Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18-19 Aibreán 2016

Príomhthorthaí - Míreanna faoin gcosaint

Má tá réimse amháin ann inar ríléir go bhfuil luach breise ag gabháil leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) agus inar féidir le huirlisí an Aontais tacú go mór leis an obair a dhéanann an Eagraíocht sin, is i ndáil le bagairtí hibrideacha é.” Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

“Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an creat comhpháirteach maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, creat ina n-áirítear 22 thogra nithiúla. “Má tá réimse amháin ann inar ríléir go bhfuil luach breise a gabháil leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT, agus inar féidir le huirlisí an Aontais tacú go mór leis an obair a dhéanann sí, is i ndáil le bagairtí hibrideacha é.” Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Cur i gcoinne bagairtí hibrideacha

Ghlac an Chomhairle Conclúidí, inar cuireadh i dtreis gur gá leas a bhaint as ionstraimí an Aontais chun bagairtí hibrideacha ar an Aontas, ar a chuid Ballstát agus ar a chomhpháirtithe, a chosc agus a chomhrac agus an obair leantach i ndáil le beartais inmheánacha agus sheachtracha á cur san áireamh.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil an tArdionadaí ar intinn “cill um chumasc hibrideach” de chuid an Aontais a chruthú agus chuir sí i dtreis an rannchuidiú a d’fhéadfaí a dhéanamh tríd an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus an gá atá le hidirchaidreamh, comhar agus comhordú níos dlúithe le ECAT.

Poblacht na hAfraice Láir

D’fhormheas an Chomhairle go seolfaí misean oiliúna míleata i bPoblacht na hAfraice Láir chun cuidiú le hathchóiriú na hearnála cosanta sa tír sin.

Is in Bangui a bheidh an misean bunaithe agus beidh sé i mbun feidhme ar feadh tréimhse dhá bhliain i dtús báire. Ag leanúint as misean comhairleach míleata de chuid an Aontais (EUMAM RCA), féachfaidh an misean oiliúna le Fórsaí Armtha na hAfraice Láir (FACA) a fhorbairt ionas go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach nua-aimseartha, éifeachtach, cuimsitheach agus cuntasach agus ar bhonn daonlathach.

Forbairt acmhainní mar thacaíocht don tslándáil agus don fhorbairt (CBSD)

Phléigh an Chomhairle iarrachtaí an Aontais chun acmhainní a fhorbairt mar thacaíocht don tslándáil agus don fhorbairt d’fhonn go mbeidh tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí réigiúnacha in ann géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú uathu féin.

Chuir an tArdionadaí i dtreis an tacaíocht pholaitiúil sa Chomhairle agus sa Choimisiún araon le haghaidh togra reachtach maidir leis na rialacha mionsonraithe maoiniúcháin. D’iarr sí go réiteofaí saincheisteanna dlí atá fós gan réiteach a luaithe is féidir chun go bhféadfar togra a chur i láthair sna míonna amach romhainn.

Príomhthorthaí - Míreanna i ndáil le cosaint

“Cothrom an taca seo bliain ó shin go baileach, bhásaigh 800 duine ar muir in uiscí na Libia san aird ó dheas ó Lampedusa. De dheasca na tubaiste sin chuathas i mbun gnímh faoi dheireadh thiar thall. Shocraíomar go gcaithfí beatha daoine a shábháil, ar dtús, thar aon rud eile. Le sé mhí anuas, trí oibríocht chabhlaigh an Aontais sa Mheánmhuir, sábháladh beatha 13000 duine a raibh 800 leanbh ina measc, gabhadh 68 smuigléir agus cuireadh 100 árthach ó fheidhm.” Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

An Imirce

Phléigh an Chomhairle gníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le gnéithe seachtracha na himirce. D’aontaigh sí gur ghá díriú níos mó ar bhealaí na Meánmhara Láir agus Oirthear na Meánmhara. Rinne sí an dul chun cinn maidir le comhaontú an Aontais leis an Tuirc a mheas agus d’atbhreithnigh sí bearta agus tionscnaimh an Aontais a glacadh maidir le bealach na Meánmhara Láir. Leag na hAirí béim ar na gníomhaíochtaí atáthar a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh gáinneálaithe agus smuigléirí, go háirithe trí EUNAVFOR MED Sophia, ar an tacaíocht a thugann an tAontas don Afraic trí Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic, ar na cruinnithe ardleibhéil cuimsitheacha idirphlé faoin imirce le tíortha de chuid na hAfraice agus ar an obair le tíortha G5 na Saiheile. Chas na hAirí le Filippo Grandi, Ard-Choimisinéir UNHCR, freisin.

An Libia

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an Libia agus chuir sí in iúl gur mór aici gur tháinig an Chomhairle Uachtaránachta i láthair i dTripilí ar an 30 Márta 2016 agus molann sí misneach agus diongbháilteacht an Phríomh-Aire Serraj, comhaltaí eile na Comhairle Uachtaránachta agus iad siúd ar gníomhaithe tacaíochta ar an talamh iad.

Is cuidiú é an méid sin leis an tslí a réiteach chun go mbeidh an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta in ann an tír a rialú go héifeachtach agus chun go dtabharfar aghaidh ar riachtanais mhuintir na Libia.

Tá an tAontas réidh chun tacú leis an earnáil slándála i gcás go n-iarrann an Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta an tacaíocht sin. Más rud é go bhfaightear iarraidh ón Libia agus tar éis dul i gcomhairle le muintir na Libia, d’fhéadfaí b’fhéidir misean sibhialta de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta a bhunú chun tacú le hiarrachtaí na Libia trí chomhairle a thabhairt agus trí fhorbairt acmhainní i réimsí na póilíneachta agus an cheartais choiriúil, lena n-áirítear an fhrithsceimhlitheoireacht, bainistiú teorainneacha, dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus le smuigleáil imirceach agus le gáinneáil ar dhaoine, mar chuid den tacaíocht níos ginearálta d’athchóiriú na hearnála slándála.

D’fhéadfadh a leithéid de mhisean a bhunú ar an gcumas pleanála atá ag EUBAM na Libia cheana. Breathnófar tuilleadh freisin ar an tacaíocht is féidir a chur ar fáil trí EUNAVFOR MED Sophia trí chur lena chumas an bonn a bhaint de shamhail ghnó na smuigléirithe agus na líonraí gáinneála agus trí chuidiú ar bhealach níos leithne leis an tslándáil chun tacú le húdaráis dhlisteanacha na Libia, mar shampla trí fhorbairt acmhainní a dhéanamh le haghaidh garda cósta na Libia, agus trí chur chun feidhme an dlí idirnáisiúnta.

Comhpháirtíocht an Oirthir

Phléigh an Chomhairle forbairtí polaitiúla i measc chomhpháirtithe an Oirthir agus na bealaí is fearr chun Comhpháirtíocht an Oirthir (EaP) a fhorbairt, agus an cruinniú a bheidh ag Airí na Comhpháirtíochta ar an 23ú Bealtaine ar intinn aici.

Mar ullmhúchán do chruinniú sin na Comhpháirtíochta d’fhéach an Chomhairle ar chreat na Comhpháirtíochta i gcomhthéacs dhifreáil mhéadaithe an chaidrimh dhéthaobhaigh; bealaí chun tacú le tíortha EaP leanúint d’athchóirithe; agus an chaoi inar féidir le EaP cuidiú leis an gcobhsaíocht a threisiú sa réigiún.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025