- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 6 Márta 2017 00:00
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh i réimse na Slándála agus na Cosanta
Réamhrá
1. I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 agus leis an treoir atá le fáil iontu, tá an Chomhairle tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil lena conclúidí ón 17 Deireadh Fómhair agus 14 Samhain 2016 a chur chun feidhme. Is díol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh i dtús báire, mar a leagtar amach thíos, i dtaobh leibhéal uaillmhéine an Aontais, arna ndíorthú ó Straitéis Dhomhanda an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta, a chomhlíonadh trí shraith chuimsitheach gníomhaíochtaí. Iarrann sí go dtabharfaí faoi thuilleadh oibre agus go dtabharfaí tuilleadh treorach agus aontaíonn sí filleadh ar na hábhair sin i mí Bealtaine, roimh Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh.
2. Meabhraíonn an Chomhairle gur cheart go gcabhródh an méid sin chun cumas an Aontais gníomhú mar sholáthróir slándála a fheabhsú agus an Beartas Slándála agus Cosanta a fheabhsú, mar aon lena ról straitéiseach domhanda agus a chumas gníomhú go neamhspleách nuair is gá agus in áit ar bith is gá agus, nuair is féidir, le comhpháirtithe.
3. Is díol sásaimh don Chomhairle an obair leanúnach atá á déanamh ag an gCoimisiún, i ndlúthchomhair leis na Ballstáit, maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint a chur chun feidhme. Is díol sásaimh di freisin an rún atá ag an gCoimisiún, a cuireadh san áireamh sa Teachtaireacht uaidh dar dáta 30 Samhain 2016, tuilleadh tograí a thíolacadh sa chéad seimeastar de 2017 maidir le ciste Eorpach cosanta a bhunú, ciste ina bhforálfaí forbairt chomhpháirteach na gcumas a dtiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú comhchoiteann maidir leo, agus ina bhforálfaí tréimhse taighde, rud a chuirfí tús léi trí réamhbheart a sheoladh don taighde a bhaineann leis an gcosaint, agus a bheadh le scrúdú faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Meabhraíonn an Chomhairle an cuireadh a thug an Chomhairle Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta i mí na Nollag 2016 machnamh a dhéanamh ar na céimeanna a bheadh riachtanach d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sa taighde ar an gcosaint agus i ngníomhaíochtaí forbartha.
Ar aon dul leis na conclúidí ón gComhairle an 14 Samhain 2016, athdhearbhaíonn an Chomhairle freisin a riachtanaí atá sé go gcuirtear le héifeachtacht an Chomhbheartais Slándála agus Chosanta agus cumais na mBallstát a fhorbairt agus a chothú, agus Bunús Teicneolaíoch agus Tionsclaíoch don Chosaint Eorpach (EDTIB) mar thaca faoi, ar bunús é a bheadh níos comhtháite, níos inbhuanaithe, níos nuálaí agus níos iomaíche, rud a chabhródh ó thaobh fostaíocht, fás agus nuáil a chur chun cinn ar fud an Aontais agus ó thaobh neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa, agus a chuirfeadh lena cumas oibriú le comhpháirtithe. Meabhraíonn an Chomhairle gur cheart gur iarrachtaí cuimsitheacha a bheadh iontu, go mbeadh comhionannas deiseanna i gceist leo don tionscal cosanta san Aontas Eorpach, go mbeidís cothrom agus go gcomhlíonfaidís dlí an Aontais ina iomláine.
4. Anuas air sin, is díol sásaimh don Chomhairle an ghníomhaíocht mhear a d’eascair as na conclúidí ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lenar cuireadh chun feidhme gach réimse den Dearbhú Comhpháirteach a shínigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardrúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i Vársá. I ndáil leis an méid sin, iarrann sí go ndéanfar tuilleadh oibre, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na cuimsitheachta, do chómhalartacht agus do neamhspleáchas phróisis cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, agus go dtabharfar tuarascáil di maidir leis an dul chun cinn i mí an Mheithimh 2017.
