Cibearshlándáil an Aontais: an straitéis agus na príomhbheartais
Tá deiseanna — agus cibearbhagairtí — ag baint leis an digiteáil. Tá straitéis chibearshlándála forbartha ag an Aontas chun cur i gcoinne na gcibearbhagairtí sin, agus tá tionscnaimh seolta aige chun an tslándáil agus an athléimneacht a neartú.
Straitéis cibearshlándála an Aontais
I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’iarr ceannairí an Aontais ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an tAontas a chosaint ar chibearbhagairtí
- timpeallacht shlán chumarsáide a chur ar fáil, go háirithe trí chriptiú candamach
- rochtain ar shonraí a chinntiú chun críoch bhreithiúnach agus forfheidhmithe dlí
Is féidir le saoránaigh níos mó muiníne a bheith acu as uirlisí agus seirbhísí digiteacha de bharr freagairt chibearshlándála níos láidre trína dtógfar cibearspás oscailte slán. Leis an gcibearshlándáil, cosnaítear na córais gréasáin agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile a gcuireann cibearbhagairtí isteach orthu
I mí na Nollag 2020, chuir an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) straitéis chibearshlándála nua an Aontais Eorpaigh i láthair. Is é is aidhm don straitéis sin athléimneacht na hEorpa i gcoinne cibearbhagairtí a threisiú agus a chinntiú gur féidir le gach saoránach agus gnólacht tairbhe iomlán a bhaint as seirbhísí agus uirlisí digiteacha iontaofa ar féidir brath orthu.
An 22 Márta 2021, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis chibearshlándála, ina gcuirtear in iúl go bhfuil an chibearshlándáil riachtanach chun Eoraip athléimneach, ghlas agus dhigiteach a thógáil. Leag airí an Aontais amach go mbeadh sé mar phríomhchuspóir an neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach, agus geilleagar oscailte á choimeád ag an am céanna. Cuirtear, mar sin, leis an gcumas roghanna uathrialacha a dhéanamh i réimse na cibearshlándála, agus ceannaireacht dhigiteach tráth a neartófar acmhainneachtaí straitéiseacha an Aontais.
Príomhbheartais chibearshlándála an Aontais
Treoirphlean cibearshlándála
Ghlac an Chomhairle treoirphlean de chuid an Aontais maidir le bainistiú géarchéime cibearshlándála an 6 Meitheamh 2025.
Cuireann an treoirphlean creat cuimsitheach mionsonraithe ar fáil chun cibir‑ghéarchéimeanna a bhainistiú ar leibhéal an Aontais, ag tógáil ar Threoirphlean Cibearshlándála 2017.
Díríonn an treoirphlean cibearshlándála ar an méid seo a leanas:
- freagairt éifeachtach éifeachtúil ar chibeartheagmhais mhórscála a chinntiú
- comhar níos struchtúrtha a chothú idir gníomhaithe sibhialta agus míleata
- míniú a thabhairt ar cad is cibir‑ghéarchéim ann agus cad a spreagann sásra cibir‑ghéarchéime
Gníomh an Aontais um chibear‑dhlúthpháirtíocht
An 2 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle an gníomh um chibear-dhlúthpháirtíocht. Bunaítear leis an rialachán sin cumais uile‑Aontais chun go mbeidh an Eoraip níos athléimní agus níos frithghníomhaí in aghaidh cibearbhagairtí, agus sásraí comhair á neartú ag an am céanna.
Déanfar an méid seo a leanas leis na rialacha nua:
- bunófar córas foláirimh cibearshlándála, bonneagar uile-Eorpach comhdhéanta de mhoil chibearshlándála náisiúnta agus trasteorann a bheidh freagrach as tacú le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath
- foráiltear do shásra um éigeandáil chibearshlándála a bhunú chun go mbeifear níos ullmhaithe agus chun eintitis chriticiúla agus seirbhísí bunriachtanacha, mar shampla, ospidéil agus fóntais phoiblí, a chosaint
- an dlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais, mar aon le cumais chomhbheartaithe bainistithe géarchéime agus freagartha ar fud na mBallstát
- rannchuidiú le timpeallacht dhigiteach shábháilte shlán a áirithiú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí
Tháinig an gníomh um chibear‑dhlúthpháirtíochta i bhfeidhm an 4 Feabhra 2025.
