Skip to content

Teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú

Tá an tAontas agus na Ballstáit ag oibriú ar bhearta nithiúla chun slándáil na hEorpa a chosaint agus teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú.

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

Seoladh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (ar a dtugtar Frontex de ghnáth) i mí Dheireadh Fómhair 2016 i ndiaidh do cheannairí an Aontais rialuithe neartaithe a éileamh ag na teorainneacha seachtracha i mí Mheán Fómhair 2015.

Is é an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha an t-ainm a bhí uirthi roimhe sin. Tugadh ainm úr di chun a léiriú gur leathnaíodh a sainordú.

Déanann an ghníomhaireacht faireachán géar ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, oibríonn sí i gcomhar leis na Ballstáit chun aon bhagairt slándála ar na teorainneacha a shainaithint, agus dul i ngleic leo, go gasta.

A bhuí leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, déantar an méid seo leanas:

  • an imirce a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí
  • slándáil inmheánach an Aontais a fheabhsú
  • prionsabal na saorghluaiseachta daoine a chosaint

I mí na Samhna 2019, ghlac an tAontas rialachán chun ról na gníomhaireachta a threisiú. Tugtar Rialachán Frontex air agus déantar foráil ann maidir leis an méid seo a leanas:

  • bainistiú comhtháite na dteorainneacha
  • ról níos mó don ghníomhaireacht agus í ag déileáil le fillteacha
  • buanchór a chruthú ina bhfuil 6 500 ball foirne faoi 2021 agus 10 000 ball foirne faoi 2027

Comhar le tríú tíortha

Bainistiú teorainneacha: comhaontuithe le tríú tíortha

Leagan téacs

* Ní dochar an léarscáil seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sí ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI faoi dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive

Go dtí seo, rinneadh comhaontuithe stádais a chaibidil leis na tíortha seo a leanas agus tá siad i bhfeidhm faoi láthair nó ag feitheamh ar shíniú:

  • An Albáin (comhaontú feabhsaithe nua sínithe)
  • An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (comhaontú feabhsaithe nua faoi chaibidil)
  • An Mholdóiv (comhaontú atá i bhfeidhm ón 1 Samhain 2022)
  • Montainéagró (Comhaontú feabhsaithe nua arna shíniú, arna chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Iúil 2023)
  • Poblacht na Macadóine Thuaidh (comhaontú atá i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2023)
  • An tSeirbia (comhaontú i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2021 — comhaontú feabhsaithe nua faoi chaibidil)

Is féidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta imscaradh agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur i gcrích ar chríoch tíortha comharsanacha, ach comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus an tír lena mbaineann a thabhairt i gcrích roimh ré.

Tá an comhar le tríú tíortha ina ghné thábhachtach den choincheap Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha.

Go dtí seo, rinneadh comhaontuithe stádais a chaibidil leis na tíortha seo a leanas agus tá siad i bhfeidhm faoi láthair nó ag feitheamh ar shíniú:

  • an Albáin
  • an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
  • an Mholdóiv
  • Montainéagró
  • an Mhacadóin Thuaidh
  • an tSeirbia

Tá na comhaontuithe stádais leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, le Montainéagró agus leis an tSeirbia á n-athchaibidil faoi láthair chun leas iomlán a bhaint as ról treisithe Frontex faoi rialachán Frontex 2019.

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontuithe stádais a thabhairt i gcrích leis an Máratáin agus leis an tSeineagáil.

Córas Faisnéise Schengen

Le córas faisnéise Schengen (CFS), déantar slándáil inmheánach a chosaint i dtíortha Schengen in éagmais rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha.

Úsáideann na húdaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais córas faisnéise Schengen (CFS) chun foláirimh, maidir le daoine nó rudaí a bhfuiltear sa tóir orthu nó atá ar iarraidh, a chur isteach nó a cheadú. Tá beagnach 86.5 mhilliún foláireamh sa chóras sin agus é ceadaithe breis agus 35 milliún uair sa lá ag na húdaráis in 2022.

Ina theannta sin, cuireann CFS treoracha ar fáil do na húdaráis maidir lenar ceart a dhéanamh tráth a n-aimsítear duine nó rud, mar shampla:

  • duine a bhfuiltear sa tóir air a ghabháil
  • cosaint a thabhairt don té atá ar iarraidh agus ar leochaileach a chás
  • earra neamhdhleathach nó earra goidte a ghabháil

I mí na Samhna 2018, ghlac an tAontas rialacha nua lena ndéantar uasghrádú ar chóras faisnéise Schengen.

