- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 08/11/2019, 8 Samhain 2019
Príomhthorthaí
Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus roimh COP25, comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, a bheidh ar siúl i Maidrid ón 2 go dtí an 13 Nollaig 2019.
Tá an tAontas ag cur in iúl an athuair go bhfuil sé dáiríre faoina thiomantas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide. Ó 2013, táimid tar éis ár ranníocaíochtaí airgeadais a dhúbailt chun cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide. Mika Lintilä, Aire Airgeadais na Fionlainne
Is iad an tAontas agus na Ballstáit i gcónaí a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú ar fáil don troid i gcoinne an athraithe aeráide. B'fhiú €21.7 billiún a ranníocaíochtaí iomlána in 2018, méadú ar an €20.4 billiún in 2017.
Cánachas
Cánachas digiteach
Rinne na hairí machnamh le linn Uachtaránacht na Fionnlainne ar staid na hoibre le plé leanúnach OECD maidir le dúshláin chánach a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair agus mhalartaigh siad tuairimí ar an mbealach ar aghaidh sa réimse sin sna míonna amach romhainn.
Is léir ón bplé go bhfuil tacaíocht ann don bhealach ar aghaidh atá molta ag na Uachtaránacht agus leanfar den obair, ar an mbonn sin, i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle. Leag na hairí béim freisin ar an ngá lena chinntiú go mbeidh na réitigh éagsúla ar an leibhéal idirnáisiúnta ag teacht le dlí an Aontais agus go ndéanfar anailís chríochnúil ar an tionchar a bheidh acu.
Tá dhá shruth oibre i gceist le forbairt leanúnach OECD:
- I gcolún 1, déantar iniúchadh ar na rialacha a bhaineann le hathdháileadh brabús ó ghnólachtaí digitithe trí rialacha nua a chinneadh maidir le cén áit ar cheart cáin a íoc agus cén cion den bhrabús ar cheart cáin a ghearradh air i ndlínse ar leith.
- I gcolún 2, déantar iniúchadh ar dhearadh córais chun a chinntiú go n-íocfaidh gnólachtaí, a bhíonn ag oibriú go hidirnáisiúnta, íosleibhéal cánach arb é is aidhm dó bonn cánach na dtíortha a chosaint ar chreimeadh an bhoinn agus ar aistriú brabúis.
Tá dlús curtha leis an obair in OECD le roinnt míonna anuas agus is é an aidhm atá ag OECD teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le struchtúr iomlán na n-athchóirithe faoi mhí Eanáir 2020 agus go mbeidh tuarascáil deiridh ann faoi dheireadh 2020.
Rialacha CBL
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú inniu maidir le dhá athchóiriú ar rialacha CBL.
Baineann an chéad athchóiriú le calaois chánach a bhrath in idirbhearta ríomhthráchtála trasteorann. Cuirfidh na rialacha nua ar chumas na mBallstát na taifid a chuireann soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar fáil go leictreonach a bhailiú ar bhealach comhchuibhithe, amhail na bainc. Ina theannta sin, bunófar lárchóras leictreonach nua chun faisnéis íocaíochta a stóráil agus chun go ndéanfaidh oifigigh frith-chalaoise náisiúnta tuilleadh próiseála ar an bhfaisnéis sin.
Baineann an dara hathchóiriú le rialacha CBL is infheidhme maidir le gnólachtaí beaga. Leis na rialacha nua, laghdófar na hualaí riaracháin agus na costais chomhlíonta d'fhiontair bheaga agus beidh siad ina gcabhair chun timpeallacht fhioscach a chruthú, rud a chabhróidh le FBManna méadú agus trádáil trasteorann a dhéanamh.
Dleachtanna máil
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú sealadach faoi bhearta chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó do thrádáil earraí atá faoi réir dleachtanna máil trí na dálaí a fheabhsú a thuilleadh le haghaidh iomaíocht chóir agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis na tograí seo a leanas:
- an treoir maidir le socruithe ginearálta do dhleacht mháil
- an treoir maidir le comhar riaracháin i ndáil le hábhar na gclár leictreonach
Is cánacha indíreacha iad dleachtanna máil ar dhíol nó ar úsáid táirgí ar leith, amhail tobac nó fuinneamh. Is í an tír dá n-íoctar na cánacha sin a fhaigheann an t-ioncam iomlán uathu. Ó 1992 i leith, tá rialacha comhchoiteanna i bhfeidhm i dtíortha an Aontais chun a chinntiú go gcuirtear dleachtanna máil i bhfeidhm ar an mbealach céanna agus ar na táirgí céanna ar fud an Aontais
Anuas air sin, tá an Chomhairle tar éis teacht ar chur chuige ginearálta, gan phlé, maidir le díolúine ó CBL agus ó dhleacht mháil i dtaca leis an iarracht cosanta faoi chuimsiú chreat an Aontais.