Struchtúir bhainistithe géarchéime an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta a fheabhsú
5. Inniu, formheasann an Chomhairle an nóta coincheapa maidir le cumais phleanála agus seolta oibríochta do mhisin agus d’oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta. I bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag agus i gcomhréir leis na conclúidí uaithi i mí na Samhna 2016, tá bearta sa Nóta seo lena bhfeabhsófaí cumas an Aontais freagairt ar bhealach níos gasta, níos éifeachtaí agus níos rianúla, ag forbairt ar na struchtúir atá ann cheana agus i bhfianaise sineirgí sibhialta-míleata a fheabhsú, mar chuid de Chur Chuige Cuimsitheach an Aontais. Ar an mbonn sin, comhaontaíonn an Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh ach go háirithe:
- Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) a bhunú, mar chuspóir gearrthéarmach, laistigh d’Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil a bheidh freagrach ar an leibhéal straitéiseach as pleanáil oibríochtúil agus seoladh na misean míleata neamhfheidhmiúcháin agus a oibreoidh faoi rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach an Choiste Pholaitiúil agus Slándála. Oibreoidh an MPCC nuachruthaithe agus an Cumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta (CPCC) as lámha a chéile agus ar bhealach comhordaithe.
- Beidh Ard-Stiúrthóir Fhoireann Mhíleata an Aontais ina Stiúrthóir ar MPCC agus san fheidhm sin glacfaidh sé nó sí air nó uirthi féin feidhmeanna cheannasaí na misean do mhisin mhíleata neamhfheidhmiúcháin, lena n-áirítear na trí mhisean oiliúna de chuid an Aontais atá imscartha i bPoblacht na hAfraice Láir, i Mailí agus sa tSomáil, i gcomhréir leis na téarmaí tagartha a comhaontaíodh.
- Iarraidh ar an Ardionadaí téarmaí comhdhlúite tagartha a mholadh d’Fhoireann Mhíleata an Aontais agus Cinneadh ón gComhairle a mholadh lena léireofaí na socruithe thuas agus lena leasófaí na Cinntí ón gComhairle maidir leis na misin CBSD lena mbaineann.
- Saineolas sibhialta agus míleata a chur le chéile i bpríomhréimsí na tacaíochta misin laistigh de Chomhaonad um Chomhordú Tacaíochta ar leibhéal na Bruiséile, d’fhonn oibriú ar bhonn laethúil chun comhordú agus comhar éifeachtach sibhialta/míleata a neartú agus a éascú i bpleanáil oibríochtúil agus seoladh na misean sibhialta agus na misean míleata neamhfheidhmiúcháin CBSD. Chabhródh an méid sin arís chun Cur Chuige Cuimsitheach an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán, agus urraim á tabhairt do na slabhraí ceannais sibhialta agus míleata faoi seach agus do na foinsí ar leith maoinithe ag an am céanna.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar bhunú MPCC agus an Chomhaonaid um Chomhordú Tacaíochta bliain tar éis dóibh teacht chun a bheith feidhmiúil go hiomlán, ach tráth nach déanaí ná deireadh 2018, bunaithe ar thuarascáil de chuid an Ardionadaí. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a ullmhú i gcomhairle iomlán leis na Ballstáit agus ní dhéanfaí réamhbhreith ar aon chinntí polaitiúla atá le glacadh tríd sin.
Ina theannta sin, comhaontaíonn an Chomhairle le tograí faoi réamhamharc agus faoi mhaoirseacht straitéiseach atá sa Nóta Coincheapa agus iarrann sí ar an Ardiondaí, i gcomhar leis an gCoimisiún de réir mar is cuí, leanúint lena gcur chun feidhme.
Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO)
6. Chun slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach an lae inniu, comhaontaíonn an Chomhairle gur gá leanúint den obair ar Bhuanchomhar Struchtúrtha (PESCO) cuimsitheach atá bunaithe ar chur chuige modúlach. Ba cheart dó a bheith ar fáil do gach Ballstát atá toilteanach na gealltanais cheangailteacha is gá a dhéanamh agus na critéir a chomhlíonadh, bunaithe ar Airteagal 42.6 agus ar Airteagal 46 agus ar Phrótacal 10 den Chonradh. Aithníonn an Chomhairle go bhféadfadh PESCO rannchuidiú go suntasach le Leibhéal Uaillmhéine an Aontais a bhaint amach, ar mhaithe leis na cúraimí is déine san áireamh, agus go bhféadfadh PESCO forbairt chumais chosanta na mBallstát a éascú agus comhar cosanta na hEorpa a neartú, agus lánúsáid á baint as na Conarthaí san am céanna. Tugann sí dá haire go mbeidh aon chumais a fhorbraítear trí PESCO fós faoi úinéireacht na mBallstát agus á n-oibriú acu. Meabhraíonn sí go bhfuil foinse aonair fórsaí ag na Ballstáit is féidir leo a úsáid i gcreataí eile. Agus freagracht agus inniúlacht na mBallstát sa réimse cosanta á gcur i bhfios aici, cuireann sí i dtreis gur cheart go mbeadh PESCO ina chabhair le hiarrachtaí comhoibríocha, tionscadail chomhoibríocha agus comhar nua a spreagadh.
7. Chuige sin, iarrann an Chomhairle, le tacú ó SEGS agus ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), ar na Ballstáit leanúint den obair chun an méid seo a leanas a mheas agus a fhorbairt tuilleadh:
- Comhaontú ar chomhthuiscint ar na gealltanais, ar na spriocanna agus ar na critéir choiteanna ar bhonn fhorálacha ábhartha an Chonartha, mar aon leis an múnla rialachais.
- Na tionscadail agus na tionscnaimh fhéideartha a bhfuil na Ballstáit toilteanach gabháil dóibh trí PESCO, ar bhealach modúlach san áireamh, agus úsáid á baint as tionscadail leanúnacha agus gealltanais nua á ndéanamh sa réimse infheistíochta cosanta san am céanna, d’fhonn dul i ngleic le heasnaimh atá aitheanta agus díriú ar thosaíochtaí an Aontais agus na mBallstát sa réimse cumas; a mhéid is féidir a gcuid fórsaí armtha a imscaradh chomh maith leis an bhfáil oibríochtúil atá orthu a fheabhsú; a idir-inoibrithí atá siad a mhéadú trí chumais atá ann a chomhthiomsú agus a roinnt.
Bheadh éifeacht ag an obair sin ar an bhfógra chuig an gComhairle agus chuig an Ardionadaí agus ar an gCinneadh ón gComhairle lena mbunaítear PESCO a ullmhú.
8. Agus í á thabhairt dá haire gur tionscnaimh ar leith iad, cuireann an Chomhairle i bhfios gur gá machnamh a dhéanamh ar naisc a d’fhéadfaí a dhéanamh idir PESCO agus an tAthbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar an gCosaint (CARD). Aithníonn an Chomhairle gur gá tuilleadh oibre a dhéanamh féachaint an bhféadfaí nasc a dhéanamh leis na tograí ón gCoimisiún chun ciste Eorpach cosanta a bhunú, agus ar an dóigh a bhféadfadh a shásraí dul chun tairbhe do thionscadail agus do thionscnaimh PESCO, rud a bheidh faoi réir cinntí breise a bheidh le glacadh ó thaobh an ciste a chur ar bun agus struchtúr deiridh an chiste.
9. Comhaontaíonn an Chomhairle go rachaidh sí ar ais i mí na Bealtaine 2017 d’fhonn treoir pholaitiúil bhreise a thabhairt maidir leis an gcinnteoireacht pholaitiúil fhéideartha.
An tAthbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar an gCosaint (CARD)
10. Is díol sásaimh don Chomhairle an obair ar cuireadh tús léi chun prionsabail agus raon athbhreithnithe bhliantúil comhordaithe ar an gcosaint a bheidh faoi stiúir na mBallstát a fhorbairt d’fhonn comhar i gcúrsaí cosanta a láidriú, trí fhorbairt cumais a chothú agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh san áireamh, agus lena áirithiú go mbainfear úsáid bharrmhaith, comhchuibheas san áireamh, as pleananna caiteachais faoi chúrsaí cosanta. Cuireann sí i dtreis an tábhacht a bhaineann le bealach níos struchtúrtha ná mar atá anois ann a fhorbairt trí CARD chun na príomhchumais is gá san Eoraip a bhaint amach, bunaithe ar thrédhearcacht, ar léargas polaitiúil agus ar ghealltanas ó na Ballstáit, agus aon iarracht bhreise riaracháin ó na Ballstáit agus institiúidí an Aontais nach bhfuil ina call á seachaint san am céanna. Cuireann an Chomhairle i dtreis gur gá comhchuibheas idir CARD agus Próiseas Pleanála um Chosaint ECAT a áirithiú i gcás ina dtéann ceanglais isteach le chéile agus cineál éagsúil an dá eagraíocht agus na freagrachtaí ar leith atá orthu á n-aithint san am céanna. Cuireann an Chomhairle i dtreis gur gá, trí CARD, mar uirlis uileghabhálach, cur leis na próisis agus leis na huirlisí atá ann agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint astu agus an oiread leasa is féidir a bhaint as faisnéis atá ar fáil agus a chruthaítear tríothu sin.
11. Cuireann an Chomhairle chun suntais go gcuirfí CARD chun feidhme ar bhonn deonach agus lánurraim á tabhairt do shainchumais agus do ghealltanais na mBallstát ó thaobh cúrsaí cosanta agus cúrsaí comhchosanta de, i gcás ina bhfuil feidhm leo, agus lánurraim á tabhairt dá gcuid próiseas pleanála cosanta san áireamh, agus bagairtí seachtracha agus dúshláin slándála ar fud an Aontais á gcur i gcuntas.
Cuireann an Chomhairle i dtreis gur tábhachtach trédhearcacht agus léargas polaitiúil feabhsaithe a thabhairt ó thaobh an chumais Eorpaigh de. I ndáil leis sin, cuireann sí i bhfios gur cheart measúnú uileghabhálach a thabhairt trí CARD ar shaincheisteanna a bhaineann le cumas, rud a chuireann le treoir pholaitiúil na Comhairle. Dá bhrí sin, cuireann an Chomhairle i bhfios gur cheart CARD a bheith ina chuidiú chun go mbainfeadh na Ballstáit cumais chriticiúla amach, go háirithe ar bhonn na dtosaíochtaí cumais a comhaontaíodh tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas de chuid an Aontais Eorpaigh. Ba cheart dó fóram a chur ar fáil do na Ballstáit freisin lena bpleanáil cosanta náisiúnta a chomhordú agus a phlé - ó thaobh pleananna caiteachais faoi chúrsaí cosanta san áireamh, ag cur na ngealltanas a rinne an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2016 i gcuntas – ar bhealach níos struchtúrtha lena gcuirtear leis na bearta deonacha a leagtar amach sa Chreat Beartais don Chomhar Córasach, Fadtéarmach Cosanta. Agus í á thabhairt dá haire gur tionscnaimh ar leith iad, ba cheart an obair ar CARD a dhéanamh i gcomhréir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Eorpaigh um Chosaint.
12. Is díol sásaimh don Chomhairle cruinnithe rialta agus tiomnaithe a bheith ag na hAirí Cosanta, gach dhá bhliain i dtús, agus níos minice ná sin má chinntear amhlaidh. Ba cheart ról lárnach a bheith ag GEC chun an measúnú uileghabhálach oibiachtúil a sholáthar agus tacú le hanailís i bhfoirm tuarascála i scríbhinn chuig na hAirí Cosanta, agus lánúsáid á baint as uirlisí atá ann agus trí ghníomhú mar rúnaíocht CARD san am céanna.
