Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Samhain 2019 16:08

Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: Ranníocaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát suas le €21.7 billiún in 2018

Le hais 2013, is fiú breis agus dúbailt na ranníocaíochtaí ón Aontas agus ó na Ballstáit, agus cuidíonn sin le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus dul i ngleic le hiarmhairtí an athraithe aeráide.

Deimhníodh an méid iomlán i gcomhthéacs na gconclúidí a ghlac na hairí airgeadais ar an 8 Samhain, agus COP25 ar na bacáin, comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, a bheidh ar siúl i Maidrid ón 2 go dtí an 13 Nollaig 2019.

Is iad an tAontas agus na Ballstáit i gcónaí a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide. B'fhiú €21.7 billiún a ranníocaíochtaí iomlána in 2018, méadú ar an €20.4 billiún in 2017. Díríodh na ranníocaíochtaí go rathúil ar thionscnaimh chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus a oiriúnú i dtíortha i mbéal forbartha.

Céim thábhachtach atá sa ranníocaíocht sin i dtreo chur chun feidhme an chomhaontaithe maidir leis an athrú aeráide ar thángthas air i bPáras i mí na Nollag 2015 agus atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

Léiríonn an figiúr is déanaí a dhiongbháilte atá an tAontas cur lena ranníocaíocht idirnáisiúnta i ndáil leis an troid i gcoinne an athraithe aeráide i dtreo $100 billiún in aghaidh na bliana a socraíodh do thíortha tionsclaithe faoi 2020 agus ar aghaidh go dtí 2025. Leagfaidh na páirtithe sprioc nua chainníochtaithe chomhchoiteann síos faoi 2025. I ndáil leis sin, tugtar ar aird sna conclúidí gealltanas an Aontais páirt a ghlacadh sa phlé sin ó mhí na Samhna 2020 ar aghaidh.

Cuirtear i dtreis sna conclúidí freisin an tábhacht atá le cur chun feidhme práinneach uaillmhianach de Chomhaontú Pháras. Iarrtar iontu dul chun cinn gasta uaillmhianach a dhéanamh maidir le sreafaí airgeadais, ionas go mbainfear amach leo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide. Maidir leis sin, cuirtear chun suntais iontu an dul chun cinn a rinneadh le déanaí i dtaca le hathchóirithe reachtacha ar leibhéal an Aontais ar an airgeadas inbhuanaithe (tacsanomaíocht, tagarmharcanna, nochtuithe).

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024