Skip to content

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic

Díríonn an chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an Afraic ar dhlúthpháirtíocht, slándáil, síocháin agus ar fhorbairt agus rathúnas eacnamaíoch inbhuanaithe marthanach.

An tsíocháin agus an rathúnas a chur chun cinn

Anois agus cúrsaí geopholaitíochta chomh corraithe agus atá, seasann an chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach mar chrann taca cobhsaíochta agus luachanna comhroinnte. Leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, cuirtear todhchaí faoi shíocháin agus faoi bhláth chun cinn agus í bunaithe ar chomhar idirnáisiúnta riailbhunaithe.

In 2025, rinne an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach ceiliúradh ar 25 bliana de chomhpháirtíocht eatarthu. Le ceathrú céid anuas, d’fhorbair an chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach ina comhghuaillíocht chuimsitheach pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála.

Is tosaíocht straitéiseach ag an Aontas í an chomhpháirtíocht. Is é an tAontas an príomh-chomhpháirtí trádála atá ag an Afraic, is é an t-infheisteoir is mó atá aici é, agus is é an príomh-chomhpháirtí síochána agus slándála aici é, agus é ag tacú sé leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus leis an bhfás cuimsitheach.

Tá os cionn 1.4 billiún duine ina gcónaí san Afraic, is san Afraic atá cuid de na geilleagair is mó fás ar domhan agus is ann atá an daonra is óige ar domhan.

Cruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach

Bíonn cruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach ann gach 3 bliana, i bprionsabal, agus tugtar cinn stáit nó rialtais le chéile iontu chun dul i ngleic le dúshláin choiteanna agus chun spriocanna comhroinnte a leagan síos. Tionóltar na cruinnithe mullaigh sin san Afraic agus san Eoraip ar bhonn malartach.

Ag an seachtú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i mí na Samhna 2025, phléigh ceannairí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus an Aontais Afracaigh conasan comhar a neartú:

An lógó ina léirítear 25 bliana comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach.

i dtreo todhchaí rathúil agus inbhuanaithe

i réimsí na síochána, na slándála agus an rialachais

i bhfóraim iltaobhacha

a mhéid a bhaineann leis an imirce agus an tsoghluaisteacht

Cruinnithe foirmiúla eile idir tíortha na hAfraice agus an tAontas

Déantar an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Afraic a fhorbairt trí idirphlé foirmiúil:

  • cruinnithe aireachta, a thionóltar go rialta, idir airí gnóthaí eachtracha thíortha na hAfraice agus thíortha an Aontais agus ionadaithe Choimisiún an Aontais Afracaigh agus institiúidí an Aontais
  • cruinnithe bliantúla idir an Coimisiún Eorpach agus Coimisiún an Aontais Afracaigh
  • cruinnithe rialta idir Parlaimint na hEorpa agus an Pharlaimint Phan-Afracach

Réimsí comhair idir an tAontas agus an Afraic

An trádáil agus an infheistíocht

comhaontuithe trádála fabhracha caibidlithe ag an Aontas le 19 dtír san Afraic, is iad sin:

  • sé chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche le 15 thír san Afraic fho-Shahárach
  • ceithre chomhaontú comhlachais le tíortha san Afraic Thuaidh

Ina theannta sin, baineann 35 thír san Afraic tairbhe as socrú de chuid an Aontais darb ainm ‘Gach Ní Seachas Airm’, baineann trí cinn tairbhe as Scéim na bhFabhar Ginearálaithe agus baineann tír eile tairbhe as GSP+.

Colláis de phatrúin gheoiméadracha ghlasa agus ghorma, ina bhfuil réaltaí, gathanna agus dronuilleoga ag forluí ar a chéile; a léiríonn brat an Aontais Eorpaigh agus brat an Aontais Afracaigh. Tá coimeádáin sa cholláis freisin a léiríonn an caidreamh trádála.
Trádáil idir an tAontas agus an Afraic: fíricí agus figiúirí

Trádáil idir an tAontas agus an Afraic: fíricí agus figiúirí

Global Gateway

Tá an Afraic i gcroílár Global Gateway, straitéis an Aontais chun naisc inbhuanaithe ardchaighdeáin a thógáil a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus don phláinéad.

