Freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht
Tá comhrac na sceimhlitheoireachta ina thosaíocht ag an Aontas. Oibríonn na Ballstáit go dlúth le chéile chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc agus slándáil na saoránach a chinntiú.
An fáth ar príomhthosaíocht don Aontas í an fhrithsceimhlitheoireacht
Tar éis sraith ionsaithe ó 2015 i leith, tá bearta éagsúla glactha ag an Aontas chun deireadh a chur leis an sceimhlitheoireacht.
Cé gur ar na Ballstáit den chuid is mó atá an fhreagracht an choireacht a chomhrac agus an tslándáil a choimirciú, is léir ó na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le blianta beaga anuas gur freagracht choiteann í an fhreagracht sin freisin nach mór do na Ballstáit glacadh léi i dtoll a chéile. Cuireann an tAontas le cosaint a chuid saoránach trí ghníomhú mar phríomhfhóram don chomhar agus don chomhordú i measc na mBallstát.
In 2015, d’eisigh ceannairí an Aontais ráiteas comhpháirteach chun obair an Aontais agus na mBallstát a threorú. Sa ráiteas sin, iarradh go ndéanfaí bearta sonracha lena ndíreofaí ar thrí réimse, mar atá:
- slándáil na saoránach a chinntiú
- an radacú a chosc agus luachanna a chosaint
- oibriú i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta
Ag eascairt as na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus san Ostair, chomhaontaigh airí gnóthaí baile an Aontais i mí na Samhna 2020 a n-iarrachtaí comhpháirteacha a neartú a thuilleadh chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, gan luachanna coiteanna an Aontais a chur i mbaol an daonlathas, an ceartas agus an tsaoirse cainte mar shampla.
I mí na Nollag 2020, d’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais go raibh siad aontaithe i gcomhrac an radacaithe, na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh.
Sainmhíniú an Aontais ar an sceimhlitheoireacht
De réir dhlí an Aontais, déantar cionta sceimhlitheoireachta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- imeagla mór a chur ar dhaonra
- iallach míchuí a chur ar rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta gníomh ar bith a dhéanamh nó gan é a dhéanamh
- bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú ar bhealach tromchúiseach nó a dhíothú
An radacú a chosc
Cé nach feiniméan nua é an radacú, is bagairt níos tromchúisí é le blianta beaga anuas.
I ngeall ar theicneolaíochtaí cumarsáide ar líne, tá sé níos éasca do sceimhlitheoirí cumarsáid a dhéanamh thar theorainneacha agus tá méadú tagtha ar bholscaireacht na sceimhlitheoireachta agus ar scaipeadh an antoisceachais.
I mí Aibreáin na bliana 2021, ghlac an tAontas rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne. Beidh na rialacha nua i bhfeidhm ón 7 Meitheamh 2022.
Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit orduithe baint anuas a eisiúint chuig na soláthraithe seirbhísí, rudaí a thabharfaidh orthu ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú laistigh d'uair an chloig.
Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith á scaipeadh ar líne (Grafaic faisnéise)
Liosta an Aontais de sceimhlitheoirí
Mar chuid dá freagairt ar an sceimhlitheoireacht i ndiaidh ionsaithe an 11 Meán Fómhair 2001, bhunaigh an tAontas Eorpach liosta daoine, grúpaí agus eintiteas a raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus a cuireadh faoi réir bearta sriantacha. Déanann an Chomhairle athbhreithniú ar an liosta go rialta, gach 6 mhí, ar a laghad.
Ó mhí Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh, féadfaidh an tAontas smachtbhannaí dá chuid féin a chur i bhfeidhm ar ISIL/Da’esh agus ar Al-Qaeda agus ar dhaoine agus eintitis a bhaineann leo nó a thacaíonn leo.
Malartú faisnéise
Tá sé ríthábhachtach go roinntear eolas go héifeachtach idir na húdaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis bhreithiúnacha agus na húdaráis faisnéise sna Ballstáit chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, chun trodaithe eachtracha a rianú agus chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe.
