Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 30 Meitheamh 2017 18:05

Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais maidir le tíortha áirithe a bheith ag seasamh le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

Ar an 29 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/917 [1] ón gComhairle. Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuirtear fad leis na bearta sriantacha atá ann cheana go dtí an 1 Meitheamh 2018.

Is iad na tíortha seo a leanas a sheasann le Cinneadh sin na Comhairle: Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine*, Montainéagró*, an tSeirbia agus an Albáin* (ar Tíortha is Iarrthóirí iad), mar aon le tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa .i. an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, baill an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, chomh maith leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia.

Áiritheoidh siad go mbeidh a mbeartais náisiúnta i gcomhréir leis an gCinneadh sin ón gComhairle.

Tugann an tAontas Eorpach an gealltanas sin dá aire agus is díol sásaimh dó é.


[1] Arna fhoilsiú ar 30.05.2017 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Uimh. L 139, lch. 62.

* Is cuid den Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí iad Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia agus an Albáin.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024