Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Samhain 2019 13:18

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach: Rialachán athbhreithnithe glactha ag an gComhairle

Ghlac an Chomhairle rialachán nua maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, ar gné thábhachtach é de chur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na himirce agus an bhainistithe teorainneacha.

Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) á neartú ó thaobh líon foirne agus trealamh teicniúil de. Tá sainordú níos leithne á thabhairt di chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, go háirithe maidir le rialú teorann, filleadh agus comhar le tríú tíortha. Leis an rialachán nua, déanfar an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha a ionchorprú i gcreat an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, rud a chuirfidh feabhas ar a fheidhmiú.

Tá bainistiú dea-fheidhmiúil na dteorainneacha seachtracha riachtanach chun go bhfeidhmeoidh limistéar Schengen go hiomlán i gcónaí agus chun go ndéanfar bainistiú éifeachtúil daonnachtúil ar an imirce i gcónaí freisin. Leis na rialacha nua sin, beidh Frontex in ann ról níos mó a imirt maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i dtaca le rialú teorann, le filleadh agus le comhar le tríú tíortha. Maria Ohisalo, Aire Gnóthaí Baile na Fionlainne

Buanchór gardaí teorann agus cósta agus saineolaithe i réimse an fhillte

Beidh buanchór ar fáil do Frontex chun bainistiú comhleanúnach theorainneacha seachtracha an Aontais a áirithiú agus chun a bheith in ann freagairt do ghéarchéimeanna. Is de réir a chéile a chuirfear an cór ar bun agus beidh suas le 10 000 ball foirne oibríochtúil ann faoin mbliain 2027. Beidh sé comhdhéanta d'fhoireann oibríochtúil ó Frontex chomh maith le comhaltaí ó na Ballstáit faoi iasachtaí fadtéarmacha nó ar feadh tréimhse ghearrthéarmach, agus beidh cúltaca ann chun mearfhreagairt a sholáthar agus a choinneofar go dtí deireadh 2024.

Fillteacha

Leis na rialacha atá á mbeartú, beidh Frontex in ann tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil do na Ballstáit le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh. Cuirfidh an ghníomhaireacht tacaíocht ar fáil ar iarratas ón mBallstát i dtrácht nó as a stuaim féin i gcomhaontú leis an mBallstát sin. Bainfidh an tacaíocht sin le gach gné den fhilleadh, ó ghníomhaíochtaí ullmhúcháin go dtí an filleadh féin, gníomhaíochtaí tar éis an fhillte agus gníomhaíochtaí tar éis an teachta.

Comhar le tríú tíortha

Leis na rialacha atá á mbeartú, cabhrófar leis an gcomhar le tríú tíortha a neartú trí raon níos leithne gníomhaithe a thabhairt don ghníomhaireacht agus gan na deiseanna le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha a theorannú do thíortha comharsanachta amháin.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025