13. Comhaontaíonn an Chomhairle leis na paraiméadair CARD a leagtar amach thuas agus iarrann sí ar an Ardionadaí/ar cheann na gníomhaireachta, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tograí níos mionsonraithe a fhorbairt maidir le raon feidhme, modhanna agus ábhar CARD faoi mhí an Mheithimh, go háirithe i dtéarmaí na hidirghníomhaíochta le Ballstáit, d’fhonn bunú CARD a ullmhú faoi dheireadh na bliana 2017. Ba cheart go gcuirfí an chéad CARD iomlán chun feidhme go háirithe ar bhonn tosaíochtaí an phlean forbraíochta um chumas mar aon le próisis agus uirlisí eile atá ann cheana amhail ó 2018.
Cumas Sibhialtach a fhorbairt
14. Cuireann an Chomhairle i bhfios a thábhachtaí atá sé an obair a thabhairt ar aghaidh go gasta maidir le cumas sibhialtach a fhorbairt. Aontaíonn sí gur gá freagrúlacht a fheabhsú d’fhonn imscaradh níos éifeachtaí, níos gaiste agus níos solúbtha misean sibhialtach CBSC a áirithiú, misin a bhfuil ról tábhachtach acu mar cholún de chur chuige cuimsitheach an Aontais. Sa chomhthéacs sin, tugann an Chomhairle dá haird an plé leanúnach, lena n-áirítear maidir le cumas buan, foirne speisialaithe saineolaithe réamhchumraithe agus teagmhasacha póilíní agus/nó catagóirí gairmiúla eile, agus athfhéachaint ar shásra na foirne um fhreagairt shibhialtach (CRT). Iarrann sí ar an Ardionadaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar an gChoimisiún, ag obair in éineacht leis na Ballstáit, tograí nithiúla a chur i láthair chun freagrúlacht a fheabhsú i bhfianaise a bhformheasta roimh Chomhairle Eorpach mhí an Meithimh. Aontaíonn sí freisin gur gá athbhreithniú breise ar na réimsí tosaíochta ó chruinniú mullaigh Feira i ndáil le misin shibhialtacha CBSC. Cuireann an Chomhairle i bhfios a thábhachtaí atá sineirgí, comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht neartaithe AE-NA sa réimse sin freisin. Fillfidh sí ar na saincheisteanna sin i mí na Bealtaine.
Cur chun feidhme i réimse éagsúla eile
15. Mar rannchuidiú tábhachtach ionas go mbeidh an tAontas Eorpach in ann fothú acmhainní a sholáthar ar bhealach éifeachtach, freagrach agus comhleanúnach, tá an Chomhairle ag tnúth le bailchríoch ghasta ar an obair reachtach ar an togra chun leasú a dhéanamh ar an ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin. Meabhraíonn an Chomhairle na conclúidí ó mhí na Samhna 2016 maidir leis an ngá gach ceanglas a chumhdach go hiomlán chun tacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú iad féin, lena n-áirítear i gcomhthéacs misin CBSC neamhfheidhmiúcháin. Sa chomhthéacs sin, iarrann sí go leanfar leis an obair leantach ullmhúcháin chun na riachtanais a shainaithint i réimse an fhothaithe acmhainní chun tacú le slándáil agus forbairt (CBSD). Athdhearbhaíonn an Chomhairle raon feidhme geografach solúbtha CBSD agus iarrann sí go ndéanfar tionscadail nua a shainaithint agus a fhorbairt. Meabhraíonn an Chomhairle freisin an togra uaithi obair a dhéanamh ar ionstraim thiomnaithe chun fothú acmhainní a chur ar fáil. Fillfidh an Chomhairle Eorpach ar CBSD i mí na Bealtaine 2017.