Tháinig an leagan uasghrádaithe i bhfeidhm i mí an Mhárta 2023 agus áirítear leis:

  • catagóirí nua foláireamh
  • bithmhéadracht ar nós loirg dearnan
  • méarloirg
  • taifid DNA do dhaoine atá ar iarraidh

An córas faisnéise víosaí

Is bunachar sonraí é an córas faisnéise víosaí (VIS) atá deartha leis an nós imeachta víosa gearrfhanachta a éascú. Cuidíonn sé le húdaráis víosaí, údaráis teorann, údaráis tearmainn agus údaráis imirce seiceáil a dhéanamh ar na náisiúnaigh tríú tír a dteastaíonn víosa ghearrfhanachta uathu chun taisteal chuig limistéar Schengen.

Ó 2011 i leith, tá na húdaráis in ann VIS a úsáid chun meaitseáil bhithmhéadrach a dhéanamh chun daoine a shainaithint agus chun goid aitheantais agus calaois aitheantais a chosc.

I mí na Bealtaine 2021, rinne an tAontas nuashonrú ar Rialachán VIS mar fhreagairt ar an athrú atá ag teacht ar dhúshláin imirce agus slándála. Déantar an méid seo a leanas leis na rialacha nua:

  • slándáil an nóis imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa ghearrfhanachta a neartú a thuilleadh
  • víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a áireamh sa bhunachar sonraí céanna
  • idir-inoibritheacht a chinntiú idir an Córas Faisnéise Víosaí agus córais agus bunachair sonraí ábhartha eile de chuid an Aontais

Córas dul isteach/imeachta

Ghlac an Chomhairle rialachán maidir le córas dul isteach/imeachta i mí na Samhna 2017.



I mí na Bealtaine 2025, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach lena gceadaítear do na Ballstáit an córas digiteach um bainistiú teorainneacha (EES) a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse 6 mhí.

Leis an gcóras, clárófar faisnéis maidir le dul isteach, dul amach nó maidir le cead isteach a bheith diúltaithe i gcás náisiúnach tríú tíortha agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha limistéar Schengen.

Agus an córas á thabhairt isteach de réir a chéile, beidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as an gcóras agus ag an am céanna tabharfar am do na húdaráis teorann agus don tionscal iompair coigeartú a dhéanamh. Cuirtear riachtanais éagsúla na mBallstát san áireamh sa rialachán.

Is iad na Ballstáit a thógfaidh an córas nua, in éineacht le eu-LISA, (gníomhaireacht an Aontais atá freagrach as córais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais), agus i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le Frontex.

Beidh an córas dul isteach/imeachta ina chabhair chun:

  • moilleanna ar sheiceáil teorann a laghdú agus feabhas a chur ar cháilíocht na seiceálacha teorann trí thréimhse fanachta údaraithe gach taistealaí a ríomh go huathoibríoch
  • sainaithint na rófhantóirí a chinntiú ar bhealach córasach, iontaofa
  • an tslándáil inmheánach agus comhrac na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí eile a neartú trí rochtain a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí ar thaifid na staire taistil

An córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil

Ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear an córas Eorpach um fhaisnéis agus údarú taistil (ETIAS) i mí Mheán Fómhair 2018. Bainfear úsáid as an gcóras TF sin chun seiceálacha a dhéanamh roimh ré ar thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus údarú taistil a dhiúltú dóibh, más gá.

Beidh sé ar aon dul le córais atá ann cheana i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, san Astráil agus in áiteanna nach iad, agus bainfidh an-chuid buntáistí leis, amhail:

  • feabhas ar an tslándáil inmheánach
  • cosc níos cuimsithí ar imirce neamhdhleathach
  • laghdú ar na rioscaí don tsláinte phoiblí agus ar an moill ag na teorainneacha

Is é eu-LISA, gníomhaireacht an Aontais atá freagrach as córais mhórscála TF i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, a fhorbróidh ETIAS.

Cuirfear tús le hoibríochtaí ETIAS sa ráithe dheireanach de 2026.

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2025