- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 1 Meitheamh 2016 18:45
Tá an tAontas Eorpach chun an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (CCE) a shíniú le Grúpa CCE Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (CFDA)
Ar an 1 Meitheamh 2016, d’údaraigh an Chomhairle, thar ceann an Aontais, go síneofaí an Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (CCE) idir an tAontas agus Grúpa CCE Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (CFDA) agus go gcuirfí i bhfeidhm ar bhonn sealadach é. Is iad na comhaltaí atá i nGrúpa CCE Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice ná an Bhotsuáin, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib, an Afraic Theas, an tSuasalainn.
Meastar go ndéanfar searmanas sínithe CFDA-AE CCE i Kasane (an Bhotsuáin) ar an 10 Meitheamh 2016.
Is é is cuspóir do na comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch feabhas a chur ar an gcomhtháthú réigiúnach agus ar an bhforbairt eacnamaíoch i nGrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Grúpa ACC). Is ar phrionsabal oscailt neamhshiméadrach an mhargaidh atá na comhaontuithe bunaithe, rud a chiallaíonn gur fearr go mór an rochtain a bheidh ag comhpháirtithe an Aontais i nGrúpa ACC ar mhargadh an Aontais. Leis na comhaontuithe sin, tabharfar deiseanna margaidh thar cuimse le haghaidh táirgí talmhaíochta agus iascaigh. Cuireadh CCE in ionad réimeas na bhfabhar aontaobhach a bhíodh ann roimhe seo, réimeas trína raibh rochtain ag an nGrúpa ACC ar na margaí.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024