go mbeidh an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta in ann an tír a rialú go héifeachtach agus chun go dtabharfar aghaidh ar riachtanais mhuintir na Libia.
  2. Beidh ar mhuintir na Libia agus a gceannairí uile iarrachtaí comhchoiteanna a dhéanamh agus oibriú as láimh a chéile le go mbeidh rath ar an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta. Leagann an tAontas béim ar an úinéireacht atá ag an Libia ar an bpróiseas polaitiúil agus ar a thábhachtaí agus atá sé go mbeidh an próiseas sin cuimsitheach, is é sin, go háirithe, go mbeidh gníomhaithe polaitiúla agus áitiúla, mná agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach ann i gcónaí. Tá an tAontas, tíortha comharsanachta na Libia, na Náisiúin Aontaithe agus an comhphobal idirnáisiúnta uile réidh chun tacú leis an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta, arna iarraidh sin dó, an tsíocháin agus an tslándáil a athbhunú sa Libia.
  3. Is é an Comhaontú Polaitiúil maidir leis an Libia, a síníodh in Skhirat ar an 17 Nollaig 2015 agus a d’fhormhuinigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe trí Rún 2259 a glacadh d’aon toil ar an 23 Nollaig 2015, is bun leis an dul chun cinn polaitiúil sa Libia. Thacaigh an tAontas go hiomlán le Comhaontú Polaitiúil na Libia agus measann sé gurb é an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta an t-aon rialtas dlisteanach atá sa Libia. Iarrann an tAontas ar na geallsealbhóirí uile, iad siúd atá sa réigiún go háirithe, leanúint de na comhpháirtithe uile sa Libia a spreagadh chun teagmháil chuiditheach a chothú leis an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta agus leis na hinstitiúidí eile ar fad atá páirteach i gComhaontú Polaitiúil na Libia. Cuireann an tAontas i bhfáth gur iarradh i Rún 2259 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nach dtabharfaí tacaíocht a thuilleadh d’institiúidí comhthreomhara eile, ar institiúidí iad a éilíonn gurb ionann iad agus an t-údarás dlisteanach, ach atá lasmuigh den Chomhaontú, agus nach ndéanfaí teagmháil oifigiúil leis na hinstitiúidí sin a thuilleadh.
  4. Is mór ag an Aontas gur thug institiúidí éagsúla náisiúnta aitheantas don Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta, lena n-áirítear an Banc Ceannais, an Chuideachta Náisiúnta Ola, Údarás Infheistíochta na Libia, chomh maith le bardais de chuid na Libia. Tá súil aige go n-aistreofar cumhacht chuig an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta láithreach bonn agus ar bhealach ordúil agus síochánta, agus áitíonn sé ar an mílíste agus ar na grúpaí armtha atá ann cheana údarás an Rialtais a urramú. I ndáil leis an méid sin, spreagann an tAontas Teach na nIonadaithe agus institiúidí eile, lena n-áirítear an Chomhairle Stáit nua, na róil a shanntar dóibh faoi Chomhaontú Polaitiúil na Libia a chomhlíonadh.
  5. Athdhearbhaíonn an tAontas go dtacaíonn sé go hiomlán le Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL) agus le Martin Kobler, Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus iarrachtaí á ndéanamh acu cur chun feidhme iomlán Chomhaontú Polaitiúil na Libia ag na páirtithe uile a áirithiú, agus leanfaidh an tAontas de thacú go gníomhach leis an obair atá á déanamh acu.
  6. Chuir an tAontas bearta sriantacha i bhfeidhm i gcoinne an triúir a chuir bac ar chur chun feidhme Chomhaontú Polaitiúil na Libia agus ar an aistriú polaitiúil. Athbhreithneoidh an tAontas a bhearta sriantacha freisin, más rud é go dtiocfaidh athrú ar a n-iompar agus, más gá, is féidir leis bearta sriantacha breise a thabhairt isteach i gcoinne daoine aonair eile a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht nó an tslándáil sa Libia i mbaol, nó a bhaineann an bonn den aistriú polaitiúil.
  7. Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta do phacáiste de bhearta suntasacha a chur ar fáil ina iomláine láithreach, pacáiste ar fiú €100m é san iomlán, chun tacú leis an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta agus le muintir na Libia i roinnt réimsí éagsúla atá le sainiú agus le cur in ord tosaíochta i ndlúthchomhar leis an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta agus trí chomhordú le UNSMIL. Is díol sásaimh don Aontas an cruinniú a ndearna UNSMIL agus an Ríocht Aontaithe comhchathaoirleacht air sa Túinéis ar an 12 Aibreán maidir leis an mbealach ina bhféadfadh an comhphobal idirnáisiúnta tacú leis na tosaíochtaí a leag an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta amach leis an tsíocháin, an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas a thabhairt chuig muintir na Libia. Uirlis thábhachtach a bheidh sa tSaoráid Chobhsaíochta le haghaidh na Libia, a bunaíodh le déanaí, i ndáil leis an méid sin. Leanann an tAontas de chúnamh gearrthéarmach a sholáthar trí ionstraimí éagsúla cistithe, lena n-áirítear trí thacú le bardais agus trí sheirbhísí bunriachtanacha a sholáthar do mhuintir na Libia atá i ngátar. Dá dtiocfadh feabhas ar na dálaí slándála ar an talamh bheadh sé níos fusa cúnamh ón Aontas a chur ar fáil. Tá an tAontas réidh chun tacaíocht a thabhairt don Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta leis an imirce agus cúrsaí tearmainn a bhainistiú, i ndlúthchomhar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus aird á tabhairt ar an méid a tháinig as Cruinniú Mullaigh Vaileite.