Tá bearta déanta ag an Aontas chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, san áireamh, le déanaí:
- creat maidir le hidir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais, a chuidíonn le teorainneacha, an tslándáil agus an imirce a bhainistiú (2019)
- nuashonrú ar Chóras Faisnéise Schengen, atá in úsáid ag póilíní agus ag gardaí teorann chun foláirimh a roinnt maidir le daoine agus nithe a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh (2018)
- an treoir maidir le taifead ainmneacha paisinéirí, lena rialaítear aistriú agus próiseáil sonraí pearsanta arna soláthar ag aerphaisinéirí (2016)
- lárionad frithsceimhlitheoireachta na hEorpa a chruthú in Europol chun tacú le malartú faisnéise idir na húdaráis náisiúnta phóilíneachta (2016)
Mar a chuirfidh bunachair sonraí idir-inoibritheacha le slándáil na hEorpa (Grafaic faisnéise)
Comhordaitheoir frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh
Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i Maidrid an 11 Márta 2004, ghlac ceannairí an Aontais dearbhú maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac. I measc bearta eile, chomhaontaigh siad post Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais a bhunú.
Is faoi chúram an chomhordaitheora atá sé an obair frithsceimhlitheoireachta laistigh den Aontas a chomhordú, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais agus feabhas a chur ar an gcumarsáid idir tíortha den Aontas agus nach tíortha den Aontas iad.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta a chiorrú
Tá an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta ina n-ábhar mór imní do chóras airgeadais an Aontais agus do shlándáil a shaoránach.
Tá rialacha níos treise i ndáil leis an sciúradh airgid a chomhrac i bhfeidhm san Aontas ó 2018 i leith. Leis na rialacha sin, tá sé deacair cístí neamhdhleathacha a cheilt laistiar de chuideachtaí samhailteacha agus déantar seiceálacha níos déine ar thríú tíortha lena mbaineann riosca. Ina theannta sin, treisítear ról na n-údarás maoirseachta airgeadais agus déantar malartuithe faisnéise agus an rochtain faisnéise a fheabhsú leis na rialacha sin.
Rialú arm tine
Ghlac an Chomhairle in 2017 rialacha nua maidir le fáil agus seilbh arm a rialú chun na bealaí éalaithe dlíthiúla, a d’fhág gurbh fhéidir le sceimhlitheoirí airm athiompaithe a úsáid, a dhúnadh.
Tá bearta sa treoir chun inrianaitheacht a fheabhsú, chomh maith le rialacha níos déine ó thaobh fáil agus seilbh na n-arm tine is dainséaraí.
I mí an Mheithimh 2019, ghlac an Chomhairle rialacha nua chun teorainn a chur le hinfhaighteacht réamhtheachtaithe pléascán ag an bpobal i gcoitinne, agus chun a chinntiú go ndéanfar tuairisciú iomchuí ar idirbhearta amhrasacha ar fud an tslabhra soláthair.
Is substaintí ceimiceacha iad réamhtheachtaithe pléascán, gur féidir a úsáid chun críocha dlisteanacha, ach ar féidir mí-úsáid a bhaint astu freisin le haghaidh monarú aindleathach pléascán baile.
Digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh
Tá níos mó agus níos mó coirpeach agus sceimhlitheoirí ag úsáid na teicneolaíochta lena gcuid cionta a phleanáil agus a chur i gcrích. Fágann sin go bhfuil na húdaráis ag brath níos mó agus níos mó ar an r-fhianaise agus iad ag iarraidh breith ar choirpigh agus iad a ionchúiseamh. Tá an tAontas ag obair ar rialacha nua faoi láthair lena chinntiú go mbeidh sásra níos éifeachtúla ann maidir le rochtain trasteorann ar r-fhianaise.
Tá sé ríthábhachtach uirlisí digiteacha a úsáid i nósanna imeachta coiriúla a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta ar fud an Aontais i bhfianaise thimpeallacht athraitheach na bagartha slándála agus ardluas na forbartha teicneolaíochta.