As 264 thionscadal shuaitheanta Global Gateway, is san Afraic atá 138 díobh.

Leis an bPacáiste Infheistíochta idir an Afraic agus an Eoraip, a seoladh faoi Global Gateway, slógfar suas le €150 billiún in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe ar fud na mór-roinne.

An tsíocháin agus an tslándáil

Misin agus oibríochtaí idir shibhialtach agus mhíleata

Sheol an tAontas roinnt misean agus oibríochtaí sibhialta agus míleata san Afraic, mar chuid den chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC).

I láthair na huaire, tá misin ag an Aontas sna tíortha seo a leanas:

  • Poblacht na hAfraice Láir
  • An Libia
  • Mailí
  • Mósaimbíc
  • an tSomáil

Ina theannta sin, sheol an tAontas aonad réigiúnach comhairleach agus comhordúcháin don tSaiheil, tionscnamh slándála agus cosanta chun tacú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine, chomh maith le trí oibríocht chabhlaigh a oibríonn gar don Afraic nó i ndáil le géarchéimeanna atá ar siúl san Afraic.

An tSaoráid Eorpach Síochána

Tacaíonn an tAontas freisin le tíortha na hAfraice tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, a bunaíodh i mí an Mhárta 2021. Is é is aidhm don tsaoráid cuidiú le coinbhleacht a chosc, an tsíocháin a thógáil agus a chaomhnú agus an tslándáil agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú.

Tá dhá cholún maoinithe ag an tSaoráid: colún na n-oibríochtaí agus colún na mbeart cúnaimh. Faoi cholún na n-oibríochtaí, maoinítear costais choiteanna mhisin agus oibríochtaí CBSC.

Faoi cholún na mbeart cúnaimh, maoinítear gníomhaíocht a dhéanann tíortha agus eagraíochtaí nach bhfuil san Aontas arb é is aidhm dóibh acmhainneachtaí míleata agus cosanta a neartú agus tacú le gnéithe míleata d’oibríochtaí tacaíochta síochána. Ghlac an Chomhairle bearta cúnaimh do roinnt tíortha san Afraic, lena gcuirtear san áireamh Beinin, Camarún, an Cósta Eabhair, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Gána, an Chéinia, Mailí, an Mháratáin, Poblacht an Chongó, Ruanda agus an tSomáil.

An fhrithsceimhlitheoireacht

Tacaíonn an tAontas le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta ar mhór-roinn na hAfraice.

An 16 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí agus é d’aidhm acu feabhas a chur ar na hiarrachtaí sin chun aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht agus ar an antoisceachas foréigneach, agus iarradh rannpháirtíocht níos dlúithe ón Aontas i dtionscnaimh frithsceimhlitheoireachta na hAfraice. Leag an Chomhairle béim chomh maith ar a thábhachtaí atá sé tairbhe a bhaint as ballraíocht an Aontais agus as an seasamh atá aige faoi láthair mar chomhchathaoirleach ar an bhFóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda (GCTF) chun tacú le tíortha na hAfraice an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac.

Tá an tAontas ina chomhchathaoirleach ar GTCF ó mhí Mheán Fómhair 2022, le Maracó ar dtús agus leis an Éigipt ó mhí an Mhárta 2023 i leith. Ardán iltaobhach neamhfhoirmiúil is ea GCTF chun iarrachtaí idirnáisiúnta a threisiú i gcur chuige straitéiseach fadtéarmach i leith na frithsceimhlitheoireachta agus chun an antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac.

Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta chun cláir fothaithe acmhainneachta frithsceimhlitheoireachta, agus eile, a chur ar fáil chun an t-antoisceachas foréigneach san Afraic a chomhrac. Faoi mhí Eanáir 2024, bhí timpeall €559 milliún infheistithe sna cláir sin, agus breis is 70% de na cistí ag dul go tionscadail i dtíortha san Afraic.

Ina theannta sin, tá ról ríthábhachtach ag saineolaithe frithsceimhlitheoireachta/slándála an Aontais atá imscartha i roinnt toscaireachtaí de chuid an Aontais ar mhór-roinn na hAfraice agus idirchaidreamh á chothú acu le rialtais óstacha, eagraíochtaí réigiúnacha agus leis an tsochaí shibhialta.

