Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 7 Meitheamh 2017 11:10

An Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt - Síníonn an tAontas Eorpach agus na Ballstáit straitéis chomhpháirteach chun an bhochtaineacht a dhíothú

Shínigh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit treoirphlean straitéiseach a léirítear ann a bhfuil i ndán don bheartas forbartha Eorpach. Is éard atá sa “Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt” fís chomhchoiteann nua agus plean gníomhaíochta comhchoiteann nua chun an bhochtaineacht a dhíothú agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.

Inniu, lá de na Laethanta Eorpach don Fhorbairt a bhíonn á reáchtáil gach bliain, shínigh Príomh-Aire Mhálta, Joseph Muscat, thar ceann na Comhairle agus na mBallstát, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, Ardionadaí agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Federica Mogherini, agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Antonio Tajani an straitéis sin a cuireadh i dtoll a céile go comhpháirteach.

Is éard atá sa “Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt” comhchreat cuimsitheach don chomhar Eorpach um fhorbairt. Beidh feidhm ag an gcomhdhearcadh ina iomláine den chéad uair riamh maidir le hinstitiúidí uile an Aontais Eorpaigh agus leis na Ballstáit uile, atá tiomanta d’oibriú le chéile ar bhonn níos dlúithe.

Athdhearbhaítear go daingean sa chomhdhearcadh nua go bhfuil díothú na bochtaineachta ina phríomhchuspóir i gcónaí sa bheartas forbartha Eorpach. Déantar gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú go hiomlán ann. Leis an méid sin, cuirtear gníomhaíocht Eorpach i dtaca le forbairt i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe atá ina ghné thrasnaí maidir le Straitéis Dhomhanda an Aontais freisin.

Léirigh na ceannairí Eorpacha a dtiomantas do thrí réimse:

  1. Aithníonn siad na naisc láidre idir eilimintí éagsúla na gníomhaíochta sin. Áirítear leo sin forbairt, an tsíocháin agus an tslándáil, cabhair dhaonnúil, an imirce, an comhshaol agus an t-athrú aeráide chomh maith le heilimintí trasnaí amhail: an óige; an comhionannas inscne; an tsoghluaisteacht agus an imirce; an fuinneamh inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide; an infheistíocht agus an trádáil; an dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine; an rannpháirtíocht nuálach le tíortha atá i mbéal forbartha agus atá céim chun tosaigh i dtreo na forbartha; agus acmhainní intíre a chur ar fáil agus leas a bhaint astu.
  2. Leis an gComhdhearcadh nua freisin glactar cur chuige cuimsitheach i leith na mbealaí cur chun feidhme, cuirtear cabhair um fhorbairt den chineál traidisiúnta agus acmhainní eile le chéile, chomh maith le beartais fhónta agus cur chuige níos fearr i leith comhtháthú beartas, agus meabhraítear nach mór comhar an Aontais um fhorbairt a mheas i gcomhthéacs iarrachtaí na dtíortha féin atá i gcomhpháirt leis an Eoraip. Foráiltear sa Chomhdhearcadh gur féidir leis an Aontas agus na Ballstáit a bheith rannpháirteach i bhfoirmeacha maoinithe forbartha atá níos nuálaí, lena ndéanfaí infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a ghiaráil agus lena gcuirfí acmhainní breise intíre ar fáil le haghaidh forbartha.
  3. Cruthóidh an tAontas agus na Ballstáit comhpháirtithe níos saincheaptha le raon níos leithne geallsealbhóirí, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus tíortha comhpháirtíochta ag céimeanna uile na forbartha. Cuirfidh siad feabhas ar an gcur chun feidhme ar an láthair trí oibriú le chéile ar bhealach níos fearr agus aitheantas a thabhairt do na buntáistí comparáideacha atá acu faoi seach.

Cúlra

Is ceannaire domhanda san fhorbairt í an Eoraip agus is í a sholáthraíonn an méid is mó de Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt ar domhan. Chomhaontaigh na hInstitiúidí Eorpacha uile agus na Ballstáit uile an Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt, as lámh a chéile agus ar bhealach oscailte agus trédhearcach, agus chuaigh siad i mbun comhairle le comhpháirtithe eile. Is freagairt an Aontais é do threochtaí domhanda agus do dhúshláin dhomhanda an lae, agus cuireann sé gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Ghlac an comhphobal idirnáisiúnta Clár Oibre 2030 i mí Mheán Fómhair 2015, agus tá na seacht gcinn déag Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus spriocanna a bhaineann leo siúd ina ngné bhunúsach den chlár oibre sin, ag a mbeidh feidhm go dtí 2030. I bpáirt leo siúd a bhí ar chruinnithe mullaigh agus comhdhálacha idirnáisiúnta eile a tionóladh in 2015 in Addis Ababa agus i bPáras, tá creat nua uaillmhianach ag an gcomhphobal idirnáisiúnta le go n-oibreoidh na tíortha uile le chéile maidir le dúshláin chomhroinnte. Tá na SDGanna infheidhme go huilíoch maidir le gach aon tír don chéad uair riamh anois, agus tá an tAontas tiomanta do bheith ina cheannródaí maidir lena gcur chun feidhme.

Ar an 22 Samhain 2016 chuir an Coimisiún Eorpach a chuid barúlacha in iúl maidir le cur chuige straitéiseach i leith forbairt inbhuanaithe a bhaint amach san Eoraip agus ar fud an domhain, a raibh togra ón gCoimisiún le haghaidh Comhdhearcadh nua mar chuid díobh. Ó shin i leith chuaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle faoi Uachtaránacht Mhálta agus an Coimisiún i mbun idirphlé idirinstitiúideach a bhí thar a bheith dírithe agus a raibh sé d’aidhm leis teacht ar chomhaontú maidir le fís nua chomhchoiteann le haghaidh an bheartais forbartha a, fís a fhreagóidh do Chlár 2030 agus do dhúshlain dhomhanda eile.

Is ceannródaí í an Eoraip ó thaobh na forbartha inbhuanaithe agus Chlár 2030 de mar gheall ar a cuid beartas seachtrach agus eile.

Féach freisin

Ráiteas comhpháirteach ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Antonio Tajani, Uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Joseph Muscat, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Federica Mogherini.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024