- Uachtaránacht na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa tagtha ar chomhaontú sealadach chun an malartú faisnéise a fheabhsú i gcásanna sceimhlitheoireachta (preaseisiúint, an 14 Nollaig 2022)
- An Eoraip Dhigiteach: rialacha nua glactha ag an gComhairle chun an comhar breithiúnach a nuachóiriú (preaseisiúint, an 4 Samhain 2020)
- An clár breithiúnach frithsceimhlitheoireachta (Eurojust)
Bearta chun deireadh a chur le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta
Ó 2011 i leith, meastar gur thaistil idir 4 000 agus 5 000 náisiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh, nó gur fhéach siad le taisteal chuig limistéir choinbhleachta – san Iaráic agus sa tSiria den chuid is mó – chun ról a ghlacadh i ngrúpaí sceimhlitheoireachta ar nós ISIL/Da’esh. Tá 30 % acu tar éis filleadh ar a dtíortha dúchais cheana féin. Le blianta fada anuas, tá saincheist na dtrodaithe eachtracha go mór chun tosaigh ar chlár oibre polaitiúil an Aontais.
I mí an Mhárta 2017, ghlac an tAontas treoir maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Leis na rialacha nua, neartaítear creat dlíthiúil an Aontais maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc agus tugtar aghaidh ar fheiniméan na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta. Leis an treoir, déantar coir as gníomhartha ar nós na gcionta seo a leanas:
- dul i mbun oiliúna nó taisteal chun críocha sceimhlitheoireachta
- taisteal mar sin a eagrú nó a éascú
- cistí a sholáthar nó a bhailiú a bhaineann le grúpaí nó gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta
I mí an Mhárta 2017, ghlac an tAontas rialachán lena leasaítear cód teorainneacha Schengen. Leis na rialacha nua, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit seiceálacha córasacha a dhéanamh i mbunachair sonraí ábhartha ar gach duine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha, saoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh san áireamh.
- An sceimhlitheoireacht a chomhrac: conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (preaseisiúint, an 12 Nollaig 2024)
- Cód teorainneacha Schengen: Rialachán chun seiceálacha a athneartú ag teorainneacha seachtracha glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 7 Márta 2017)
- Teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú (eolas cúlra)
Comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas
Tá baint dhíreach ag slándáil an Aontais agus a chuid saoránach leis an méid a tharlaíonn lasmuigh den Eoraip. In 2015, chinn an Chomhairle gníomhaíocht sheachtrach a ghéarú chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, go háirithe i Réigiún na Meánmhara, sa Mheánoirthear, san Afraic Thuaidh, sa Mhurascaill agus sa tSaiheil:
- neartófar an comhar leis na príomh-chomhpháirtithe
- seolfar tionscadail nua chun tacú le fothú acmhainní
- géarófar an ghníomhaíocht chun an radacú agus antoisceachas an fhoréigin a chomhrac
Ghlac an Chomhairle straitéis frithsceimhlitheoireachta/trodaithe eachtracha an Aontais lena ndírítear ar an tSiria agus ar an Iaráic in 2014. Leagtar amach roinnt réimsí tosaíochta sa straitéis sin, lena n-áirítear an comhar le tríú tíortha a fheabhsú chun líonraí earcaíochta agus trodaithe eachtracha a shainaithint.
Chun a athdhearbhú go bhfuil rún daingean aici saoránaigh an Aontais a chosaint ar an sceimhlitheoireacht agus ar an antoisceachas foréigneach, d’iarr an Chomhairle, i mí an Mheithimh 2020, go gcuirfí dlús, i réimsí tosaíochta áirithe, le rannpháirtíocht agus gníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht:
- réigiúin gheografacha, lena gcuirtear na Balcáin Thiar, an Afraic Thuaidh, an Meánoirthear, réigiún na Saiheile agus Corn na hAfraice san áireamh
- réimsí téamacha, lena n-áirítear cearta an duine, an smacht reachta, cosc a chur ar an radacú a mbíonn antoisceachas foréigneach mar thoradh air agus maoiniú na sceimhlitheoireachta
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht?
Caith do shúil ar an aistear le scór bliain anuas, féach mar a bhíonn tíortha an Aontais ag comhoibriú níos dlúithe ná riamh maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht trí sceimhlitheoirí a chosc ó airm a cheannach nó buamaí a thógáil, trí iarracht a dhéanamh an radacú a chomhrac ar an gcéad dul síos.
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Eanáir 2025