Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 19 Deireadh Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

An Chomhairle Eorpach, 21-22 Deireadh Fómhair

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta maidir leis na dréachtchonclúidí ón gComhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 21-22 Deireadh Fómhair.

Tiocfaidh ceannairí an Aontais le chéile sa Bhruiséil chun plé a dhéanamh ar COVID-19, ar an gclaochlú digiteach, ar phraghsanna fuinnimh, ar an imirce, ar chúrsaí trádála agus ar an gcaidreamh seachtrach.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach an staid eipidéimeolaíoch a mheas tar éis an dul chun cinn suntasach a rinneadh a bhuí leis na feachtais vacsaínithe i gcoinne COVID-19 ar fud na hEorpa. Táthar ag súil freisin go bpléifidh na ceannairí saorghluaiseacht agus taisteal chomh maith le cosc, ullmhacht agus freagairt d’éigeandálaí sláinte amach anseo. Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh freisin ar an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus ar an ngá atá le rochtain ar vacsaíní a chinntiú do chách.

Maidir le claochlú digiteach na hEorpa, táthar ag súil go ndéanfaidh na ceannairí athbhreithniú ar an gclár oibre digiteach agus ar phríomhchomhaid reachtacha agus go n-éileoidh siad dul chun cinn i ndáil leis sin. Táthar ag súil freisin go meabhróidh siad an tábhacht atá le nascacht dhigiteach agus le comhpháirtíochtaí domhanda.

Pléifidh ceannairí an Aontais an méadú a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh. Déanfaidh na ceannairí measúnú ar na bearta is féidir a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an mhéadaithe sin ar phraghsanna.

Maidir leis an imirce, déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú ar chur chun feidhme a conclúidí ó mhí an Mheithimh 2021.

Beidh plé straitéiseach ag ceannairí an Aontais maidir le cúrsaí trádála.

Maidir leis an gcaidreamh seachtrach, táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach an t-ullmhúchán don mhéid seo a leanas a mheas:

  • cruinniú mullaigh ASEM a thionólfar go fíorúil an 25-26 Samhain 2021
  • cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, an 15 Nollaig 2021
  • cruinniú COP26 maidir leis an athrú aeráide an 31 Deireadh Fómhair-12 Samhain 2021 i nGlaschú
  • cruinniú COP15 maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch in Kunming

I bhfianaise a dtarlóidh, féadfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sonracha eile a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.

Idirphlé Bliantúil maidir leis an Smacht Reachta

Faoi chuimsiú an idirphlé bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, bhí plé cothrománach ag na hAirí a dhírigh ar fhorbairtí san Aontas, bunaithe ar cheithre cholún: na córais cheartais; an creat frithéillithe; iolrachas na meán; saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin.

Baineadh leas as an tuarascáil ar an smacht reachta a d’eisigh an Coimisiún an 20 Iúil 2021 ag an bplé sa Chomhairle.

Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Is é an smacht reachta cloch choirnéil ár dtionscadail Eorpaigh agus ráthaítear leis na cearta agus na saoirsí laethúla is bunúsaí. Is ar na cúiseanna sin a bhfuil an measúnú bliantúil seo chomh tábhachtach sin. Leis an idirphlé, urramaítear go hiomlán prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus chóir chomhionann na mBallstát uile, ar prionsabail iad a chuireann an tSlóivéin chun cinn freisin mar an tír a bhfuil an Uachtaránacht aici.
Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

Cumhdófar gnéithe tírshonracha ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Samhna maidir le cúig Bhallstát (an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin).

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Chuir an Uachtaránacht eolas ar fáil faoi staid reatha na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, tar éis na gcéad phainéal saoránach Eorpach.

Bhí na chéad seisiúin tionscnaimh ag gach ceann de na ceithre phainéal cheana féin. Tháinig an ceathrú painéal le chéile an 15-17 Deireadh Fómhair den chéad uair, inar díríodh ar ról an Aontais sa domhan agus ar an imirce. Chuir na chéad seisiúin de na painéil ar ár gcumas sruthanna agus fothopaicí a aithint a ndéanfaidh rannpháirtithe plé níos doimhne orthu sna seisiúin atá le teacht.

Chuir an Uachtaránacht an t-eolas is deireanaí ar fáil freisin maidir leis na hullmhúcháin don chéad seisiún iomlánach eile den Chomhdháil, a bheidh ar siúl in Strasbourg an 23 Deireadh Fómhair.

Tá áthas orm gur chuir na chéad chruinnithe de phainéil Eorpacha na saoránach tús le hobair shubstainteach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Ba cheart go ndíreodh an Chomhdháil ar ábhar ar mhaithe le saoránaigh den Eoraip. Tá ról lárnach ag na saoránaigh sa díospóireacht leathan maidir leis an gcineál Aontais nach mór a bheith ann sa todhchaí chun a n-ionchais a chomhlíonadh. Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

Comhdháil idirnáisiúnta

Labhair an Uachtaránacht faoi thoradh na comhdhála idirnáisiúnta Illusive Reconciliation: Transitional Processes in Central and Eastern Europe in a Comparative Perspective [Athmhuintearas Mealltach: Próisis Idirthréimhseacha i Lár agus in Oirthear na hEorpa ó thaobh Dearcadh Comparáideach de].

An Chibearshlándáil

Ghlac an Chomhairle conclúidí lena n-iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit creat bainistithe géarchéime cibearshlándála an Aontais a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear trí fhéachaint arbh fhiú cibearaonad comhpháirteach a bhunú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025