Gníomh an Aontais um chibearshlándáil
Ghlac an Chomhairle gníomh an Aontais um chibearshlándáil i mí Aibreáin 2019 agus tugadh isteach an méid seo a leanas leis:
- scéim deimhniúcháin uile-Aontais
- sainordú buan níos láidre do ghníomhaireacht an Aontais um chibearshlándáil (ENISA)
scéimeanna deimhniúcháin Eorpacha
Roimhe seo, bhain tíortha an Aontais úsáid as scéimeanna éagsúla um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide , rud a d’fhág go raibh ilroinnt sa mhargadh agus bacainní rialála ann. Leis an ngníomh um chibearshlándáil, thug an tAontas creat deimhniúcháin aonair uile-Aontais isteach lena ndírítear ar an méid seo a leanas:
- muinín a chothú
- fás an mhargaidh cibearshlándála a mhéadú
- trádáil a éascú ar fud an Aontais
Cuireann an creat tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta ar fáil.
I mí na Nollag 2024, ghlac an tAontas leasú spriocdhírithe ar an ngníomh um chibearshlándáil chun gur féidir scéimeanna deimhniúcháin de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh ‘seirbhísí slándála bainistithe’, cuir i gcás láimhseáil teagmhas, tástáil treáite, iniúchtaí slándála, agus comhairliúchán a bhaineann le tacaíocht theicniúil.
Gníomhaireacht chibearshlándála an Aontais
Oibríonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), atá bunaithe san Aithin, sa Ghréig, chun ardleibhéal cibearshlándála coiteann a bhaint amach ar fud an Aontais. Tacaíonn an ghníomhaireacht leis na Ballstáit, le hinstitiúidí an Aontais agus le páirtithe leasmhara eile feabhas a chur ar an gcibearshlándáil agus iad ag déileáil le cibirionsaithe.
Bunaíodh ENISA in 2004 agus neartaíodh í le gníomh an Aontais um chibearshlándáil, rud a thug sainordú buan, níos mó acmhainní agus ról níos leithne di.
I mí na Nollag 2024, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí ina bhfuil sraith moltaí agus tuairimí chun go mbeadh gníomhaireacht chibearshlándála níos láidre ag an Aontas.
- Pacáiste cibearshlándála: dlíthe nua glactha ag an gComhairle chun acmhainneachtaí cibearshlándála a neartú san Aontas (preaseisiúint, an 2 Nollaig 2024)
- ENISA: Conclúidí formheasta ag an gComhairle le haghaidh gníomhaireacht cibearshlándála níos láidre de chuid an Aontais (preaseisiúint, an 6 Nollaig 2024)
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um chibearshlándáil (ENISA)
An gníomh um chibear-athléimneacht
Leis an ngníomh um chibear‑athléimneachta a ghlac an Chomhairle an 10 Deireadh Fómhair 2024, bunaítear ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu atá nasctha leis an idirlíon nó le gléasanna eile. Cinntíonn sé sin go bhfuil táirgí ar nós ceamaraí baile nasctha, cuisneoirí, teilifíseáin agus bréagáin sábháilte sula gcuirtear ar an margadh iad agus ar feadh a saolré.
Cuireann an dlí feabhas freisin ar thrédhearcacht tomhaltóirí, rud a chuireann ar chumas daoine aonair teacht ar fhaisnéis faoi chibearshlándáil na dtáirgí a cheannaíonn siad agus a úsáideann siad.
An Treoir maidir le slándáil gréasáin agus faisnéise
Ba í an treoir maidir le slándáil na gcóras gréasáin agus faisnéise (NIS) an chéad phíosa reachtaíochta uile-Aontais chun cur leis an gcomhar idir na Ballstáit i dtaca leis an gcibearshlándáil. Tugadh an treoir isteach in 2016, agus leagadh síos inti oibleagáidí slándála d’oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha (in earnálacha criticiúla mar shampla fuinneamh, iompar, sláinte agus airgeadas) agus do sholáthraithe seirbhísí digiteacha (margaí ar líne, innill chuardaigh agus néalseirbhísí).
In 2022, ghlac an tAontas treoir athbhreithnithe NIS (NIS2) le cur in ionad threoir 2016. Leis na rialacha nua, cinntítear ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, mar fhreagairt ar thimpeallacht na bagartha atá ag athrú agus cuirtear san áireamh an claochlú digiteach, ar cuireadh dlús leis de bharr phaindéim COVID-19.
Treoir NIS2:
- leagtar síos rialacha íosta nua do chreat rialála
- leagtar síos sásraí le haghaidh comhar éifeachtach idir na húdaráis ábhartha i ngach tír san Aontas
- déantar liosta na n-earnálacha agus na ngníomhaíochtaí atá faoi réir oibleagáidí cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta
- láimhseáiltear teagmhais chibearshlándála (nasc chuig RGCS)
Bhí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024 ag na Ballstáit chun NIS2 a thrasuí agus a chur chun feidhme go hiomlán.
