"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Sraith nua beart glactha ag an Aontas chun freagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin
I bhfianaise fogha míleata gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus i bhfianaise na staide atá ag dul in olcas, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le sraith nua beart lena bhforchuirfear iarmhairtí tromchúiseacha ar an Rúis mar thoradh ar a gníomhaíochtaí. Comhaontaíodh cinntí den sórt sin i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe an Aontais.
Ar an gcéad dul síos, ghlac an Chomhairle dhá bheart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána lena rannchuideofar le cumais agus athléimneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht na tíre a chosaint, agus chun an pobal sibhialtach a chosaint ar an bhfogha míleata atá ar siúl faoi láthair. Leis na bearta cúnaimh, ar fiú EUR 500 000 000 san iomlán iad, maoineofar soláthar trealaimh agus soláthairtí d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, agus ina mbeidh – den chéad uair riamh – trealamh marfach, san áireamh.
Tar éis iarraidh a fháil ó Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, táimid ag freagairt láithreach tríd an tSaoráid Eorpach Síochána a shlógadh le haghaidh dhá bheart cúnaimh éigeandála chun soláthar ábhar marfach agus neamh-mharfach d’arm na hÚcráine a mhaoiniú. Is é seo an chéad uair riamh a bheidh an tAontas ag cur trealamh marfach ar fáil do thríú tír. Tá ár ndícheall á dhéanamh againn chun tacú leis an Úcráin, seasaimid le muintir na hÚcráine.
Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ar an dara dul síos, ghlac an Chomhairle bearta sriantacha diana a bhaineann le heitlíocht agus le hairgeadas.
Diúltóidh Ballstáit an Aontais ceadd’aon aerárthach arna oibriú ag aeriompróirí Rúiseacha, iompróir margaíochta san áireamh, tuirlingt ar a gcríocha, éirí de thalamh óna gcríocha nó traseitilt thar a gcríocha, d’aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis, agus d’aerárthaí nach bhfuil cláraithe sa Rúis atá faoi úinéireacht nó cairtfhostaithe nó faoi rialú ar shlí eile ag duine dlítheanach nó nádúrtha Rúiseach.
Thairis sin, beidh cosc ar idirbhearta a dhéanamh le Banc Ceannais na Rúise nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir Bhanc Ceannais na Rúise.
Cáineann an tAontas Eorpach go fíorghéar an fogha míleata gan chúis gan údar atá tugtha ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin.
Éilíonn an tAontas Eorpach go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata atá ar siúl aici, go dtarraingeodh sí siar gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine ina hiomláine na fórsaí agus an trealamh míleata uile, agus go n-urramódh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh de theorainneacha na tíre sin, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta. Iarrann an Chomhairle Eorpach ar an Rúis agus ar na foirmíochtaí armtha a bhfuil tacaíocht na Rúise acu an dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú agus éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise agus na cibirionsaithe atá ar bun acu.
Ní leis an lámh láidir ná le comhéigean a athraítear teorainneacha sa 21ú haois. Is leis an idirphlé agus le taidhleoireacht, agus leo sin amháin is ceart teannas agus coinbhleacht a réiteach. Leanfaidh an tAontas den dlúthchomhar leis na comharsana agus athdhearbhaíonn sé a thacaíocht bhuanseasmhach do cheannasacht agus d'iomláine chríochach na Seoirsia agus Phoblacht na Moldóive agus a thiomanta atá sé dóibh. Leanfaidh sé de bheith ag comhordú go láidir leis na comhpháirtithe agus na comhghuaillithe atá aige, laistigh de na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh agus G7.