Afraic atá saor ó mhianaigh

Tá mianaigh talún frithphearsanra fós ina mbagairt thromchúiseach ar shibhialtaigh agus cuireann siad bac ar fhorbairt in go leor áiteanna ar domhan, an Afraic san áireamh. Tháinig an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Úsáid, Stoc-Charnadh, Táirgeadh agus Aistriú Mianach Frithphearsanra agus maidir lena nDíothú (ar a dtugtar Coinbhinsiún Ottawa) i bhfeidhm i mí an Mhárta 1999, agus is é an creat idirnáisiúnta é chun deireadh a chur leis an bhfulaingt agus leis na taismigh arb iad mianaigh fhrithphearsanra is cúis leo.

Ó 2026 ar aghaidh, tá 161 stát ina bpáirtithe sa choinbhinsiún, lena n-áirítear formhór na dtíortha san Afraic. Mar sin féin, tá oibleagáidí fós ar roinnt stát Afracach faoi Airteagal 5 den Choinbhinsiún limistéir mhianaithe atá faoina ndlínse a imréiteach.

Le fada an lá, tacaíonn an tAontas go láidir leis na hiarrachtaí domhanda chun deireadh a chur le mianaigh talún fhrithphearsanra agus chun aghaidh a thabhairt ar a n-iarmhairtí daonnúla. Tá an tAontas ar cheann de na deontóirí domhanda is mó i réimse na gníomhaíochta mianach.

An 16 Márta 2026, ghlac an Chomhairle cinneadh chun tacú le hacmhainneachtaí na hAfraice a fhorbairt i dtreo Afraic atá saor ó mhianaigh. A bhuí leis an gcinneadh sin, tacóidh an tAontas le tíortha san Afraic a ndéanann mianaigh talún frithphearsanra difear dóibh trí thionscadal ar fiú €3 mhilliún é, arna chur chun feidhme ag Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR).

An aeráid agus an comhshaol

Cé go bhfuil tíortha na hAfraice orthu siúd is measa atá buailte ag an ngéarchéim aeráide, is acu atá cuid mhaith de na réitigh inbhuanaithe.

Toisc tíortha na hEorpa agus na hAfraice a bheith cóngarach dá chéile agus go leor nasc eacnamaíoch eatarthu cheana féin, tá bonn láidir ann don chomhoibriú chun déileáil leis an ngéarchéim aeráide agus an t-aistriú glas a chur chun cinn.

Téitear i gcomhar i ngníomhú ar son na haeráide ar mhórán slite:

  • pacáiste infheistíochta Global Gateway, lena gcuirtear borradh faoi thionscnaimh ar mhaithe le bonneagar inbhuanaithe glas i dtíortha na hAfraice
  • comhpháirtíochtaí déthaobhacha agus iltaobhacha maidir le foraoisiú, hidrigin ghlas, dícharbónú agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ábhair eile

An imirce

Dála na gconclúidí ón gComhairle Eorpach a glacadh le blianta beaga anuas maidir le gné sheachtrach na himirce, is treoirlínte d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do Bhallstáit an Aontais sa réimse sin iad.

Gné ríthábhachtach amháin is ea an cur chuige cuimsitheach i leith na himirce agus an tearmainn, lena ndírítear ar roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear:

  • cosaint imirceach, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe leochaileacha
  • an imirce dhleathach agus soghluaisteacht an lucht saothair
  • aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta
  • smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

Áirítear leis chomh maith acmhainneachtaí bainistithe teorainneacha na dtíortha comhpháirtíochta a neartú, agus imircigh atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh ón Aontas chuig a dtíortha tionscnaimh, chomh maith le tacaíocht don fhilleadh deonach agus d’ath-imeascadh inbhuanaithe fillithe ina dtíortha tionscnaimh.

Ciste iontaobhais éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic

Bhunaigh an tAontas an Ciste Iontaobhais Éigeandála don Afraic i mí na Samhna 2015 chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an easáitithe éigeantaigh agus na himirce neamhrialta agus chun cur le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce. Chuaigh a shainordú in éag in 2021 ach lean na tionscadail ar aghaidh go dtí deireadh 2025.

