- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 19 Meitheamh 2017 12:55
Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i dtaca leis an bhfrithsceimhlitheoireacht: conclúidí glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i dtaca leis an bhfrithsceimhlitheoireacht. Cuireann an Chomhairle i dtreis go gcáineann sí go láidir agus go haonchiallach gach uile chineál agus léiriú sceimhlitheoireachta, beag beann ar lucht a déanta ná an cuspóir atá léi.
Agus í ag tabhairt dá haire gurb í an sceimhlitheoireacht ceann de na bagairtí is mó don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta agus go bhfuil sé ar leas an Aontais leanúint den obair le comhpháirtithe déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha chun cosc a chur ar an mbagairt ilghnéitheach sin, tugann an Chomhairle aghaidh sna conclúidí sin dá cuid ar an méid seo a leanas:
- Struchtúir frithsceimhlitheoireachta, chun cumas an Aontais a atreisiú i ndáil leis an gcomhar frithsceimhlitheoireachta a fheabhsú, lena n-áirítear trí na saineolaithe slándála/frithsceimhlitheoireachta sna toscaireachtaí AE;
- Nasc inmheánach/seachtrach, comhleanúnachas níos fearr a áirithiú idir ghníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha i réimse na slándála agus an ról atá ag na gníomhaireachtaí CGB a neartú i ndáil le tríú tíortha, agus á thabhairt dá haire don Chomhairle go bhfuil ról níos láidre ag misin agus oibríochtaí CBSC sa troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta anois toisc gur cuid de na misin Feira anois é mar thoradh ar Chonclúidí na Comhairle i mí na Bealtaine 2017, an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta;
- Comhar neartaithe leis an Meánoirthear, leis an Afraic Thuaidh, leis na Balcáin Thiar, agus leis an Tuirc, an tSaiheil agus Corn na hAfraice, trí idirphlé polaitiúil feabhsaithe, tionscnaimh frithsceimhlitheoireachta agus tacaíocht airgeadais sa bhreis chun an fhrithsceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac, agus cumarsáid straitéiseach atreisithe, go háirithe tríd an Tascfhórsa Theas maidir leis an gcumarsáid (Stratcomms);
- Comhar idirnáisiúnta neartaithe, go háirithe comhar leis na comhpháirtithe straitéiseacha tábhachtacha amhail na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus comhpháirtithe Schengen, chomh maith leis na comhlachtaí réigiúnacha agus iltaobhacha, go háirithe na Náisiúin Aontaithe, ECAT, an Fóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda, Interpol agus an Chomhghuaillíocht Dhomhanda i gcoinne Da’esh;
- Freagairt an Aontais a neartú snapríomhréimsí téamacha, amhail an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac, an gá atá le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar earcaíocht ar líne agus ar radacú, trodaithe eachtracha ar dúshlán géar atá os ár gcomhair amach iad, go háirithe saincheist an lucht fillte, slándáil eitlíochta, gáinneáil in airm thine, saincheist mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus an sciúrtha airgid agus na naisc idir coireacht eagraithe thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht.
Ba iad conclúidí an 9 Feabhra 2015 na conclúidí ba dhéanaí a ghlac an Chomhairle maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, agus is iadsan go fóill is bunchloch do rannpháirtíocht sheachtrach an Aontais maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht.. Cuireadh go mór le hobair an Aontais sa réimse sin ó shin i leith.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024