- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 17 Nollaig 2020 15:45
Conclúidí formheasta ag an gComhairle maidir le bheith ag féachaint le téarnamh ciorclach glas
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí dar teideal “Ag féachaint le Téarnamh Ciorclach Glas” mar fhreagairt ar Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh geilleagar ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche.
Is é is aidhm do na conclúidí treoir chuimsitheach pholaitiúil a chur ar fáil maidir leis an raon leathan gníomhaíochtaí a bheartaítear sa Phlean Gníomhaíochta. Tá sé mar aidhm acu cothromaíocht a bhaint amach idir cur chuige uaillmhianach agus an gá atá le raon leathan saincheisteanna a mheas agus na gníomhaíochtaí éagsúla á gcur chun feidhme, túsphointí difriúla na mBallstát san áireamh.
Leagtar béim sna conclúidí ar ról an gheilleagair chiorclaigh sa téarnamh ó COVID-19 agus déantar nasc leis an digiteáil, rud a léiríonn a thábhachtaí atá sé chun poitéinseal iomlán an gheilleagair chiorclaigh a bhaint amach.
Cúlra
An 11 Márta 2020, chuir an Coimisiún a Theachtaireacht i láthair maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach d’Eoraip níos glaine agus níos iomaíche. Is príomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip é an Plean Gníomhaíochta agus tá dlúthbhaint aige leis an Straitéis Eorpach maidir le Tionsclaíocht.
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta creat cuimsitheach do ghníomhaíochtaí darb aidhm dlús a chur leis an aistriú i dtreo “samhail fáis athghiniúnaigh” a chuirfidh go mór le baint amach na haeráidneodrachta faoi 2050 agus le díchúpláil an fháis ó úsáid acmhainní, agus é á chinntiú ag an am céanna go mbeidh an tAontas iomaíoch go fadtéarmach agus nach bhfágfar aon duine ar lár.
Beartaítear leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach thart ar 35 phointe gníomhaíochta agus creat beartais maidir le táirgí inbhuanaithe mar phríomhghné de lena gcuimsítear tionscnaimh i ndáil le táirgí a dhearadh, próisis táirgthe agus tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí a chumhachtú. Tabharfar aghaidh le tionscnaimh spriocdhírithe ar phríomhshlabhraí luacha táirgí amhail leictreonaic agus TFC, ceallraí, pacáistiú, plaistigh, teicstílí, foirgníocht agus foirgnimh agus bia. Thairis sin, foráiltear d’athbhreithniú ar reachtaíocht dramhaíola. Is cuid thábhachtach den Phlean Gníomhaíochta é freisin borradh a chur faoi ghníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta/domhanda.
- Dréacht-Chonclúidí ón gComhairle
- Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal <em>A new Circular Economy Action Plan for a cleaner and more competitive Europe</em> [Plean Gníomhaíochta nua le haghaidh Geilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche]
- Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip
- Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip
- Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal <em>A new Industrial strategy for Europe</em> [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip]
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Feabhra 2025