Buiséad €5 bhilliún a bhí ag an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic agus is iomaí gníomhaí a chuireann EUTF don Afraic chun feidhme, idir ghníomhaireachtaí Bhallstáit an Aontais agus ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla.

Ionstraim an Aontais um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta

An 14 Meitheamh 2021, glacadh Ionstraim an Aontais um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI-GE) le buiséad €79.5 billiún, as a leithdháiltear 10% ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce don tréimhse 2021-2027.

Cumhdaíonn an Eoraip Dhomhanda níos mó ná 70% de mhaoiniú an Aontais don chaidreamh seachtrach. Tá sí bunaithe ar thrí cholún: cláir gheografacha, cláir théamacha agus gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

Straitéisí réigiúnacha

Corn na hAfraice

In 2021, d’fhormheas an Chomhairle na conclúidí lena mbunaítear straitéis nua don réigiún, straitéis nua do Chorn na hAfraice. Dírítear sa straitéis nua ar chomhpháirtíocht straitéiseach níos doimhne a chothú, ar an éagobhsaíocht a laghdú agus ar an daonlathas agus ar an bhfás inbhuanaithe a chur chun cinn.

Go dtí seo, ghlac an tAontas:

  • plean réigiúnach gníomhaíochta do Chorn na hAfraice (2015-2020)
  • creat straitéiseach do Chorn na hAfraice (2011)

Tá ionadaí speisialta (ISAE) ag an Aontas do Chorn na hAfraice.

Na Mór-Lochanna

I mí Feabhra 2023, d’fhormheas an Chomhairle na conclúidí ina leagtar amach rannpháirtíocht fhadtéarmach athnuaite an Aontais i réigiún na Mór-Lochanna.



Is é mórchuspóir agus tosaíocht an Aontais an tsíocháin, an daonlathas agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i réigiún na Mór-Lochanna ag cabhrú le claochlú bhunchúiseanna na neamhshláine agus na héagobhsaíochta ionas go ndéanfar díobh deiseanna comhroinnte. Tá tacaíocht á tairiscint ag an Aontas do na tíortha sa réigiún chun na haistrithe seo a leanas a dhéanamh:

  • ón teannas go hiontaobhas, slándáil agus cobhsaíocht
  • ó gháinneáil ar acmhainní nádúrtha go trádáil agus forbairt inbhuanaithe
  • ón iomaíocht go comhar agus comhtháthú

Tá ionadaí speisialta (ISAE) ag an Aontas do réigiún na Mór-Lochanna.

An tSaiheil

I mí Aibreáin 2021, d’fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir le straitéis chomhtháite an Aontais i réigiún na Saiheile. Tá sé i gceist leis an straitéis nua an chomhpháirtíocht láidir fhadtéarmach atá ann a threisiú agus leagtar amach inti an creat do bheartais agus do ghníomhaíocht sa réigiún.

I bhfianaise na héiginnteachta agus na héagobhsaíochta polaitiúla sa réigiún atá ag éirí níos measa, tá obair ag dul ar aghaidh chun cur chuige nua ón Aontas a fhorbairt.

Tá ionadaí speisialta (ISAE) ag an Aontas do réigiún na Saiheile.

Comhaontú Shamó

Is é comhaontú Shamó an creat dlíthiúil uileghabhálach don chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), i.e. 77 dtír, 47 dtír san Afraic san áireamh.

Is é is aidhm don chomhaontú an comhar polaitiúil a neartú trí thosaíochtaí agus spriocanna comhroinnte thar thréimhse 20 bliain. Cuirtear san áireamh ann bunús comhchoiteann ag leibhéal ESACC agus trí phrótacal réigiúnacha don Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin agus béim á leagan ar riachtanais shonracha na réigiún.

Féach freisin

Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

Cruinneog leis an Aontas aibhsithe i ndath gorm agus an Afraic Theas i ndath dearg.
Trádáil idir an tAontas agus an Afraic Theas

Trádáil idir an tAontas agus an Afraic Theas

An tSúdáin

An tSúdáin

An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Márta 2026