- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19/06/2017, 19 Meitheamh 2017
Na príomhthorthaí
An ghéarchéim sa Mhurascaill
Phléigh airí gnóthaí eachtracha an Aontais an ghéarchéim reatha i réigiún na Murascaille.
Mhol airí an Aontais go ndéanfaí an ghéarchéim a dhíghéarú trí leas a bhaint as idirphlé agus as idirbheartaíocht. Chuir siad in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán leis na hiarrachtaí idirghabhála i gCuáit.
"Chuir na hairí in iúl go láidir aontacht agus diongbháilteacht an Aontais maidir le tacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí idirghabhála i gCuáit. Tá tacaíocht an Aontais de dhíth orthu agus táimid ullamh chun cabhair a thabhairt dóibh."
Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir na hairí i dtreis go bhfuil réiteach ar an ngéarchéim ag teastáil go práinneach agus go bhfuil tábhacht le haontacht sa Mhurascaill don Aontas agus do chobhsaíocht an réigiúin chomh maith céanna.
Mheabhraigh an tArdionadaí go gcuireann an tAontas an-tábhacht leis an gcaidreamh déthaobhach atá aige leis na páirtithe uile lena mbaineann agus ar an gcaidreamh atá aige le Comhairle Comhair na Murascaille freisin.
Comhar idir an tAontas agus ECAT
Phléigh na hairí gnóthaí eachtracha an comhar idir an tAontas agus ECAT le Leas-Ardrúnaí ECAT, Rose Gottemoeller. Is bunaithe ar an tuarascáil chomhpháirteach ar dhul chun cinn ó Ardionadaí an Aontais agus ó Ardrúnaí ECAT a bhí an plé sin. Ghlac an Chomhairle na conclúidí maidir leis an tuarascáil, agus ba dhíol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le tacar coiteann de mholtaí a chur chun feidhme. Is mian léi go leanfaí den obair sin.
- An comhar AE-ECAT: Is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh (preasráiteas 19/06/2017)
- Comhar AE maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint (cúlra faisnéise)
An fhrithsceimhlitheoireacht
Bhí díospóireacht ag na hairí gnóthaí eachtracha faoi ghnéithe seachtracha na frithsceimhlitheoireachta, rud is tráthúil i bhfianaise na n-ionsuithe a rinneadh san Aontas agus níos faide i gcéin le déanaí. Chuir siad i dtreis gurb í an fhrithsceimhlitheoireacht an tosaíocht slándála is mó atá ag an Aontas. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht.
- Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i dtaca leis an bhfrithsceimhlitheoireacht: conclúidí glactha ag an gComhairle
- An tAontas ag dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht (cúlra faisnéise)
An Iaráic
Phléigh an Chomhairle an Iaráic, agus dhírigh sí ar na forbairtí is déanaí, go háirithe i gcúigí Mosul agus Nineveh, agus ar chobhsaíocht na tíre sa todhchaí. Ghlac an Chomhairle na conclúidí.
An Imirce
Phléigh na hairí eachtracha gnéithe seachtracha na himirce, mar ullmhúchán don Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl ar an 23-23 Meitheamh. Bhreithnigh siad an dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis an gCreat Comhpháirtíochta.
Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad fós leis an gcur chuige reatha agus go síleann siad gur cheart é a threisiú chun torthaí níos mó a bhaint amach i bhfianaise líon na ndaoine a chailltear ar bhealach na Meánmhara Láir. Ba cheart an comhar le tíortha comhpháirtíochta a atreisiú chun dul i ngleic le gáinneálaithe, líon na n-imirceach mírialta chuig an Aontas a laghdú agus filleadh agus athligean isteach a áirithiú. Is cuspóir tábhachtach don Aontas é freisin tacaíocht a thabhairt do bhainistiú ar imirce sa Libia chun imircigh agus dídeanaithe a chosaint.
Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh
Bhí plé ag an gComhairle maidir le straitéis dhomhanda an Aontais a chur chun feidhme bunaithe ar thuarascáil a chuir an tArdrúnaí i láthair maidir leis an gcéad bhliain den chur chun feidhme.
Ba dhíol sásaimh do na hairí gnóthaí eachtracha an tuarascáil agus chuir siad béim ar an obair thábhachtach a rinneadh le linn na bliana, ní hamháin i réimse an chomhair slándála agus cosanta ach maidir le teacht aniar a chothú sna stáit agus sna sochaithe san Iarthar agus sa Deisceart agus maidir le cur chuige comhtháite do choinbhleachtaí agus do ghéarchéimeanna a fhorbairt.
Ba dhíol sásaimh dóibh an obair leanúnach ar na straitéisí réigiúnacha agus ar na straitéisí téamaí a nuashonrú agus a chruthú. Sa chomhthéacs seo, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le slándáil mhuirí dhomhanda.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19 Meitheamh 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, Aguisín1, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19 Meitheamh 2017
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19 Meitheamh 2017
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 19 Meitheamh 2017
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Na príomhthorthaí a bhí ar chruinniú aireachta Chomhpháirtíocht an Oirthir, an 19 Meitheamh 2017
- 19/06/2017
- An Iaráic: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 19/06/2017
- Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i dtaca leis an bhfrithsceimhlitheoireacht: conclúidí glactha ag an gComhairle
- 19/06/2017
- An tslándáil mhuirí dhomhanda: Conclúidí á nglacadh ag an gComhairle
- 19/06/2017
- Mailí agus an tSaiheil: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 19/06/2017
- Comhar idir an tAontas Eorpach agus ECAT: Is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn atá déanta
- 19/06/2017
- Straitéis an Aontais Eorpaigh don Áise Láir: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 19/06/2017
- Comhpháirtíocht AE-an Afraic: Glacann an Chomhairle conclúidí i dtaca le dlús nua
- 19/06/2017
- Tiomantas an Aontais do shochaí shibhialta chumhachtaithe athléimneach: conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta sa chaidreamh seachtrach
- 19/06/2017
- Cibear-ionsaithe: Tá an tAontas faoi réir chun freagairt a thabhairt air le réimse de bhearta, lena n-áirítear smachtbhannaí
- 19/06/2017
- An t-athrú aeráide: athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil Comhaontú Pháras oiriúnach don fheidhm agus nach féidir é a athchaibidliú
- 19/06/2017
- Nasc-ghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol: Cuireann an tAontas síneadh bliana leis na smachtbhannaí
- 19/06/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025