"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil leis an dlí aeráide Eorpach, ina bhfuil sprioc nua de chuid an Aontais maidir le laghdú nach lú ná 55% a chur ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030 i gcomparáid le 1990, i bhfianaise na treorach a fuarthas ón gComhairle Eorpach an 10 go dtí an 11 Nollaig. Is é is príomhaidhm don dlí aeráide Eorpach cuspóir sin na haeráidneodrachta faoi 2050 a chur isteach i reachtaíocht an Aontais.
Tá cloch mhíle thábhachtach bainte amach againn inniu i ndáil leis an togra le haghaidh dlí aeráide Eorpach. Tá an tAontas Eorpach mórthiomanta don aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus is mian linn comhartha soiléir a thabhairt don domhan leis an sprioc threisithe atá againn maidir le laghdú nach lú ná 55% a chur ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.
Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine
Leis an gcur chuige ginearálta ar thángthas air, tugtar chun críche an seasamh caibidlíochta páirteach a chomhaontaigh an Chomhairle i mí Dheireadh Fómhair agus tugtar sainordú d’Uachtaránacht na Comhairle tuilleadh plé a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra ón gCoimisiún.
Tíolacadh maidir le rannchuidiú an Aontais agus a Bhallstát arna chinneadh go náisiúnta (NDC)
Ghlac an Chomhairle an tíolacadh maidir le rannchuidiú an Aontais agus a Bhallstát arna chinneadh go náisiúnta (NDC). Tá sprioc nuashonraithe fheabhsaithe sa tíolacadh de laghdú 55% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le 1990, mar thoradh ar an treoir ón gComhairle Eorpach an 10 agus an 11 Nollaig 2020. Tarchuirfear an tíolacadh anois chuig Rúnaíocht UNFCCC.
Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)
Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil le togra chun Rialachán Aarhus a leasú. Leagtar amach i Rialachán Aarhus an chaoi a gcuireann an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit Coinbhinsiún idirnáisiúnta Aarhus chun feidhme, coinbhinsiún arb é is aidhm dó rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a ráthú.
Bíonn tionchar ag ár mbeartais chomhshaoil agus an chaoi a gcuirtear chun feidhme iad ar shaol laethúil ár saoránach. Is cúis áthais dom go gcuideoidh an comhaontú ar ar thángthas maidir le Rialachán Aarhus leis an daonlathas comhshaoil a fheabhsú. Leathnóidh sé raon feidhme na ngníomhartha ar féidir iarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh ina leith agus cuirfidh sé síneadh leis na sprioc-amanna do na hiarrataí sin. Tá córas dea-fheidhmiúil do dhaoine den phobail de dhíth orainn a aithníonn sainiúlachtaí ord dlíthiúil agus chóras breithiúnach an Aontais freisin.
Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine
D’aontaigh an Chomhairle i gcoitinne go leathnófaí raon feidhme an rialacháin chun gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a chumhdach. Cuirtear síneadh freisin, leis an seasamh ón gComhairle, leis na sprioc-amanna faoinar féidir leis an bpobal athbhreithniú a iarraidh agus faoinar féidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais freagra a thabhairt, chun an próiseas a éascú do ghearánaithe agus freagraí ar cháilíocht níos fearr a chinntiú.
An téarnamh as COVID-19 a dhéanamh ciorclach agus glas
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an téarnamh as COVID-19 a dhéanamh ciorclach agus glas mar fhreagairt ar Phlean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Geilleagar Ciorclach. Is é is aidhm do na conclúidí treoir chuimsitheach pholaitiúil a chur ar fáil maidir leis an raon leathan gníomhaíochtaí a bheartaítear sa Phlean Gníomhaíochta. Tá sé mar aidhm leo cothromaíocht a bhaint amach idir cur chuige uaillmhianach agus an gá atá le raon leathan saincheisteanna a mheas agus na gníomhaíochtaí éagsúla á gcur chun feidhme, túsphointí difriúla na mBallstát san áireamh.
Tá an-áthas orm gur thugamar céim eile inniu i dtreo an gheilleagair chiorclaigh. Leis na conclúidí seo, tugaimid treoir don Choimisiún tograí a chur ar aghaidh amhail an ceart deisiúcháin, ar ionstraim thábhachtach é chun an méid táirgí TFC a dhiúscraítear a laghdú faoi 2025, ar a dtugtar aghaidh sna conclúidí maidir le claochlú digiteach a glacadh inniu freisin.
Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena dtugtar aghaidh ar dhúshlán déach sochaíoch an chlaochlaithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais agus lena mbreathnaítear ar bhealaí le cuidiú chun na droichid riachtanacha a thógáil idir an dá aistriú sin.
Tugtar treoir pholaitiúil don Choimisiún sna conclúidí d’fhonn tionscnaimh iomchuí a chur i láthair chun leas a bhaint as na deiseanna a thugann an digiteáil i dtaca le cosaint comhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide agus chun éifeachtaí díobhálacha comhshaoil na digiteála féin a theorannú.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí comhshaoil maidir le straitéis cheimiceán an Choimisiúin don inbhuaine i dtreo timpeallacht saor ó thocsain. Ghlac an Coimisiún an straitéis an 14 Deireadh Fómhair 2020, mar phríomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip.
Thacaigh na Ballstáit, ar an mórgóir, leis an straitéis agus mheas siad gurbh iomchuí leibhéal ginearálta uaillmhian na straitéise. Chuir na toscaireachtaí in iúl gur spéis leo tuilleadh oibre a dhéanamh ar thograí amach anseo a bheidh mar chuid den straitéis agus leanúint de dhlúthbhaint a bheith acu lena cur chun feidhme.
Faoi aon ghnó eile, chuir an Coimisiún an togra nua uaidh maidir le cadhnraí agus cadhnraí dramhaíola i láthair. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi ghlao ar ghníomhaíocht phráinneach maidir le comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha a dhaingniú. Thug an Phortaingéil eolas do na toscaireachtaí faoin gComhdháil Eorpach “An t-athrú aeráide agus gné Eorpach an uisce – Teacht aniar a fheabhsú” (4-5 Samhain 2020). Chuir an Spáinn na hairí ar an eolas faoin Tuarascáil ar chruinniú bliantúil an Choimisiúin um Chaomhnú Beo-Acmhainní Muirí Antartacha (CCAMLR) (27-30 Deireadh Fómhair 2020). Chuir an Fhrainc eolas ar fáil do na toscaireachtaí faoin dífhoraoisiú a dhíothú. Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Portaingéile a clár oibre don chéad leath de 2021 i láthair.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.