Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 25 Bealtaine 2016 12:45

Síneadh dhá bhliain curtha leis an íosráta cánach breisluacha (CBL)

Ar an 25 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle treoir lena gcoimeádfar an t-íosráta caighdeánach CBL ag 15% go ceann dhá bhliain eile.

Is chuige an t-íosráta caighdeánach sin dibhéirseacht iomarcach i rátaí CBL a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm a chosc, maraon leis na míchothromaíochtaí struchtúracha nó an saobhadh iomaíochais a d’fhéadfadh éirí as sin. Cuireadh íosráta caighdeánach 15% i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2015.

I bhfianaise a bhfuil de phlé ar siúl faoi láthair i ndáil le rialacha cinntitheacha le haghaidh réimse Eorpach aonair CBL, déantar leis an treoir sin an t-íosráta caighdeánach a shíneadh le haghaidh tréimhse atá fada go leor chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú. Leis sin coimeádtar an t-íosráta caighdeánach CBL ag 15% ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2017.

Glacadh an treoir gan aon phlé ag cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024