Phléigh na hairí freisin athchóiriú a dhéanamh ar struchtúir na dleachta máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha. Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach le linn na caibidlíochta, níor tháinig na hairí ar chomhaontú maidir leis an téacs sin. Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag obair ar an leibhéal teicniúil d'fhonn teacht ar chomhréiteach a bheidh inghlactha ag na Ballstáit go léir i mí na Nollag.
Comhalta nua bhord feidhmiúcháin BCE a ainmniú
D'eisigh an Chomhairle moladh chuig an gComhairle Eorpach maidir le hainmniúchán Isabel Schnabel, ar ollamh í in Ollscoil Bonn faoi láthair agus ar comhalta í de Chomhairle Saineolaithe Eacnamaíochta na Gearmáine, mar iarrthóir chun teacht i gcomharbacht ar Sabine Lautenschläger ar bhord feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh foirmiúil maidir leis an gceapachán faoi dheireadh na bliana, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le comhairle rialaithe BCE.
- Bord feidhmiúcháin BCE: A thacaíocht d'aontoil tugtha ag an nGrúpa Euro d’iarrthóireacht Isabel Schnabel, (preaseisiúint an Ghrúpa Euro, 7 Samhain 2019))
- Ceapachán bhord feidhmiúcháin BCE – grafaic faisnéise ón gComhairle
Criptea-airgeadra "stablecoin"
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi dhréachtráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gcriptea-airgeadra "stablecoin" a chomhaontófar ag cruinniú Ecofin i mí na Nollag.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Díospóireacht chomhpháirteach ag na hairí oideachais agus oiliúna
Bunaithe ar phlépháipéar uachtaránachta, bhí díospóireacht phoiblí ag airí airgeadais agus oideachais ar an ábhar seo a leanas: 'Bonn láidir eacnamaíoch don Eoraip: an éifeachtacht, an éifeachtúlacht agus an cháilíocht a shaothrú san oideachas agus san oiliúint'. Ba é sin an chéad deis a bhí ag na hairí airgeadais agus oideachais tuairimí a mhalartú maidir le tábhacht an chaipitil dhaonna mar bhonn d'fholláine na hEorpa. Leagadh béim sa phlé ar uaillmhian na Comhairle Eorpaí dlús a chur leis an infheistíocht i scileanna agus oideachas na ndaoine.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach leathanach cruinnithe na Comhairle Oideachais.
Ina theannta sin, ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le staidreamh an Aontais, chuir an Bord Fioscach Eorpach a thuarascáil bhliantúil don bhliain 2019 faoina mbráid agus cuireadh ar an eolas iad maidir leis na cruinnithe idirnáisiúnta is déanaí (cruinniú airgeadais G20 an 14-20 Deireadh Fómhair agus cruinnithe bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta in Washington DC).
Ranníocaíocht na hEorpa do mhaoiniú don aeráid (sna €bn) (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide: Ranníocaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát suas le €21.7 billiún in 2018 - 08/11/2019
An ríomhthráchtáil: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le rialacha nua i ndáil le sonraí íocaíochta CBL a mhalartú - 08/11/2019
CBL: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú sealadach maidir le rialacha simplithe do ghnólachtaí beaga - 08/11/2019
Dleacht mháil: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú faoi chreat nuachóirithe le haghaidh táirgí faoi réir dleacht mháil - 08/11/2019
Carranna níos sábháilte san Aontas Eorpach - 08/11/2019
Cosaint tomhaltóirí an Aontais le treisiú - 08/11/2019
An Garda Teorann agus Cósta Eorpach: Rialachán athbhreithnithe glactha ag an gComhairle - 08/11/2019
Aontas na Margaí Caipitil: Athchóirithe reachtacha glactha ag an gComhairle - 08/11/2019
Cead tugtha don chomhaontú saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Singeapór - 08/11/2019
Cánachas: An Bheilís bainte de liosta an Aontais, an Mhacadóin Thuaidh ag comhlíonadh na ngealltanas - 08/11/2019
Idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil, an 7 Samhain 2019 - 07/11/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025