- An Chomhairle Eorpach
- Ráiteas agus barúlacha
- 3 Feabhra 2017 12:36
Dearbhú Mhálta ó Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí maidir le gnéithe seachtracha na himirce: aghaidh a thabhairt ar bhealach na Meánmhara Láir
1. Is díol sásaimh dúinn an méid atá á dhéanamh ag Uachtaránacht Mhálta gach gné de bheartas cuimsitheach an Aontais i leith na himirce a bhrostú ar aghaidh agus tacaímid léi san obair sin. Athdhearbhaímid go bhfuil rún daingean againn gníomhú agus lánurraim a thabhairt do chearta an duine,don dlí idirnáisiúnta agus do luachanna na hEorpa, agus gníomhú i gcomhar le UNHCR agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII).
2. D'fhonn beartas imirce inbhuanaithe a chur chun cinn tá sé ríthábhachtach rialú éifeachtach a dhéanamh ag ár dteorainneacha seachtracha agus srian a chur ar an sreabhadh neamhdhleathach imirceach chun an Aontais. Tháinig laghdú ar líon na n-imirceach in 2016, gan ach an tríú cuid ag teacht chugainn den mhéid a tháinig in 2015. Ar bhealach na Meánmhara Thoir, cé go bhfuiltear faoi bhrú i gcónaí, tháinig laghdú 98% sna ceithre mhí dheireanacha de 2016, bliain ar bhliain, ar líon na n-imirceach a tháinig chugainn isteach. Táimid tiomanta i gcónaí don ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc agus do gach uile ghné de a chur chun feidhme go hiomlán agus go neamh-idirdhealaitheach, agus do thacaíocht leanúnach a thabhairt do na tíortha ar bhealach na mBalcán Thiar.
3. Ar bhealach na Meánmhara Láir áfach, tháinig os cionn 181,000 imirceach thar teorainn isteach in 2016 agus tháinig méadú as cuimse, bliain i ndiaidh bliana ó 2013 i leith, ar líon na ndaoine a bádh nó a d'imigh ar iarraidh ar muir. Cailleadh na céadta duine cheana féin in 2017, agus tá rún daingean againn, anois agus an t-earrach ag druidim linn, bearta breise a dhéanamh chun an sreabhadh imirce ar bhealach na Meánmhara Láir a laghdú go mór agus samhail ghnó na smuigléirí a scriosadh, agus a bheith san airdeall i gcónaí ar bhealach na Meánmhara Thoir agus ar bhealaí eile chun an Aontais chomh maith. Cuirfimid dlús leis an obair leis an Libia, an tír is mó as a bhfágann na himircigh, agus leis an obair lena tíortha comharsanachta san Afraic Thuaidh agus san Afraic fho-Shahárach.
4. A bhuí leis an gCreat Comhpháirtíochta agus le Plean Gníomhaíochta Vaileite, bhíomar in ann comhar fadtéarmach le roinnt tíortha comhpháirtíochta a neartú, lena n-áirítear maidir le bunchúiseanna na himirce, trí chomhpháirtíocht stóinsithe atá bunaithe ar an iontaoibh fhrithpháirteach. Tá dea-thoradh ar an obair sin cheana féin agus cuirfear dlús léi. Ag an am céanna, i ngeall ar chomh práinneach is atá cúrsaí, ní mór bearta breise oibríochtúla a ghlacadh láithreach ar an leibhéal réigiúnach, agus ní mór cur chuige pragmatach solúbtha saincheaptha a ghlacadh ag gach pointe beo agus baint ag gach uile ghníomhaí feadh an bhealaigh imirce leis. Is díol sásaimh dúinn, sa chomhthéacs sin, an Teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí maidir leis an Imirce ar Bhealach na Meánmhara Láir - an sreabhadh a bhainistiú, an bheatha a shábháil.
5. Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh an Libia a chur ar a boinn, agus déanfaidh an tAontas a mhíle dícheall cuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach, i gcás na Libia, go mbeadh smacht ag na húdaráis ar na teorainneacha talún agus muirí agus go rachaidís i ngleic le gníomhaíochtaí idirthurais agus le gníomhaíochtaí smuigleála. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do shocrú cuimsitheach polaitiúil faoi chuimsiú an chomhaontaithe pholaitiúil maidir leis an Libia, agus do thacaíocht a thabhairt don Chomhairle Uachtaránachta agus don Rialtas Comhaontaithe Náisiúnta, a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leis. Nuair is féidir, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit dlús freisin leis an gcomhar agus leis an gcúnamh a thugtar do phobail réigiúnacha agus áitiúla na Libia agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta atá i mbun gnímh sa tír sin.
