Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 30 Eanáir 2023 10:12

Moladh glactha ag an gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach

Is é is aidhm don mholadh seo ón gComhairle an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus ardleibhéil fostaíochta a shaothrú trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim, trí ioncam íosta, rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha a chur chun cinn i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus trí lánpháirtiú na ndaoine atá in ann obair a dhéanamh sa mhargadh saothair a chothú.

Moladh maidir le bearta sábháilteachta sóisialta a threisiú

Cé go bhfuil bearta sábháilteachta sóisialta i bhfeidhm ag na Ballstáit go léir, tá an dul chun cinn míchothrom ó thaobh iad a bheith inrochtana agus leordhóthanach. Molann an Chomhairle mar sin do na Ballstáit bearta sábháilteachta sóisialta a sholáthar agus, nuair is gá, a neartú, trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim a chomhcheangal trí shochair ioncaim íosta agus sochair airgeadaíochta eile ag gabháil leo, sochair chomhchineáil, agus trí rochtain éifeachtach a thabhairt ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha. Moltar do na Ballstáit leibhéal an ioncaim íosta a shocrú trí mhodheolaíocht thrédhearcach láidir, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach, agus aird á tabhairt ar fhoinsí ioncaim foriomlána, ar riachtanais shonracha agus ar chásanna faoi mhíbhuntáiste na dteaghlach, ar ioncam duine a thuilleann pá íseal nó a thuilleann pá íosta, ar chaighdeáin mhaireachtála agus chumhachta ceannaigh, chomh maith le leibhéil praghsanna agus na forbairtí a bhaineann leo. D’fhonn comhionannas inscne, slándáil ioncaim agus neamhspleáchas eacnamaíoch ban, daoine fásta óga agus daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, molann an Chomhairle, thairis sin, go bhféadfaí a iarraidh gur do dhaoine aonair den teaghlach a sholáthrófar an t-ioncam íosta.

Moltar freisin do na Ballstáit an leibhéal leordhóthanach tacaíochta ioncaim a bhaint amach de réir a chéile faoi 2030 ar a dhéanaí, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á cosaint acu an tráth céanna. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leibhéal an ioncaim íosta, agus nuair is ábhartha, é a choigeartú chun a leordhóthanacht a choinneáil. Le linn cor chun donais sa gheilleagar, is féidir ról tábhachtach a bheith ag solúbthacht i gceapadh an ioncaim íosta maidir leis na hiarmhairtí sóisialta díobhálacha a mhaolú agus ról cobhsaíochta a imirt sa gheilleagar.

Ioncam íosta: ról lárnach chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh

Is príomheilimint i straitéisí chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh é an t-ioncam íosta. Cuidíonn sé freisin le tacú le téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach in aimsir géarchéime eacnamaíche. Ní hé amháin go bhfeabhsaíonn bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta torthaí sóisialta agus sláinte dóibh siúd is faide ón margadh saothair, ach bíonn tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha marthanacha don Aontas Eorpach mar thoradh orthu, rud a fhágann go mbíonn na sochaithe cothroime, níos comhtháite agus níos athléimní.

D'ainneoin an dul chun cinn a rinneadh le deich mbliana anuas, in 2021, d'fhan breis agus 95.4 milliún duine fós i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, agus na mná is mó atá i mbaol. Le paindéim COVID-19, leagadh béim ar na buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le líontáin sábhála shóisialta a bhíonn leordhóthanach agus spriocdhírithe, agus bhí tionchar díréireach ag bearta srianta ar mhná agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe maidir le rochtain ar chúram sláinte agus ar oideachas. Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, atá gan chúis gan údar, bhí méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus, ina dhiaidh sin, méadú ar rátaí boilscithe, ag dul i bhfeidhm a thuileadh ar theaghlaigh ísealioncaim agus ar theaghlaigh ar íseal-mheánioncam.

Cúlra

Cuireann an moladh sin le Moladh 92/441/CEE ón gComhairle maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta leordhóthanach i gcórais cosanta sóisialta, agus gabhfaidh sé a ionad. Leis an moladh freisin, comhlánaítear Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún maidir le cuimsiú gníomhach daoine a eisiatar ó mhargadh an tsaothair. Ina conclúidí an 9 Deireadh Fómhair 2020, d'iarr an Chomhairle go neartófaí an chosaint ioncaim íosta chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac le linn phaindéim COVID-19 agus ina dhiaidh sin.

Thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh moladh don Mheitheal um Cheisteanna Sóisialta an 7 Deireadh Fómhair 2022. Tar éis don mheitheal é a scrúdú, thángthas ar chomhaontú maidir leis an téacs comhréitigh faoi Uachtaránacht na Seicia. Mar thoradh ar an méid ama a bhí de dhíth le haghaidh athbhreithniú dlí agus teanga, ní rabhthas in ann é a ghlacadh go foirmiúil i mí na Nollag, tháinig Coreper agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an téacs in Coreper an 30 Samhain 2022, agus ag Comhairle EPSCO an 8 Nollaig 2022. Glacadh an moladh go foirmiúil mar ítim A ag an gComhairle an 30 Eanáir 2023.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025