  8. Cáineann an tAontas go láidir gach iarracht chun cur isteach ar chobhsaíocht na Libia agus cuireann sé in iúl athuair gur cúis mhór imní dó an méadú atá ag teacht ar an mbagairt ón sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear ó Da’esh agus ó ghrúpaí gaolmhara. Léirítear leis an mbagairt sin go gcaithfidh an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta na fórsaí Libiacha as gach réigiún a aontú ar bhonn práinneach agus gurb é sin an t-aon bhealach amháin inar féidir leis an Libia an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas a bhaint amach, agus a haontacht agus a sláine críochach á gcaomhnú ag an am céanna.
  9. Tá an tAontas réidh chun tacú leis an earnáil slándála sa chás go n-iarrann an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta an tacaíocht sin. Más rud é go bhfaightear iarraidh ón Libia agus tar éis dul i gcomhairle le muintir na Libia, d’fhéadfadh misean sibhialta féideartha de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta tacú le hiarrachtaí na Libia trí chomhairle a thabhairt agus trí fhorbairt acmhainní i réimsí na póilíneachta agus an cheartais choiriúil, lena n-áirítear an fhrithsceimhlitheoireacht, bainistiú teorainneacha, dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus le smuigleáil imirceach agus le gáinneáil ar dhaoine, mar chuid den tacaíocht níos ginearálta maidir le hAthchóiriú na hEarnála Slándála. D’fhéadfaí an misean féideartha sin a bhunú ar an gcumas pleanála atá ag EUBAM na Libia cheana. I dteannta an mhisin shibhialta a d’fhéadfadh a bheith ann, breathnófar tuilleadh freisin ar an tacaíocht ar féidir a chur ar fáil trí EUNAVFOR MED Sophia, tríd a chumas a fheabhsú chun cur isteach ar shamhail ghnó na smuigléirí ar dhaoine agus líonraí gáinneála agus cuidiú le slándáil níos leithne chun tacú le húdaráis dhlisteanacha na Libia, mar shampla tríd an bhforbairt acmhainní a d’fhéadfaí a dhéanamh, agus cur chun feidhme an dlí idirnáisiúnta. Áiritheoidh an tAontas go mbeidh an rannchuidiú uaidh cothrom leis na hiarrataí ó údaráis na Libia agus le riachtanais na n-údarás, agus go ráthófar leis go dtabharfar úinéireacht iomlán don Libia, go ndéanfar é a chomhordú leis an tacaíocht idirnáisiúnta eile faoin gcomhordú foriomlán a dhéantar ar UNSMIL agus go mbeidh sé comhleanúnach leis an tacaíocht sin. Thairis sin, aithníonn an tAontas a thábhachtaí agus atá slándáil theorainneacha na Libia ó thaobh slándáil réigiúnach agus slándáil na hEorpa de. I ndáil leis sin, breathnóidh an tAontas ar bhealaí chun feabhas a chur ar an tacaíocht réigiúnach a thugann sé, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí CBSC arb ann dóibh cheana sa tSaiheil.
  10. Athdhearbhaíonn an tAontas go gcáineann sé go láidir gach sárú ar chearta an duine sa Libia agus gach drochúsáid a bhaineann leis an gceart sin. Tabharfaidh an tAontas cuid mhór tacaíochta don Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta agus é ag iarraidh cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn.
  11. Tá imní mhór ar an Aontas faoin staid dhaonnúil atá ag dul in olcas agus iarrann sé go dtabharfaí aghaidh ar an gcás láithreach sna limistéir is mó atá thíos leis, Benghazi san áireamh. I ndáil leis sin, is mór ag an Aontas an plean freagartha daonnúil de chuid na Náisiún Aontaithe agus tá sé réidh chun cúnamh sa bhreis a sholáthar. Iarrann an tAontas ar gach páirtí sa Libia a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhac ag an lucht daonnúil agus go mbeidh oibreoirí cúnaimh dhaonnúil slán sábháilte chun gur fusa a bheidh sé cúnamh a thabhairt do shibhialtaigh atá i ngátar agus iad a chosaint.
Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024