Bosca uirlisí an Aontais maidir le líonraí 5G
Tá líonraí 5G ríthábhachtach, ní hamháin don chumarsáid dhigiteach ach d’earnálacha a bhfuil géarghá leo mar shampla earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta agus na sláinte.
Is príomhshócmhainn é 5G freisin chun go mbeidh an Eoraip in ann dul san iomaíocht ar an margadh domhanda, agus tá a chibearshlándáil ríthábhachtach chun uathriail straitéiseach an Aontais a chinntiú.
I mí Eanáir 2020, tháinig an tAontas ar chomhaontú faoi bhosca uirlisí chun tacar coiteann féideartha beart a shainaithint chun na príomhrioscaí cibearshlándála a bhaineann le líonraí 5G a mhaolú agus chun treoir a chur ar fáil.
Cistiú agus taighde
Tá an tAontas ag gníomhú ar roinnt réimsí chun feabhas a chur ar an gcibear‑athléimneacht, chun cumarsáid agus sonraí a chosaint, agus chun ár sochaí agus ár ngeilleagar ar líne a dhaingniú. Áirítear leis sin, tacú le taighde agus maoiniú a mhéadú don nuálaíocht sa chibearshlándáil.
An Eoraip Dhigiteach
Faoin gClár don Eoraip Dhigiteach don tréimhse 2021-2027, gheall an tAontas go ndéanfaidh sé €1.6 billiún a infheistiú ina n-acmhainneacht cibearshlándála agus in imscaradh forleathan bonneagar agus uirlisí cibearshlándála ar fud an Aontais, do riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair.
- An Clár don Eoraip Dhigiteach ceadaithe ag an gComhairle (preaseisiúint, an 16 Márta 2021)
- An Eoraip ag infheistiú san earnáil dhigiteach: an Clár don Eoraip Dhigiteach (an Coimisiún Eorpach)
Fís Eorpach
Tá sé ríthábhachtach teacht ar réitigh nuálacha lenar féidir muid a chosaint ar na cibearbhagairtí is forbartha agus is déanaí. Ar an ábhar sin, is cuid thábhachtach í an chibearshlándáil de chreatchláir cistiúcháin taighde agus nuálaíochta an Aontais, Fís 2020, agus dá chlár comharba, Fís Eorpach. I mí na Bealtaine 2020, gheall an tAontas €49 milliún chun borradh a chur faoin nuálaíocht i gcórais chibearshlándála agus phríobháideachais.
- Fís Eorpach
- Beagnach €49 milliún deonaithe ag an Aontas chun borradh a chur faoin nuálaíocht i gcórais chibearshlándála agus phríobháideachais (preasráiteas ón gCoimisiún Eorpach, an 20 Bealtaine 2020)
Clár 2030 don deacáid dhigiteach
Braitheann an tslándáil dhigiteach ar go leor saineolaithe a bheith ann a bhfuil na scileanna cearta acu. Faoi láthair, tá ganntanas mór ann, mar sin tá infheistíocht ghníomhach á déanamh ag an Aontas i bhforbairt scileanna cibearshlándála.
Le clár 2030 don deacáid dhigiteach, éascófar infheistíochtaí i bpríomhréimsí, mar shampla, ríomhaireacht ardfheidhmíochta, bonneagar agus seirbhísí coiteanna sonraí, blocshlabhra, próiseálaithe ísealchumhachta, leathadh amach uile‑Eorpach conairí 5G, comhpháirtíochtaí ardteicneolaíochta le haghaidh scileanna digiteacha, bonneagar candamach slán, líonra de lárionaid chibearshlándála, riarachán poiblí digiteach, saoráidí tástála agus moil nuálaíochta digití.
Lárionad um inniúlachtaí cibearshlándála
I mí Aibreáin 2021, ghlac an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála i mBúcairist, sa Rómáin, le tacaíocht ó líonra na lárionad náisiúnta comhordúcháin.
Is é is aidhm don lárionad:
- cibear-athléimneacht a fheabhsú a thuilleadh
- rannchuidiú leis an teicneolaíocht chibearshlándála is déanaí a chur in úsáid
- tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil baint acu leis an gcibearshlándáil
- taighde agus nuálaíocht i ndáil leis an gcibearshlándáil a fheabhsú
- rannchuidiú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a líonadh
Féach freisin
An chibearshlándáil
An chaoi a dtéann an tAontas i ngleic leis an gcibearchoireacht
Cad iad na cibearbhagairtí is mó san Aontas?
An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Nollaig 2024