Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 8 Nollaig 2022 16:25

Poblacht Dhaonlathach an Chongó: Athnuachan déanta ag an Aontas ar bhearta sriantacha agus ochtar curtha le liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach sin

Chinn an Chomhairle ochtar a chur le liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC). Rinneadh na bearta sriantacha atá ann cheana a athnuachan go ceann bliana.

Ar an ochtar a liostaítear tá cúigear comhaltaí de ghrúpaí armtha éagsúla (M23, ADF, CODECO, FDLR agus Mai-Mai Yakatumba), chomh maith le comhalta d’arm an Chongó, polaiteoir ón gCongó agus fear gnó Beilgeach. Tá a bhformhór freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an gcoinbhleacht armtha a chothú i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Liostaíodh daoine eile as foréigean a ghríosú agus as leas a bhaint as an gcoinbhleacht trí dhúshaothrú nó trádáil aindleathach acmhainní nádúrtha.

San iomlán, tá 17 nduine aonair faoi réir bearta sriantacha de chuid an Aontais, bearta a rinneadh a athnuachan le déanaí go dtí an 12 Nollaig 2023 agus a bhfuil toirmeasc taistil agus reo sócmhainní i gceist leo. Anuas air sin, níl cead ag saoránaigh ná ag cuideachtaí de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.

Rinneadh an cinneadh seo i gcomhthéacs cur chuige comhtháite ón Aontas chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag údaráis Phoblacht Dhaonlathach an Chongó oirthear na tíre a chobhsú. Léiríonn sé rannpháirtíocht ghníomhach an Aontais i réigiún na Mór-Lochanna, d’fhonn rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na neamhshláine agus deiseanna a dhéanamh díobh do na tíortha sa réigiún agus dá bpobail.

Leanfaidh an Chomhairle de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid sa tír, agus féadfaidh sí bearta sriantacha breise a mheas i bhfianaise forbairtí.

Foilsíodh na gníomhartha dlí ábhartha, ina bhfuil ainmneacha na ndaoine aonair atá liostaithe, in Iris Oifigiúil an Aontais.

Cúlra

Is in 2016 a ghlac an Chomhairle smachtbhannaí aonair uathrialacha den chéad uair i bhfianaise na staide in PDC agus mar fhreagairt, go háirithe, ar sháruithe ar chearta an duine agus ar bhacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta.

An 5 Nollaig 2022, chinn an Chomhairle na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2010/788/CBES a leasú chun go bhféadfaí bearta sriantacha aonair a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chothaíonn an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshlándáil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, a thacaíonn leis an méid sin nó a thairbhíonn de, chomh maith leo siúd atá freagrach as foréigean a ghríosú, nó as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshlándáil a dhúshaothrú i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear trí dhúshaothrú agus trádáil aindleathach acmhainní nádúrtha.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024