Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 19 Deireadh Fómhair 2021 10:20

An chibearshlándáil: conclúidí glactha ag an gComhairle ag féachaint arbh fhiú cibearaonad comhpháirteach a bhunú

Ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit creat bainistithe géarchéime cibearshlándála an Aontais a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear trí fhéachaint arbh fhiú cibearaonad comhpháirteach a bhunú.

Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar an ngá atá ann na líonraí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus mapáil a bhunú ar na bearnaí agus na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhroinnt faisnéise laistigh de chibearphobail agus ar fud na gcibearphobal. Ba cheart go n-eascródh comhaontú as sin maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí príomhúla a d’fhéadfadh a bheith ag cibearaonad comhpháirteach féideartha. Is próiseas incriminteach, trédhearcach, cuimsitheach é atá bunriachtanach chun muinín a fheabhsú. Tá ról lárnach ag an gComhairle san fheidhm ceaptha beartais agus comhordúcháin maidir le creat bainistithe géarchéime cibearshlándála an Aontais a fhorbairt a thuilleadh agus déanfaidh sí faireachán ar an dul chun cinn agus cuirfidh sí treoir ar fáil chun an creat sin a chomhlánú.

Cuireann an Chomhairle in iúl go láidir freisin gur gá modhanna oibre leordhóthanacha agus rialachas leordhóthanach a bhunú chun go mbeidh na Ballstáit uile rannpháirteach sa phlé, san fhorbairt agus i bpróisis éifeachtacha cinnteoireachta. Níor mhór do chibearaonad comhpháirteach a d‘fhéadfadh a bheith ann inniúlachtaí, sainorduithe agus cumhachtaí dlíthiúla na rannpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a urramú agus bheadh aon rannpháirtíocht ó na Ballstáit deonach.

Iarann an Chomhairle go ndéanfar machnamh breise ar eilimintí aonair an mholta maidir leis an gcibearaonad comhpháirteach, lena n-áirítear i ndáil le coincheapa fhoirne mearfhreagartha cibearshlándála an Aontais agus i ndáil le plean an Aontais um theagmhais chibearshlándála agus freagairt ar ghéarchéimeanna.

Cúlra

An 23 Meitheamh, thíolaic an Coimisiún Eorpach moladh maidir le cibearaonad comhpháirteach a thógáil chun dul i ngleic le líon méadaitheach na gcibirtheagmhas tromchúiseach a mbíonn tionchar acu ar sheirbhísí poiblí, ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh ar fud an Aontais. Faoin moladh sin, ghníomhódh an cibearaonad comhpháirteach mar ardán lena dtabharfaí le chéile acmhainní agus saineolas ó na cibearphobail éagsúla san Aontas agus sna Ballstáit chun chibirtheagmhais mhóra a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt orthu ar bhealach éifeachtach.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Feabhra 2025