16. Is díol sásaimh don Chomhairle an chéad mhachnamh agus tá sí ag tnúth le tuilleadh oibre maidir le hábharthacht, le húsáideacht agus le himscarthacht bhosca uirlisí an Aontais don mhearfhreagairt a neartú, lena n-áirítear cathghrúpaí an Aontais - go háirithe chun a módúlacht a atreisiú, mar aon lena n-ullmhacht agus lena maoiniú éifeachtach. Mar chuid den méid sin, ba cheart machnamh breise a dhéanamh ar na módúlachtaí áirithe agus costais choiteanna agus forálacha airgeadais eile le haghaidh oibríochtaí mearfhreagartha go ginearálta agus do chathghrúpaí an Aontais go háirithe.
Fillfidh an Chomhairle ar an tsaincheist i mí na Bealtaine ar bhonn tograí comhdhlúite a thíolacfaidh an tArdionadaí i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Maidir lena ngnéithe airgeadais, d’fhéadfadh na tograí sin rannchuidiú leis an athbhreithniú cuimsitheach ar shásra Athena atá beartaithe roimh dheireadh 2017 agus a phléifear faoin gcreat ábhartha.
17. Athdhearbhaíonn an Chomhairle ar a thábhachtaí atá sé oibriú lena comhpháirtithe, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, ECAT, ESCE, an tAontas Afracach, Léig na nArabach agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, chomh maith le comhpháirtithe straitéiseacha agus tíortha comhpháirtíochta eile inár gcomharsanacht féin agus ar fud an domhain, agus aird chuí á tabhairt do chreat institiúideach agus neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, mar aon le prionsabail na cuimsitheachta. Maidir leis sin, meabhraíonn an Chomhairle an gá chun comhpháirtíochtaí CSDP a thabhairt ar aghaidh agus iarrann sí ar an Ardionadaí roghanna a thíolacadh roimh mhí na Bealtaine 2017 i ndáil le cur chuige níos straitéisí maidir le comhpháirtithe CBSC mar a leagadh amach sna conclúidí ón gComhairle i mí na Samhna 2016.
18. Is díol sásaimh don Chomhairle an t-athbhreithniú agus na céimeanna eagraíochtúla chun feasacht staide shibhialta-mhíleata mhéadaithe san Aontas, ar feasacht staide í atá faisnéis-bhunaithe, a chur chun cinn chun bonn eolais a chur faoin bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach. Tacaíonn sí le bearta breise a dhéanamh i bhfianaise méadú amach anseo ar fhoireann, lóistíocht agus bonneagar, má mheastar go bhfuil gá leis, agus fillfidh sí ar an tsaincheist sin i mí an Mheithimh.
19. Ag meabhrú di an gá go gcuirfear chun feidhme go tráthúil an t-athbhreithniú ar phlean forbraíochta um chumas faoi earrach 2018, is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil tograí á bhforbairt ag an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint maidir leis an bhfeabhas ar an bpróiseas chumas forbartha an Aontais Eorpaigh. Maidir leis sin, is díol sásaimh di freisin an obair leanúnach atá ar bun ar an athbhreithniú ar an gcatalóg riachtanas. Leis an obair atá á déanamh ag Ballstáit laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint i ndáil le tosaíochtaí cumais, tosaíochtaí foriomlána T&T agus príomhghníomhaíochtaí straitéiseacha, cabhrófar chun infheistíochtaí a bheidh ann amach anseo a threorú agus bonn eolais a chur faoi chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint. Meabhraíonn an Chomhairle freisin an gá le cur chun feidhme gasta na mbeart a tugadh ar aghaidh faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint a bhaineann le cumasóirí ríthábhachtacha agus slándáil an tsoláthair bunaithe ar ghealltanais pholaitiúla na mBallstát agus comhaontuithe clár-shonracha/earnáil-sonracha.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024