6. Tabharfar tús áite do na gnéithe seo a leanas:
a. oiliúint, trealamh agus tacaíocht a chur ar fáil do gharda cósta náisiúnta na Libia agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile. Ní mór dlús a chur go gasta le cláir chomhlántacha oiliúna de chuid an Aontais, ó thaobh dhéine na gclár de agus ó thaobh líon na ndaoine de, ag tosú leis na cláir sin atá ar bun cheana féin faoi Oibríocht SOPHIA agus ní mór tógáil ar an taithí sin. Ní mór don mhaoiniú atá ar fáil do na gníomhaíochtaí sin a bheith inbhuanaithe, intuartha agus ní mór don phleanáil ina leith a bheith inbhuanaithe, intuartha freisin, lena n-áirítear trí Líonra "Seahorse" na Meánmhara;
b. tuilleadh a dhéanamh chun samhail ghnó na smuigléirí a scriosadh trí ghníomhaíocht fheabhsaithe oibríochtúil, faoi chuimsiú cur chuige comhtháite a mbeidh an Libia féin agus tíortha eile atá ar an mbealach agus comhpháirtithe ábhartha idirnáisiúnta rannpháirteach ann, mar aon leis na Ballstáit rannpháirteacha, misin agus oibríochtaí CBSC, Europol agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach;
c. tacú le forbairt na bpobal áitiúil sa Libia, go háirithe i limistéir cois cósta agus ag teorainneacha talún na Libia ar na bealaí imirce, nuair is féidir sin a dhéanamh, chun feabhas a chur ar a staid shocheacnamaíoch agus chun feabhas a chur freisin ar an teacht aniar atá iontu mar phobail óstacha;
d. féachaint leis, i gcomhar le UNHCR agus EII, go mbeidh acmhainní glactha leordhóthanacha agus coinníollacha leordhóthanacha sa Libia le haghaidh na n-imirceach;
e. tacú le EII dlús a chur le gníomhaíochtaí a bhaineann le filleadh cuidithe deonach;
f. feabhas a chur ar fheachtais faisnéise agus for-rochtana d'imircigh sa Libia agus i dtíortha tionscnaimh agus idirthurais, i gcomhar le gníomhaithe áitiúla agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe chun samhail ghnó na smuigléirí a chomhrac;
g. cuidiú leis an mbrú atá ar theorainneacha talún na Libia a laghdú, trí oibriú le húdaráis na Libia agus le tíortha comharsanachta uile na Libia, lena n-áirítear trí thacú le tionscadail lena gcuirtear feabhas ar a gcumas bainistithe teorann;
h. súil a choimeád ar bhealaí malartacha imirce agus ar shraonadh gníomhaíochtaí smuigléirí, trí oibriú i gcomhar le tíortha comharsanachta na Libia agus leis na tíortha a thagann faoin gCreat Comhpháirtíochta, le tacaíocht ó na Ballstáit agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha uile an Aontais agus trí na hionstraimí faireachais uile is gá a chur ar fáil;
i. leanúint de bheith ag tacú le hiarrachtaí agus le tionscnaimh na mBallstát aonair atá i mbun gnímh go díreach leis an Libia; i ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh don Aontas an Meabhrán Comhthuisceana a shínigh Údaráis na hIodáile agus Cathaoirleach Chomhairle Uachtaránachta al-Serraj ar an 2 Feabhra 2017 agus tá sé réidh chun tacú leis an Iodáil agus é á chur chun feidhme aici;
j. idirphlé agus comhar maidir leis an imirce a fheabhsú le tíortha comharsanachta uile na Libia, lena n-áirítear comhar oibríochtúil níos fearr a dhéanamh leis na Ballstáit agus leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach maidir le himeachtaí a chosc agus filleadh a bhainistiú.
7. Cuirfear na hacmhainní is gá ar fáil chun na cuspóirí sin a bhaint amach. I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Vaileite, neartóidh an tAontas Eorpach priomhshruthú na himirce faoina Chúnamh Oifigiúil Forbartha don Afraic, arb ionann é agus €31 bhilliún sa tréimhse airgeadais seo. Féadfar cuid de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear thuas a mhaoiniú faoi na tionscadail atá faoi lán seoil cheana féin, go háirithe tionscadail atá maoinithe ag Ciste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic mar is iomchuí, lena mbaintear leas as €1.8 billiún ó bhuiséad an Aontais agus €152 mhilliún ó ranníocaíochtaí na mBallstát. Chun na riachtanais chistiúcháin is práinní a chumhdach anois agus i rith 2017, is díol sásaimh dúinn an cinneadh ón gCoimisiún leas a bhaint as €200 milliún breise do sciar na hAfraice Thuaidh den Chiste agus tosaíocht a thabhairt do thionscadail imirce a bhaineann leis an Libia.
8. Forbróimid tuilleadh ár mbeartas seachtrach imirce d'fhonn go mbeidh sé in ann géarchéimeanna amach anseo a sheasamh. Déanfaimid na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, mar shampla i dtaca leis na coinníollacha atá le comhlíonadh maidir le filleadh, agus déanfaimid acmhainní an Aontais maidir le filleadh a athneartú, agus an dlí idirnáisiúnta á urramú ag an am céanna. Is díol sásaimh dúinn, mar chéim thosaigh, go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta nuashonraithe maidir le Filleadh a thíolacadh gan mhoill agus treoir a chur ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit maidir le tuilleadh filleadh oibríochtúil agus athligean isteach éifeachtach bunaithe ar an acquis atá ann cheana.
9. Táimid toilteanach gníomhú go diongbháilte agus go pras chun na cuspóirí a leagtar amach sa Dearbhú seo a bhaint amach agus iarraimid ar na gníomhaithe go léir déanamh amhlaidh. Is díol sásaimh dúinn go bhfuil rún ag Uachtaránacht Mhálta, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis an Ardionadaí, plean nithiúil cur chun feidhme chun na críche sin a chur faoi bhráid na Comhairle a luaithe is féidir, chun an obair a thabhairt chun cinn agus chun dlúthfhaireachán ar na torthaí a áirithiú. Ag na cruinnithe a bheidh aici i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh, déanfaidh an Chomhairle Eorpach athbhreithniú, ar bhonn tuarascáil ó Uachtaránacht Mhálta, ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an gcur chuige foriomlán.
Teagmhálaithe preasa
-
Beatriz Navarro Deputy spokesperson for the European Council President
- +32 471 33 22 92
- +32 2 281 51 50
- @beanavarro
- @beanavarro.bsky.social
-
Maria Tomasik Spokesperson for the European Council President
- +32 470 88 23 83
- +32 2 281 51 50
- @maria_tomasik
- @mariatomasik.bsky.social
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Eanáir 2025